1. Madame Lazare
Tadhg Mac Dhonnagáin
Barzaz 2021
Alex Hijmans
Cén fáth a bhfuil oiread dúile ag léitheoirí na Gaeilge in Madame Lazare?
Cuid den chúis, gan dabht, ná gur saothar é an chéad úrscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin a choinníonn greim ar an léitheoir ón gcéad abairt:
Is cuma cén rith nó siúl a dhéanfas Muraed, ní fhágfaidh sí an oíche anocht ina diaidh go brách. Teithfidh sí agus teithfidh sí, ach éalú ar bith ní bheidh aici.
Ar an bpointe boise, tá an léitheoir i gcroílár an aicsin. An bhliain 1944 atá ann agus tá Muraed, bean óg as Árainn, ag rámhaíocht ar Chuan na Gaillimhe i lár na hoíche, i gcuideachta fhir anaithnid – dhá cholainn ag gluaiseacht mar a bheadh colainn amháin ann. Tá corp sa churach, leis: deartháir Mhuraed, Páraic.
Aicsean, mistéir, cá bhfios, murdar … agus é sin ar fad i gcroílár na Gaeltachta! Cén léitheoir Gaeilge nach mbeadh meallta ag a leithéid de thús?
Ach an chéad rud eile, tógann an t-úrscéal léim breis agus 70 bliain ar aghaidh san am agus táimid sa Bhruiséil, áit a gcastar orainn Levana, bean óg Ghiúdach as Páras, múinteoir bunscoile, agus í ag iarraidh buachaill óg darb ainm Jaleel a shuaimhniú. Céard sa … ?
Ní mhillfidh mé Madame Lazare ar léitheoirí Gaeilge nach bhfuil an leabhar léite acu go fóill – caithfidh sé go bhfuil dornán fágtha.
Gan aon agó, úrscéal é Madame Lazare a chuireann iachall ar an léitheoir coinneáil air ag tiontú na leathanach. Ach ba é an chéad rud a rith liom nuair a iarradh orm buille faoi thuairim a thabhairt faoin bhfáth gurb é Madame Lazare, thar aon leabhar Gaeilge eile a foilsíodh ón 2000 i leith, a chríochnaigh ag barr an liosta seo ag Comhar, ná seo: ní hamháin gur úrscéal Éireannach agus Gaelach atá sa leabhar, ach úrscéal Eorpach. An Bhruiséil, Páras, Londain, an Eastóin: níl teorainn le camchuairt phlota an scéil seo.
(Rith sé liom gur lonnaigh Mac Dhonnagáin an chuid is mó den scéal in Árainn, ceann de na háiteanna sa Ghaeltacht is aitheanta sa tír agus áit a mbeadh cur amach agus cion ag mórchuid léitheoirí Gaeilge uirthi, agus san áit is mó lasmuigh d’Éirinn ina bhfaighfeá léitheoirí Gaeilge, An Bhruiséil – cinntí, dar liom, a léiríonn an-tuiscint ar mhargadh litríochta na Gaeilge. (Gan dabht, foilsitheoir chomh maith le húdar é Mac Dhonnagáin.)
Mar a tharlaíonn, tá Madame Lazare ar cheann de shlám úrscéalta Gaeilge a foilsíodh le blianta beaga anuas a bhfuil cuid mhór den scéal lonnaithe san Eoraip: Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin, Tairngreacht le Proinseas Mac a’ Bhaird, An Colm Bán le Liam Ó Muirthile, Fontenoy le Liam Mac Cóil, An Cléireach agus Bódléar le Darach Ó Scolaí, Béal na Péiste le Fiontán de Brún, Gluaiseacht le Alan Titley agus Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh, gan ach cuid acu a lua.
Más ceadmhach dom síocanailís go hiomlán neamheolaíoch a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge ar an iomlán sa chéad cheathrú den 21ú hAois, ritheann sé liom gur cosúil gurb áil, más go fochoinsiasach féin é, le scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge litríocht na Gaeilge a aslonnú i gcomhthéacs Eorpach, agus a léiriú nach oileán í atá scartha ó litríocht na hEorpa ag farraige Bhéarla agus na scórtha bliain de chúisiúlacht agus cinsireacht stáit agus eaglasta; agus ritheann sé liom go dtaitníonn an cineál sin leabhar go mór le léitheoirí na Gaeilge toisc go santaíonn siad féin an ceangal sin.
Ní haon iontas, mar sin, gur bhain cuid mhaith de na leabhair Ghaeilge ‘Eorpacha’ sin a luaigh mé thuas an liosta seo amach. Ach cén fáth gurb é Madame Lazare seachas ceann ar bith eile acu a chríochnaigh ag an mbarr? Seo mo bhuille faoi thuairim féin:
- Ní hionann agus cuid de na leabhair thuasluaite, ní litríocht throm atá in Madame Lazare. Ní haon tuairim é sin faoi chaighdeán na scríbhneoireachta nó faoi céard is cóir don litríocht a chíoradh, ach úrscéal soléite é Madame Lazare a thabharfá leat ar saoire agus a léifeá in aice leis an Meánmhuir, ach nach meabhródh duit, mar shampla, na coirp a bhíonn ar foluain ar an Meánmhuir chéanna.
- Tá stairiúil agus stairiúil ann. Ní hionann agus cuid de na húrscéalta thuas, níl an oiread sin ama caite ó tharla na heachtraí lena mbaineann Madame Lazare, agus go deimhin téann an scéal siar is aniar idir eachtraí stairiúla agus eachtraí a tharla le fíorghairid.
- Mná iad na príomhcharachtair in Madame Lazare agus, de réir na staitisticí, mná is mó a léann úrscéalta; sárchinneadh margaíochta eile.
- Ní féidir neamhaird a dhéanamh de ghné na poiblíochta. Tá scríbhneoirí ann a sheachnaíonn an phoiblíocht agus tá scríbhneoirí ann ar máistrí iad ar an gcuid sin den cheird. Deirimis go bhfuil Tadhg Mac Dhonnagáin sa dara catagóir sin. Bhí an t-uafás cainte faoi Madame Lazare i ndiaidh don leabhar a theacht amach agus ar ndóigh ba mhór an cuidiú don phoiblíocht na gradaim éagsúla a bronnadh ar an saothar – Aitheantas Speisialta ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh ina measc.
Le scéal fada a dhéanamh gairid, ar feadh roinnt mhaith blianta i ndiaidh a fhoilsithe, leabhar a bhí in Madame Lazare a chaithfí a léamh.
Scéal láidir, stíl sholéite, suíomhanna mealltacha: cuireann Madame Lazare tic sna boscaí sin ar fad. Ach dar liom go gcuireann chéad úrscéal Thaidhg Mhic Dhonnagáin tic i mbosca amháin sa bhreis.
Tá Madame Lazare ar cheann d’fhíorbheagán leabhar ficsin Ghaeilge a théann i ngleic leis an ngalar is coitianta sa lá atá inniu ann: an néaltrú. Is féidir go leor a rá faoi shaothar chomh hilghnéitheach le Madame Lazare, ach domsa go pearsanta is tour de force an sliocht i dtreo dheireadh an úrscéil ina dtumann Mac Dhonnagáin an léitheoir in aigne scriosta Madame Lazare. Níl ach sé leathanach sa mhír céanna agus bheadh aon cheo breise iomarcach, ach dá n-iarrfaí orm radharc as Madame Lazare a roghnú le cur i ndíolaim éigin amach anseo, sin é an sliocht a roghnóinn.