Léaslínte Jan Erik Rekdal: dánta Roghnaithe agus aistrithe ag Pádraig Ó Cearbhaill Coiscéim (2024)

Léaslínte Jan Erik Rekdal: dánta Roghnaithe agus aistrithe ag Pádraig Ó Cearbhaill Coiscéim (2024)

Léirmheas le Niamh Ní Bhroin

An chéad uair gur chuala mé Jan Erik Rekdal ag caint as Gaeilge bhí mé ag freastal ar Aifreann a eagraíodh do phobal na hÉireann in Osló le Lá ‘le Pádraig a cheiliúradh. Bhí ionadh orm blas saibhir Chonamara a chloisint ag an té a léigh an soiscéal as Gaeilge. Mhéadaigh an t-iontas nuair a thuig mé gur le hIoruach an glór. Duine ar leith is ea Jan Erik – a thug aghaidh ar Éirinn leis an Ghaeilge a fhoghlaim ina fhear óg, agus a chaith a shaol gairmiúil mar Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Osló. Bheadh aithne ag léitheoirí Comhar air toisc gur aistrigh sé Cré na Cille go hIoruais. Áirítear liosta fada foilseachán as Gaeilge, Béarla agus Ioruais faoina ainm. Cé go ndeachaigh Jan Erik ar scor in 2021, múintear an Ghaeilge do mhic léinn Ioruacha agus idirnáisiúnta in Ollscoil Osló fós, a bhuíochas cuid mhór dá shaothar agus don bhéim a chuir sé ar thábhacht na Gaeilge mar ábhar taighde agus múinteoireachta.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús