Clú is Ainm
                                                                            I dtosach samhraidh aithním é –
ar a dtugaimse Eoin Baiste na nGael –
rugadh mise cothrom an lae
ar teilgeadh an fear sin as an saol.
Séamas Ó Conghaile a ainm siúd –
nár lige Dia a chuimhne i léig!
Ba mhaith, rímhaith é a bhású –
ba rómhór dochar a shoiscéil.
Cér dhó an dochar? Ceist bhaoth í sin!
Tá an freagra i bhfolach sa Scéim Mhóir.
Meabhraigh coraí ró-crua an tsaoil seo!
Dochar go sochar, is é an chóir.
In Ospidéal Uí Chonghaile –
foras, foireann, fuinneamh, foghlaim, gairm;
dealbhán an fhir chóir i gclós beag
in ómós dó. Maireann clú is ainm.
                                                                            
                                                                    
                                        
                                    
                                                                Art Ó Maolfabhail
                                                                    
                
            
        
        
        
                
        
    
ar a dtugaimse Eoin Baiste na nGael –
rugadh mise cothrom an lae
ar teilgeadh an fear sin as an saol.
Séamas Ó Conghaile a ainm siúd –
nár lige Dia a chuimhne i léig!
Ba mhaith, rímhaith é a bhású –
ba rómhór dochar a shoiscéil.
Cér dhó an dochar? Ceist bhaoth í sin!
Tá an freagra i bhfolach sa Scéim Mhóir.
Meabhraigh coraí ró-crua an tsaoil seo!
Dochar go sochar, is é an chóir.
In Ospidéal Uí Chonghaile –
foras, foireann, fuinneamh, foghlaim, gairm;
dealbhán an fhir chóir i gclós beag
in ómós dó. Maireann clú is ainm.