Bronntanas Heartstopper
Eoin McEvoyAgus an t-úrscéal grafach iomráiteach Heartstopper aistrithe go Gaeilge aige, tá súil ag Eoin Mc Evoy go léireoidh sé do dhaoine óga nach leo féin atá siad
‘Thou shalt not lie with man as with woman; it is an abomination.’
Léigh mé na focla sin i Leivíticeas den chéad uair agus mé 11 bliain d’aois agus d’fhan siad liom, focal ar fhocal, ó shin i leith. Agus mé ag fás aníos i dteach mo thuismitheoirí faoin tuath agus ag dul i dtaithí, diaidh ar ndiaidh, ar an tuiscint gur bhuachaill aerach mé, thógainn síos an Bíobla ón tseilf go minic chun na focla sin a léamh mar gur thuig mé go mbainfeadh an abairt áirithe sin liom roimh i bhfad.
Ach ní léinn iad ar an gcúis a shílfeá.
Ní chun mé féin a chéasadh a léinn faoin gcosc ar an gcollaíocht idir beirt fhear, ní chun a mheabhrú dom féin nach mbeadh glacadh romham sa tsochaí trí chéile dá nochtfainn mo rún don saol, ach mar gheall gur léirigh na focla sin dom – mar aon leis an iontráil ‘homosexual / homaighnéasach’ sa bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar scoil – nach liom féin a bhí mé sa domhan.
Caithfidh sé, a deirinn liom féin, nach mise an t-aon bhuachaill ar domhan a bhfuil suim aige i mbuachaillí eile nó cén fáth a mbeadh riail ann ina choinne sin?
Sin í tábhacht na hionadaíochta.
Dá dhiúltaí an abairt sin sa mBíobla, ba riachtanach. Dá bhrónaí a bhí sé gur san abairt sin a d’aimsigh mé an dóchas, bhí sólás inti mar sin féin. Mar ba thearc na tagairtí don saol aiteach a bhí ar fáil dom i dteach gan idirlíon sna 2000idí luatha agus bhí luach as cuimse ag baint le haon tagairt ar bith don saol sin mar dhearbhú ar mo bheith.
Nuair a casadh orm na haingil Balthamos agus Baruch in His Dark Materials le Philip Pullman, agus nuair a chonaic mé an grá domhain a bhí acu dá chéile, an cúram a léirigh siad i leith a chéile, agus an bhris mhillteanach a d’fhulaing duine amháin acu iar n-éag an duine eile, bhí agam ansin múnla agus eiseamláir le haghaidh caidreamh slán idir bheirt fhear.
Léiriú is ea é sin ar an tábhacht a bhaineann le léitheoirí óga a bheith ag teacht ar ábhair sa leabhragán sa scoil agus sa mbaile a bhainfeadh lena saol féin. Is chuige sin a léimid ar fad, i ndeireadh an tsaoil: chun fírinne faoinár saol a aimsiú agus chun comhbhá a fhoghlaim tríd an saol a fheiceáil trí shúile duine eile.
Bhí mé ar bís, dá bharr sin, nuair a tháinig Tadhg Mac Dhonnagáin ón gcomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata chugam anuraidh ag iarraidh orm an t-úrscéal grafach iomráiteach Heartstopper a aistriú go Gaeilge. Scéal simplí, gleoite is ea é sin faoi bheirt fhear óg, Charlie agus Nick, a chuireann aithne ar a chéile nuair a chuirtear ina suí ag an mbord céanna ar scoil iad agus a thiteann i ngrá le chéile diaidh ar ndiaidh.
Thuig mé a luaithe is a thosaigh mé ag léamh scéal Charlie agus Nick go mbeadh tábhacht ar leith ag baint leis an aistriúchán le haghaidh phobal LADTA+ na Gaeilge. Léirigh taighde a rinne Leabhair Pháistí Éireann sa mbliain 2022 nach raibh oiread agus leabhar amháin i nGaeilge le haghaidh daoine óga an t-am sin a phléigh go sonrach le téama LADTA+. Cé nár scéal nua Gaeilge a bheadh i mo leagan aistrithe de Heartstopper, thuig mé go líonfadh sé an bhearna sin go sealadach.
Tá súil agam freisin go spreagfaidh Heartstopper 1 agus Heartstopper 2 – a fhoilseofar an samhradh seo, scríbhneoirí sa gcomharghrúpa ealaíon AerachAiteachGaelach a bhfuil mé i mo Stiúrthóir air agus scríbhneoirí lasmuigh de chun cur leis an ionadaíocht ar charachtair agus scéalta LADTA+ i litríocht na Gaeilge.
Chaith mé trí mhí ag obair leis an téacs, á léamh arís is arís eile, ag machnamh ar an gcaoi ba nádúrtha chun ciútaí comhrá agus béarlagar na ndaoine óga a chur ar fáil i nGaeilge, ag tarraingt ar an bhFoclóir Aiteach agus foinsí eile, ag aistriú liom agus ag plé mo chuid cinntí leis an eagarthóir cumasach cúramach, an Dr Róisín Adams. Tá mé faoi chomaoin aici sin agus ag Gráinne Ní Mhuilneoir as an eagarthóireacht agus an léamh profaí, próiseas a chuir feabhas mór ar an téacs.
Ní fhaca mé mo chuid focal féin ar na híomhánna go dtí deireadh an phróisis ar fad. Ach nuair a chliceáil mé isteach sa leagan PDF deiridh den téacs agus nuair a chonaic mé na híomhánna den bheirt óg aiteach, Charlie agus Nick, ag cabaireacht agus ag suirí le chéile i nGaeilge os mo chomhair amach, ag teacht ar thuiscintí nua faoina bhféiniúlacht agus faoin ngrá trí Ghaeilge, baineadh na deora asam.
Bhí agam anseo leabhar a léireodh don léitheoir óg aiteach nach leo féin atá siad sa saol agus gur spás é spás na Gaeilge inar féidir an imní, an spraoi, an brón agus an gliondar a bhaineann leis an saol aiteach a phlé.
Ar bhealach, ba bhronntanas é an téacs aistrithe sin, freisin, don bhuachaill óg aerach a bhíodh ag léamh Leivíticeas.
Eoin McEvoy