Os Coinne an dlí Franz Kafka

Niall Ó Siadhail

Aistriúchán le Niall Ó Siadhail ar ‘Vor dem Gesetz’

Os coinne an dlí tá doirseoir. Tagann fear tuaithe a fhad leis an doirseoir seo agus iarrann cead isteach chun an dlí. Ach deir an doirseoir nach dtig leis cead isteach a thabhairt dó san am i láthair. Déanann an fear a mhachnamh agus ansin fiafraíonn de an ligfear isteach é níos moille. ‘B’fhéidir é,’ arsa an doirseoir, ‘ach ní anois.’ Ós rud é go bhfuil an doras chun an dlí ar oscailt i gcónaí agus go mbogann an doirseoir as an bhealach, cromann an fear síos le hamharc isteach tríd an doras ar an taobh istigh. Nuair a fheiceann an doirseoir é seo, déanann sé gáire agus deir: ‘Má tá cathú ort, déan iarracht dul isteach in ainneoin mo choisc. Ach glac uaimse é: tá mise cumhachtach. Agus níl ionamsa ach an doirseoir is ísle. Ó halla go halla, tá doirseoir ann, agus gach duine acu níos cumhachtaí ná an duine roimhe. Tá eagla ormsa roimh an tríú doirseoir, fiú.’ Níl an fear tuaithe ag súil leis na deacrachtaí seo; ba chóir go mbeadh an dlí ar fáil do chách i gcónaí, measann sé, ach anois agus é ag amharc go grinn ar an doirseoir ina chóta fionnaidh, srón mhór bhiorach agus féasóg fhada thanaí na dTatarach air, cinneann sé gurbh fhearr fanacht go dtabharfar cead isteach dó. Tugann an doirseoir stól dó agus ligeann dó suí síos ar thaobh amháin den doras. Fanann sé laethanta agus blianta ina shuí ansin. Is iomaí iarracht a dhéanann sé cead isteach a fháil agus cuireann sé tuirse ar an doirseoir lena chuid iarratas. Déanann an doirseoir é a cheistiú go minic, faoina áit dúchais agus faoi go leor rudaí eile, ach ceisteanna gan tábhacht is ea iad siúd, dá leithéid a chuireann daoine mór le rá, ach ar deireadh deir sé leis i gcónaí nach dtig leis é a ligean isteach go fóill. Tá an fear dea-fheistithe le neart rudaí dá thuras agus déanann iarracht gach rud, is cuma cé chomh luachmhar is atá sé, a thabhairt don doirseoir mar bhreab. Glacann seisean le gach rud, ach deir: ‘Tá mé ag glacadh leis seo le nach mbeidh tú ag smaointiú gur fhág tú rud éigin ar lár.’ I gcaitheamh blianta fada, coinníonn an fear súil ghéar ar an doirseoir go leanúnach. Déanann sé dearmad ar na doirseoirí eile agus feictear dó gurb é an chéad doirseoir seo an t-aon chonstaic i mbealach cead isteach chun an dlí. Cáineann sé an mí-ádh seo gan smaointiú gan srian sna blianta luatha ach níos moille, agus é ag dul in aois, ní bhíonn sé ach ag monabhar leis féin faoi. Éiríonn sé páistiúil, agus, ós rud é go n-aithníonn sé na míolta i gcába fionnaidh an doirseora i ndiaidh blianta dó a bheith ag amharc air, iarrann sé ar na míolta, fiú, cuidiú leis chun intinn an doirseora a athrú. Faoi dheireadh, agus é ag cailleadh radharc na súl, níl a fhios aige an bhfuil sé ag éirí dorcha timpeall air le fírinne nó an bhfuil speabhraídí air. Ach anois sa dorchadas mothaíonn sé loinnir a phléascann amach go domhúchta ó dhoras an dlí. Is gearr uaidh an bás anois. Sula bhfaigheann sé bás, tagann na cuimhní den am ar fad le chéile ina cheann mar cheist nach bhfuil curtha aige ar an doirseoir go fóill. Croitheann sé lámh air, mar tá a chorp ag éirí stromptha agus ní thig leis é a dhíriú. Toisc go bhfuil difear mór eatarthu ó thaobh airde de, faraor don fhear, tá ar an doirseoir cromadh síos chuige. ‘Cén t-eolas atá de dhíth ort anois?’ arsa an doirseoir, ‘Ní féidir tú a shásamh.’ ‘Tá gach duine ag dréim leis an dlí,’ arsa an fear, ‘mar sin, cad chuige, le blianta fada anuas, nár iarr duine ar bith eile cead isteach ach mise?’ Tuigeann an doirseoir go bhfuil an fear ar an dé deiridh, agus, mar go bhfuil cluasa an fhir ag éirí bodhar, béiceann sé air: ‘Ní thiocfadh le duine ar bith eile cead isteach a fháil anseo, mar is duitse amháin an tslí isteach seo. Rachaidh mé anois chun í a dhruidim.’

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Niall Ó Siadhail

Scríbhneoir agus aistritheoir é Niall Ó Siadhail