9. Gluaiseacht
Alan Titley
Cois Life 2008
Bridget Bhreathnach
Tugann an litríocht is fearr deis dúinn seal a chaitheamh i saol eile agus an domhan a fheiceáil trí shúile nua. Tá obair an úrscéalaí déanta go paiteanta ag Alan Titley le Gluaiseacht agus insint dhaonna, thuisceanach tugtha aige ar scéal na himirce trí shúile teifigh.
Ón gcéad abairt, beireann an scéal greim ort is tarraingíonn sé isteach thú: ‘Cén fáth? Cén fáth, a deir tú liom?’
Scéal corraitheach é faoi bhuachaill óg a éalaíonn ón gcogaíocht ina bhaile dúchais san Afraic agus a dhéanann a bhealach go dtí an Eoraip. Tumtar i ndomhan an bhuachalla muid agus é ar a theitheadh.
Trí phrós gonta fileata, cuireann Titley an scéal i láthair sa chéad phearsa, mar a bheadh an scéalaí ag freagairt duine a chuir an cheist: ‘Cén fáth ar tháinig tú anseo?’
Castar orainn é agus é i dtír Eorpach nach n-ainmnítear, ach thosaigh a aistear an lá ar tháinig sé abhaile ón tobar is nach raibh duine ná deoraí ann roimhe: ‘Bhí an baile go léir folamh. Cheapfá gur tháinig gaoth éigin agus gur scuab sí gach duine chun siúil.’
Tá mearbhall air is cneá ina chroí ag an aiféala agus é ag aireachtáil ciontach mar gur mhair sé féin nuair nár mhair daoine eile: ‘Ba cheart dom gol a dhéanamh ansin. Ba cheart dom gol a dhéanamh ansin, ach ní dhearna. Mura bhféadfainn gol a dhéanamh ansin, b’fhéidir nach ndéanfainn gol arís go deo.’
Níl aon rogha aige ach an baile a fhágáil ina dhiaidh agus aghaidh a thabhairt ar an mbóthar. Castar daoine maithe agus drochdhaoine air ar an mbóthar, ach tá gach duine acu ag stracadh leis an saol ar a chuma féin.
‘Baineann tusa linn agus ní bhaineann tú linn,’ a deir fear amháin leis. ‘Is í an Eoraip an t-aon dóchas atá agaibh feasta.’ Ach más ea, ní aon flaitheas Dé í an Eoraip dhó ach an oiread.
D’fhoilsigh Cois Life an leabhar sa mbliain 2008, agus má bhí sé tráthúil an uair sin, tá sé níos tráthúla fós anois agus ceist na himirce ag dul i neart ar fud na hEorpa.