20. Tairngreacht
Proinsias Mac a’ Bhaird
LeabhairCOMHAR 2018
Maitiú Ó Coimín
Tá an leasainm ‘Dan Brown na Gaeilge’ cloiste agam á thabhairt cúpla uair ar Phroinsias Mac a’ Bhaird ach is dóigh liom gur masla don údar as Tír Chonaill an leasainm céanna. Is mó i bhfad an taitneamh a bhaineann mé as saothar fhear Árainn Mhór ná scéalta Robert Langdon.
D’éirigh le Mac an Bhaird gnéithe den úrscéal scéinséir, den úrscéal coiriúlachta, agus den leabhar aicsin a shníomh isteach is scéal atá fréamhaithe go láidir i seanchas agus i mbéaloideas a áite dúchais féin.
Insítear an scéal i dtrí thír agus in dhá mhílaois ach ainneoin an scála uaillmhianaigh seo, ní chailleann Mac a’ Bhaird muid san inseacht. Ní leasc leis an údar am a chaitheamh a chruthú an domhain ina dtarlaíonn an scéal agus is ar leas na léitheoirí é sin ó is casta an líonra caidreamh agus cairdis atá fite aige.
Ainneoin na castachta sin, éiríonn le Mac a’ Bhaird na snáithe uilig a shníomh le chéile go slachtmhar snasta faoi dheireadh an leabhair.
Bhris Mac a’ Bhaird múnla an leabhair coiriúlachta Gaeilge leis an leabhar seo agus an scéalaíocht tarraingthe amach aige as Éirinn ghruama na 2000idí agus í caite isteach sa domhan mór idirnáisiúnta. Cé go mb’fhéidir go raibh cosúlachtaí go leor ag Tairngreacht le leabhair a scríobhadh roimhe i mBéarla ba é an chéad leabhar Gaeilge a phléigh na téamaí seo i bhfoirm úrscéil.
Ach an oiread le An Litir le Liam Mac Cóil, tá taighde cuimsitheach déanta ag Mac a’ Bhaird ar phearsanra, áiteanna agus stair a úrscéil agus anuas ar an dúspéis is léir a bheith aige sa seanchas, tagann chuile shórt le chéile anseo i scéinséir a fhágann an léitheoir ar chorr a shuíocháin a chruthú.