Túr Bháibil

Féachann Pádraic Moran ar an ilteangachas agus ar an aistriúchán ag tús an traidisiúin scríbhneoireachta in Éirinn

Tagann tús na scríbhneoireachta in Éirinn chun solais as comhthéacs ilteangach. Faightear an fhianaise is sine againn den Ghaeilge ar ghalláin ársa inscríofa le téacsanna oghaim, script dhúchasach déanta de línte claonta curtha in aicmí. Maireann thart ar 400 inscríbhinn oghaim inniu, agus iad ar fáil go forleathan in iardheisceart na hÉireann, ag dul siar go dtí thart ar an gceathrú nó cúigiú haois AD. Taifeadtar iontu, beagnach go heisiach, ainmneacha daoine agus pobail, ach ós rud é nach bhfuil mórán eile ar eolas againn faoin tréimhse seo, tá go leor fúthu fós rúnda. Táthar den tuairim go raibh an t-ogham bunaithe ar aibítir na Laidine, b’fhéidir. Ach is cosúil gur tháinig coincheap na litearthachta féin, agus go háirithe an litearthacht phoiblí, ó theagmháil leis an domhan Rómhánach. Bhí an scríbhneoireacht uileláithreach i sochaí na Róimhe, go háirithe i bhfoirm cuimhneacháin phoiblí i gcloch. (Maireann ar a laghad 180,000 inscríbhinn ársa Laidine sa lá atá inniu ann, a bhfuil timpeall 3,000 acu ón mBreatain Rómhánach.) Go deimhin, tá thart ar 40 de na clocha oghaim suite sa Bhreatain Bheag inniu, agus léiríonn siad go raibh pobail Ghaeilge ansin thart ar dheireadh na tréimhse Rómhánaí. Dátheangach atá an chuid is mó díobh siúd, le haistriúcháin Laidineacha ar fáil i dteannta leis an nGaeilge, dírithe ar an bpobal áitiúil is dóigh.

In éineacht le teacht na Críostaíochta go hÉirinn, thart ar an gcúigiú haois, tháinig na chéad leabhair freisin. Ba reiligiún liteartha í an Chríostaíocht, le scrioptúir naofa, téacsanna liotúirgeacha de phaidreacha agus sacraimintí, agus faoin am sin bhí saothar ollmhór scoláireachta ar fáil cheana féin, idir dhiagacht, fealsúnacht agus stair. In iarthar na hEorpa, i rith na chéad mhílaoise agus tamall fada ina dhiaidh, ba í an Laidin amháin teanga na leabhar. Teanga sheasta bhuan ab ea í a bhí rialaithe ag seanghramadóirí, teanga choiteann d’eaglais choiteann. I gcodarsnacht, ba theangacha labhartha iad teangacha áitiúla in gach uile áit, agus iad neamhscríofa, neamhfhoirmiúil agus neamhrialaithe. Ina ainneoin sin, áfach, feicimid an Ghaeilge ag teacht chun cinn sna lámhscríbhinní is ársa agus í taobh leis an Laidin.

Ón tús ar aghaidh, bhí lámhscríbhinní Laidine in Éirinn anótáilte le gluaiseanna: nótaí gearra mínithe scríofa idir na línte nó sna himill. Ar dtús, is cosúil go raibh siad seo sách sealadach. Ar cheann de na lámhscríbhinní Éireannacha is sine atá againn, ar a dtugtar Usserianus Primus, ó thús an tseachtú haois, tá gluaiseanna Laidine scríofa le turbhior (stíleas gan dúch), le cúpla focal Gaeilge san áireamh. Feictear nach raibh an scríbhneoir ag iarraidh míchuma a chur ar na Soiscéil naofa. Ach faoin ochtú agus an naoú haois, tá lámhscríbhinní againn ina bhfuil méideanna ollmhóra gluaiseanna scríofa i ndúch. Tá tuairim is 10,000 gluais an ceann sna lámhscríbhinní Éireannacha de litreacha Naomh Pól, de na Sailm, agus de ghramadach Laidine le Priscian caomhnaithe inniu in Würzburg na Gearmáine, i Milano agus in Sankt Gallen na hEilvéise. An rud atá suntasach, sa chomhthéacs Eorpach níos leithne, ná go raibh cuid mhór de na gluaiseanna seo scríofa i nGaeilge faoin am seo. (Seo an tréimhse ar a dtugtar an tSean-Ghaeilge, c. 600–900 AD, agus athchruthaíodh a cuid gramadaí ó na lámhscríbhinní seo den chuid is mó.)

