An Rós Bán
An gairdín sléibhe seo ar aghaidh na gréine,
is bláfar.
Fásann an lile bhán ann is an liathlus cumhra.
Sceitheann fiúise, draighean is sceach.
Beireann siad dídean ón ngaoth sáile don samhaircín, don sailchuach, don bhainne bó bleachtáin, do mhismín dearg na móna, don chaimín meal, is don lus síoda.
Ach ní bhíonn rath ar rósanna
san imscing sléibhe seo.
Leis an smoirt a cailleadh Cuisse de Nymphe,
an Cardinéal Richelieu, Comtesse de Cayla.
An dubh a rug leis Chapeau de Napoléon agus Papa Meilland.
D’ith gabhair bhradacha Mrs Sam McGredy idir
bhiongáin, stoc is fréamha,
rud d’fhág bóíní Dé gan bhéile.
Buaile éan an garraí seo ó Fhéile Bríde amach,
ceol, fuadar, suirí, troid, gadaíocht,
suantraí, goltraí, geantraí...
Dá bhfásfadh rós anseo, bhainfeadh lasair choille
na bachlóga de.
Dá n-aibeodh muchóir, de mhíorúilt,
d’íosfadh lon é.
Rósarnach gan rós,
ní nach féidir.
Chas an bhliain.
Tostann an chuach. Imíonn fáinleoga.
Tagann gob ar an ngaoth.
Itear an chaor dheiridh.
Eitlíonn na sciatháin leo chun geimhriú
i ngairdíní cathrach.
Ní fhanann san áit ard ach dílseoirí:
dreoilíní, spideoga, riabhóga
agus an básaire crúbach ar an gcreag lom, thuas.
Sna sceacha, neadacha folmha
agus cleití caite.
Mharódh an tost thú.
Bliain áirithe chaoch na gealáin thuaidh
is réab anáil an bháis aduaidh, trí
dhoirse na gaoithe.
D’éirigh ar mhuin ghála, gála eile
is d’éirigh tonnta sneachta ar an aer.
Scuab an t-anfa méirligh mhara leis
ón Artach go hInis Orc,
is uaidh sin go Rubha an Fhinn Liaith, in Éirinn.
San Eilean Sgitheanach
reoigh feamainn dhearg is feamainn dhubh.
Ní fhéadfadh circín trá seasamh gan eiteallach.
Thiocfadh Rocabarraigh ris murach mullach oighir anuas air.
Mar cháith á díbirt ag an ngaoith
tiomáineadh mionéin na hAlban ó dheas,
iad bunoscionn,
eireaball chun tosaigh,
mar a bheadh ceirteacha fliucha
á raideadh le farraigí fuadracha.
Le liathadh lae, fuíoll áir na hoíche:
loin agus céirsigh, smólaigh, liathraisc,deargáin sneachta,
siocáin, scaoth druid, gealbhain, gleoiseacha, glasáin,
an tóraí agus an tórán
mar dhuilleoga feoite ar an léana.
Réabas an chúil mhúirín as a chéile,
—na milliúin feithidí á n-íobairt—
le teann féile.
Dhóirteamar uisce beirithe sa lochán.
Leathamar min na gcearc, sail, úlla, feoil mhionaithe, im ...
Chas an bhliain.
Thomhais an coileach
céimeanna na maidne.
Mharaigh sé an geimhreadh
mar a mharódh spideog piast.
D’fhill ár gcuairteoirí ar a n-áiteacha dúchais.
D’éirigh gé na gcos bándearg
agus gandal na gcos bándearg
—le dua—ar an aer.
Faoi Fhéile Bríde d’fhill
ár bhfoireann féin orainn.
Ar an séú lá fichead d’Aibreán
d’fhill an chuach.
D’aimsíos an lá céanna,
buinneán róis, faoi scáth draighin:
gas dearg, díreach in airde,
guairí géara uirthi, dealga righne.
duilleoga beaga, míne, líonmhara.
D’eascair sí—foilsíodh dom—ó mhillín láibe
a thit, le linn na síne, de chrobh
nó de chluimhreach éin
Chuireas spíonta aitinn thart uirthi,
agus chuireas faoi choimirce feochadáin feádha í
go gcruódh a spíonta féin.
Tháinig bachlóg uirthi. Leath na siopail.
Nocht bláth na míne, gile na gile,
cúig phiotal geala thart ar chroí órga.
Rós nárbh fhéidir le feithid,
éan, ná ainmhí a chloí.
Rós bán na hAlban.
Shealbhaigh sí paiste gairbhéil,
shín amach meatháin,
Rinne leas.
Réamhtheachtaire an tsamhraidh í,
Bealach na Bó Finne í
roimh éirí réaltaí.
Beatha é a torthaí corcairdhubha
le linn síne.
Rosa Spinosissima cumhra.
An Briúlán.