Samhlaigh thú féin ag Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma

An bhfuil tú ag tabhairt faoin Ardteistiméireacht i mbliana? Nó b’fhéidir gur mhaith leat dul chun cinn a dhéanamh i do chuid oideachais ach níl tú cinnte cad ba cheart duit a dhéanamh?

Cibé mian atá agat, tá níos mó ná 1,900 cúrsa ag Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (BOOMESL) le roghnú astu. Agus spriocdháta an CAO ag teannadh linn, féach ar an réimse leathan de roghanna oideachais BOOMESL agus cuirfear ar bhealach do leasa thú!

Is féidir do Lánchumas a Fhorbairt lenár gcúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC)!

Cuireann Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Coláiste Thuaisceart Chonnacht, agus Coláiste Breisoideachais Shligigh cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) ar fáil ina gcuirtear deiseanna iontacha ar fáil do mhic léinn atá ag aistriú ó leibhéal na meánscoile go dtí an chéad chéim eile ina n-aistear oideachais. Freastalaíonn na cláir lánaimseartha seo, a mhaireann ar feadh bliana, ar ábhair éagsúla, lena n-áirítear Gnó, Spórt, Grúmaeireacht Madraí, Altranas, Scéimh, agus go leor eile!

Tá na cúrsaí seo deartha chun cothromaíocht a aimsiú idir taithí phraiticiúil, foghlaim acadúil, agus nochtadh oibre san fhíorshaol. Cuirfidh na cúrsaí seo cumasc ar leith ar fáil duit a dhéanfaidh cinnte de go bhfuil tú ullmhaithe go maith do na réimsí atá roghnaithe agat. Má tá saol na teicneolaíochta á fhiosrú agat nó má tá aghaidh á tabhairt agat ar chúram sláinte agus altranas, nó más ag tabhairt faoi chumas cruthaitheach sna healaíona atá tú, tugann na cúrsaí seo deis duit do shuimeanna féin a oibriú amach agus a fhorbairt.

Printíseachtaí

Murab ionann is gnáthchúrsaí coláiste, tugann printíseacht deis duit airgead a thuilleamh agus cáiliú fad is atá tú ag foghlaim ar an láthair oibre, rud a chuireann gairmeacha iontacha, fiúntacha ar fáil. Nascann printíseacht foghlaim sa choláiste agus foghlaim obairbhunaithe i gcuideachta. Gnóthaítear cáilíochtaí atá aitheanta ar bhonn idirnáisiúnta mar thoradh ar phrintíseachtaí. Tá níos mó ná 70 clár printíseachta ar fáil in Éirinn inniu i réimsí amhail Airgeadas, TFC, Bithchógaisíocht, Tógáil, Innealtóireacht, Fáilteachas agus Crannadóireacht.

Soláthraíonn BOOMESL dhá phrintíseacht idirnáisiúnta - an Phrintíseacht um Dhíolacháin agus Printíseachtaí Búistéireachta Ceardaíochta. Chomh maith leis sin, agus faoi réir bailíochtú, beidh an Phrintíseacht um Margaíocht Dhigiteach nua agus an Phrintíseacht um Theicneolaíochtaí Tumthacha ar siúl ó lár 2024. Soláthraíonn BOOMESL printíseachtaí i nGruagaireacht, Cibearshlándáil, Forbairt Bogearraí, Leictreachas, Commis Chef, Pluiméireacht, Cearpantóireacht agus Siúinéireacht, Deisiúchán Creatlacha Feithicle, Innealtóireacht Líonra agus Ionstraimíocht Leictreonach.

Is bealach iontach iad printíseachtaí chun tosú ag obair le scileanna láidre, rud a fhágann go bhfuil tú “réidh le hobair” agus ag cur leis an ngeilleagar ag an am céanna. Le haghaidh níos mó eolais nó fiosruithe téigh i dteagmháil lenár bhfoireann ar ríomhphost ag apprenticeships@msletb.ie nó tabhair cuairt ar www.apprenticeships.ie.

Seirbhís Treorach Oideachais d’Aosaigh BOOMESL

An bhfuil tú in amhras maidir le do roghanna oideachais? Tá Seirbhís Treorach Oideachais d’Aosaigh BOOMESL anseo chun tacaíocht a thabhairt duit. Tá ár bhfoireann Treoirchomhairleoirí d’Aosaigh cairdiúil agus rúnda agus tá siad réidh chun comhairle phearsanta a thabhairt duit. Cé acu ag smaoineamh ar roghanna oideachais nó ag fiosrú gairmeacha nua atá tú, nó má tá treoir ag teastáil uait maidir le cinntí tábhachtacha, tabharfaimid lántacaíocht duit. Eagraigh cruinniú i suíomh príobháideach lenár dtreoirchomhairleoirí a bhfuil taithí acu chun an tacaíocht atá uait a fháil.

Tóg an chéad chéim i dtreo aistir oideachais níos dearfaí—téigh i dteagmháil linn don treoir atá tuillte agat. Tabhair cuairt ar www.msletbadultguidance.ie chun an fhoireann is cóngaraí duit a aimsiú!

Téigh i dteagmháil linn ag www.msletb.ie nó cuir saorghlaoch ar 1800 100 100!
Samhlaigh thú féin ag BOOMESL.