Léiríonn na gluaiseanna Sean-Ghaeilge leibhéal scoláireachta nach beag, agus iad ag dul i ngleic go domhain le deacrachtaí na dtéacsanna Laidine, idir theanga agus chiall, agus ag déanamh tagairt go minic d’údaráis Laidine eile. Is minic a bhíonn códmhalartú teanga le feiceáil, agus go leor gluaiseanna ag athrú anonn is anall ó Ghaeilge go Laidin fiú laistigh den abairt chéanna. Chun sampla amháin a thabhairt, pléann Priscian cén fáth a scríobhann an file Veirgil an t-ainm ‘Phaethontiadas’ in áit ‘Phaethontidas’, agus tuairimíonn gluais amháin a leanas: .i. issí poetica licentia and tormach inna á tantum ní·fil imchloud cenéiuil na diill and ut erratici putant .i. Mael- Cua- ‘Is ceadúnas an fhile [poetica licentia] é seo, an t-‘a’ amháin [tantum] a chur leis, agus níl aon athrú inscne ná díochlaonta anseo, mar a cheapann iadsan atá contráilte [ut erratici putant] Mael… agus Cua…’. Gan trácht ar an mbreithiúnas a thugann sé ar scoláireacht a chomhghleacaithe (giorraíonn sé a n-ainmneacha go cúramach), léiríonn an úsáid a bhaineann an t-údar as na nathanna Laidine poetica licentia, tantum, agus ut erratici putant a chuid oilteachta, mar aon lena mháistreacht ar dhá theanga agus dhá thraidisiún.

Rinne scoláirí Éireannacha sa luath-thréimhse seo iarracht a gcuid léann teangeolaíochta a leathnú i dtreonna eile chomh maith. Bhí spéis ar leith acu sa Ghréigis, teanga an Tiomna Nua agus litríocht Chlasaiceach ó Hóiméar go hArastatal. Faraor, ba bheag na hacmhainní a bhí ar fáil san Iarthar Laidineach chun Gréigis a fhoghlaim ag an am seo. Mar sin féin, bhain siad amach gach giota a d’fhéadfaí as na foinsí a bhí ar fáil, agus dhéanaidís tagairtí don Ghréigis go rialta ina gcuid scríbhinní féin. Rinne siad iarracht an rud céanna a dhéanamh leis an Eabhrais, cé go raibh an dúshlán i bhfad níos mó anseo. Mar sin féin, feictear anois gur tréith ar leith de thraidisiún intleachtúil na Gaeilge tagairt do na tres linguae sacrae (trí theanga naofa, Laidin, Gréigis agus Eabhrais).

Ba rud an-annamh é sa tréimhse luath seo teanga áitiúil mar an Ghaeilge a úsáid mar theanga scolártha. Léiríonn roinnt téacsanna luatha go raibh na scoláirí céanna ag déanamh machnaimh ar stádas a dteanga dhúchais féin. Is é De origine scoticae linguae (DOSL) an t-ainm ar thráchtas léannta le húdar anaithnid, a théann siar b’fhéidir chomh luath leis an seachtú haois, agus a phléann bunús na Gaeilge. (San am seo, rinne an focal Laidine scoti tagairt do Ghaeil i gcoitinne.) Scrúdaíonn DOSL bunús beagnach 1,000 focal Gaeilge, a dtagann an chuid is mó ón Laidin, ón nGréigis agus ón Eabhrais, chomh maith le roinnt bheag ón mBreatnais, ón Ioruais agus ón mBéarla. An rud is suntasaí ná go léiríonn an téacs nuálach seo machnamh den chéad uair ar struchtúir inmheánacha na Gaeilge féin agus a gaol le teangacha eile an domhain, an tionscadal seo ar fad spreagtha ag traidisiún teangeolaíochta na Laidine.

