Ag scoilteadh na bhfocal
Michael Cronin
Níl ainm an ghrúpa ná teideal an scannáin aistrithe go Gaeilge. Ach, dála an scannáin féin, ní bheadh an grúpa Kneecap ann in éagmais an aistriúcháin. Agus é á cheistiú ag na póilíní, diúltaíonn Mo Chara (Liam Óg Ó Hannaidh) Béarla a labhairt. Ní róshásta atá an bleachtaire agus ardaíonn sé láithreach ceist an aistriúcháin, Do I look like I want to read subtitles? In ainneoin bhagairtí an phéas leanann Mo Chara ar aghaidh lena éileamh teanga agus cuirtear fear teanga ar fáil dó. Nuair a thagann DJ Próvaí (JJ Ó Dochartaigh) isteach sa scéal mar ateangaire baineann an bheirt Ghaeilgeoirí tairbhe as spás an aistriúcháin chun comhthuiscint faoi leith a phromhadh. As tearmann idirghabhálach an aistrithe fásann an cairdeas idir an triúr ceoltóirí. Ach is é diúltú don fhéin-aistriú an nasc bunúsach a chothaíonn a ndílseacht don Ghaeilge. Mar a deir DJ Próvaí faoi Mo Chara i mbeairic na bpóilíni, ‘He’s here asserting his right to speak Irish’. Ní ceist neodrach í ceist an aistriúcháin. Bíonn sí fite fuaite i gcónaí le stádas teangacha agus le fíricí na cumhachta. Ní mór do chainteoir mionteanga ar bith a mhachnamh féin a dhéanamh maidir le féidireachtaí agus le gaistí an tiontaithe.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús