AISTRIÚCHÁIN ar SHOINÉAD 25 William Shakespeare (1564 – 1616)

Aistrithe ag Sorcha de Brún

Soinéad 25

‘Let those who are in favour with their stars’

Dóibh siúd atá faoi rath a gcuid réaltaí

Bíodh meas an tslua’ ar mhaímh is dhintiúirí,

Ach mé, is tuar éachtaí faoi ghlas orm riamh,

Is mó mo lúth sa ní is dlúithe croí.

Peataí an Rí ‘spréann duilleoga áille

Mar bhile buí roimh shúilín na gréine,

I gcré an chroí ‘tá a mórtas curtha,

Le strainc go grod, éagann bród sa ghlóire.

An laoch cróg’ a thuill a cháil le pianta,

Théis míle bua ar naimhde ‘tá bainte

Den Leabhar Onóra, é glan ó chuimhne.

Is dearmad ar ar chaith sé ‘lán dua:

Ach sásta mé a thaithíonn an fíorghrá,

Ní fhéadaim siúl, ná bheith curtha ar fán.