Is féidir an dearcadh céanna a aimsiú i dtéacs eile, b’fhéidir comhaimseartha, dar teideal Uraiceacht na nÉigeas (buntéacs do scoláirí). Agus DOSL ag fiosrú foclóra na Gaeilge, cuireann an Uraiceacht i gcomparáid lena chéile gramadach na Gaeilge agus na Laidine. Cé go bhfuil sé seo teoranta go leor, léiríonn sí dearcadh idirnáisiúnta agus comparáideach den chineál chéanna. Is é an rud is iontaí, áfach, ná an chaoi a shamhlaítear an Ghaeilge i gcruth scéil mhiotasaigh sa réamhrá. Déanann sé seo tagairt don scéal Bhíobla faoi Thúr Bháibil (Geineasas 11), scéal a thugann míniú ar éagsúlacht teangacha sa domhan inniu. Bheadh an scéal seo iomlán sásúil mar mhíniúchán ar bhunús na Gaeilge. Ach ní hé sin atá ráite. Mar a tharla sé, d’fhan fear darb ainm Fénius (comhartha ar ‘Féine’, ainm na nGael) ag an túr ar feadh deich mbliana, agus ansin ar iarratas scoil éigin (gan sonraí) chruthaigh sé teanga nua, ag tarraingt le chéile ‘ab fhearr agus ba leithne agus ba chaoimhe de gach teanga’ leis an nGaeilge a chur le chéile. Is cosúil go bhfuil an t-uafás sotail sa chuntas seo. Ach leis an gceannas a bhí ag an Laidin go hidirnáisiúnta, b’fhéidir gur cosaint agus dearbhú é seo maidir le húsáid na Gaeilge mar theanga scolártha.

Is léir go raibh litríocht agus léann Críostaí chun tosaigh sa traidisiún Éireannach is luaithe, ach tar éis tamaill feicimid suim ag méadú i litríocht Chlasaiceach freisin. Ba í an Aeinéid le Veirgil, eipic náisiúnta ar bhunú miotasach na Róimhe, croílár na litríochta Laidine, agus rinneadh staidéar uirthi in Éirinn faoin naoú haois ar a dhéanaí, i dteannta le tráchtaireachtaí móra ón Róimh Dhéanach. Sna céadta bliain ina dhiaidh sin feicimid tús á chur leis an aistriúchán liteartha. San aonú haois déag agus sa dara haois déag tá aistriúcháin phróis againn ar thrí mhór-eipicí ón Laidin Clasaiceach: Togail na Tébe ón Thebaid le Statius, ar chogadh an chomharbais idir clann Éideapúis na Téibhe; Imthechta Aeniasa ón Aeinéid le Veirgil; In Cath Catharda ón Bellum Civile le Lucan, a léirigh an cogadh stairiúil idir Iúil Caesar agus Poimpéas mar chomhrac eipiciúil. Tá na haistriúcháin seo breá toirtiúil: tá os cionn 6,000 líne in In Cath Catharda amháin, mar shampla. Ach léiríonn siad uaillmhian chruthaitheach iontach chomh maith. Is leaganacha nua iad uile, ní aistriúcháin mheicniúla ar chor a bith, a chuireann lena mbunábhar le réamhráite agus iarscríbhinní nua; a leathnaíonn agus a athchóiríonn na foinsí ag tarraingt ó thráchtaireachtaí agus téacsanna eile; a ghearrann ábhar amach nach mbeadh suimiúil do léitheoirí Gaelacha; agus a athraíonn stíl na bhfoinsí go gcloíonn siad níos fearr le blas eipice na Gaeilge, mar atá sa Rúraíocht, cuir i gcás.

Comhlánaíonn na hathchóirithe Clasaiceacha seo scéalta laochais na hÉireann, agus iad ag cur stair mhiotasach idirnáisiúnta ar fáil mar chúlra do Chú Chulainn agus na laochra Éireannacha eile, agus an t-ábhar ar fad i stíl sheasta. Léiríonn an taighde is déanaí anois go raibh tionchair ann sa dá threo. Díreach mar a athraíodh eipicí Clasaiceacha na Laidine go dtiocfaidís le chéile leis an traidisiún Gaelach, tá sé soiléir anois gur ghlac an Táin Bó Cúailnge agus eipicí Gaeilge eile chucu féin smaointe agus móitífeanna ó Veirgil agus na filí Clasaiceacha. Bhí tráth ann nuair a síleadh gur sheas an Táin mar eipic dhúchasach, nach raibh tionchar ar bith ann ó áiteanna eile. Inniu, is féidir linn í a thuiscint mar shaothar a bhí eolach freisin ar thraidisiúin liteartha eile agus a bhí oscailte dóibh chomh maith. B’fhéidir go raibh scríbhneoirí Gaeilge na luath-mheánaoise cosúil le Fénius, agus iad breá sásta úsáid a bhaint as ‘ab fhearr agus ba leithne agus ba caoimhe’ de gach teanga agus gach traidisiún.