Leadóg san iarnóin



Iontráil dialainne Franz Kafka, Prág, Lúnasa 1914:
‘Ar maidin inniu d’fhógair an Rúis cogadh ar an Ostair agus an Ungáir - Leadóg san iarnóin.’


Díreach líne aduain trasna na spéire i bhfad i gcéin,
líne aduain
scoilt.
Tormán amach ar an imeall
is ar éigean atá sé inchloiste os cionn bhriseadh na dtonn.
An taoide ag imeacht
go tobann
rófhada amach.
An t-aer ró-chiúin ,
Na héin ag scinneadh go pras.

Ar an trá
Trinsí á dtochailt go bríomhar ag na leanaí,
Tuismitheoirí ina luí idir leadrán agus aoibhneas,
Leannáin caillte i muirnéis a chéile.
Níl éinne
ag
breathnú
suas…

Ar maidin táim ag féachaint ar scéalta nuachta:
- Tugann buaiteoir Nobel rabhadh faoi tsunami de A.I.
- Scriosfaimid an Liobáin go talamh!
-Saineolaí aeráide ar an teilifís:
Breathnaíonn sé
síos
Uireasa focail ar feadh nóiméad…
Deor thochtmhar ag tuar neamhchoitiantachta na stoirme.
Breathnaím tharam,
mo raicéad ag an doras.
Ó sea, is cuimhin liom,
Leadóg san iarnóin...

Is scríbhneoir agus aisteoir é Seán Ó Tarpaigh. D’fhreastail sé ar Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath Shráid Bolton agus bhain sé céim sa tsuirbhéireacht cainníochta amach ann.