25. Rocky Ros Muc

25. Rocky Ros Muc

Rónán Mac Con Iomaire

Cló Iar-Chonnacht 2013

Ógie Ó Céilleachair

Dé chúis gur chuir mé Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire ar mo liosta?

Tá na gnáthchúiseanna ann. Bhí sé ar an leabhar ba mhó díol nuair a foilsíodh é sa bhliain 2013 agus, ina fhochair san, bhuaigh sé duais Oireachtais sa bhliain 2013.

Domsa go pearsanta, áfach, cé gur scríbhneoir ficsin mé den gcuid is mó, is maith liom leabhair neamhfhicsin a léamh, leabhair spóirt ach go háirithe. Chomh maith leis sin thosnaigh mé ar ranganna dornálaíochta sa bhliain 2013 agus bhí troid charthanachta agam in 2014. Ní dada é sin i gcomparáid le lúthchleasaithe d’ardchaighdeán agus proifisiúnta ach mhúscail sé mo shuim sa spórt.

Thaitin an léargas a thug an leabhar ar Sheán Ó Mainín é féin liom. Cuireadh fear umhal ós ár gcomhair. Rud amháin a chruthaíonn san ná gur cheap sé go raibh cumas ní b’fhearr ag a dheartháir, Colm, ná é. Cé gur fear umhal a bhí ann is féidir an mhuinín a fheiscint leis agus é sa bhfáinne. Muinín a bhí tugtha dó ag leithéidí Mike Flaherty, an chéad traenálaí a bhí aige – é ag múineadh na scileanna bunúsacha dó.

Tá scéal na himirce fite fuaite sa leabhar ar ndóigh agus an dlúthbhaint atá ag muintir Chonamara le Bostún go tréan ann. Mar is eol dúinn bíonn saol an deoraí deacair ach níos deacra fós nuair a léitear fé Connolly’s Gym in South Boston. Thug mé cuairt ar cheantar Dorchester i mBostún blianta ó shin agus d’aithin mé roinnt de na háiteanna atá luaite sa leabhar.

Leabhar é seo a dhein athbheochan ar laoch spóirt Éireannach, agus Gael, a bhí nach mór dearmadta againn

Ar ndóigh tá léargas lom ar na carachtair ón mob a bhí ag tabhairt cuairte ar Connolly’s Gym. Mangairí drugaí agus daoine bainteach le Whitey Bulger, rud a thugann radharc dúinn isteach san uisce faoi thalamh a bhíonn ar siúl i ndomhan na dornálaíochta proifisiúnta ó am go ham. Ní raibh fhios ag cuid mhór den tír é ag an am ach chuirfí an radharc san i lár an aonaigh dúinne in Éirinn trí bliana nó mar sin tar éis gur foilsíodh an leabhar.

Tugtar an scéal dúinn fé dhul chun cinn Uí Mhainín i saol an spóirt ghairmiúil trí na troideanna go léir a bhí aige go dtí an troid chinniúnach san in aghaidh Mike McCallum ar an 19 Deireadh Fómhair 1984.

Dá mba rud é gur éirigh le Seán Ó Mainín sa troid sin an leanfadh sé ar aghaidh mar a dhein McCallum ina dhiaidh? Níl fhios againn ach, mar a tháinig dorchadas ar Madison Square Garden (conspóideach ar ndóigh) tháinig dorchadas ar shaol Uí Mhainín ina dhiaidh. Ní cheileann Mac Con Iomaire an fhírinne shearbh sa phíosa seo den leabhar. Leagann sé amach an t-aistear go barr ach an t-aistear go bun leis, fadhbanna leis an deoch go háirithe.

Leabhar é seo a dhein athbheochan ar laoch spóirt Éireannach, agus Gael, a bhí nach mór dearmadta againn. Fear a throid do chraobh dhomhanda i Madison Square Garden. Fear a bhí fréamhaithe ina áit dhúchais agus a dhiúltaigh maoiniú ó chomhlachtaí chun ainm an chomhlachta a chur ar a bhrístí troda in ionad ‘Ros Muc’. Fear nár leagadh chun talún riamh é sa seacht troid is caoga proifisiúnta a bhí aige le linn a gairme.

An scéal iontach sin a thabhairt chun cuimhne an bua is mó atá ag an leabhar seo.