Bréanainn na staire agus na samhlaíochta
Ceadaíonn leabhar nua faoi oidhreacht Bhréanainn bheith istigh dúinn in oidhreacht bheo Chorca Dhuibhne, a deir Tadhg Ó Dúshláine
‘Tógaim mo Shúile chun na Sléibhte’ (Salm 121)
Tá grianghraf amháin a bhainfeadh an anáil díot le hionadh agus le halltacht díreach roimis an téacs amach: sé tá ann ná ceann de na crosanna móra adhmaid de Stáisiún na Croise ar an tslí in airde á nochtadh go glórmhar as an mbrat sneachta ina thimpeall agus an sneachta séidte, síobtha reoite ina sheasamh ina steillbheathaigh ó chúl na croise amach. Tugann sé an pictiúr cáiliúil sin le Salvador Dali de Chríost céasta á nochtadh as an ndorchadas chun cuimhne; agus na línte scanrúla sin ó ‘Adhlacadh mo Mháthar’ an Ríordánaigh: ‘... is i lár na balbhbháine i mo thimpeall – do liúigh os ard sa tsneachta an dúpholl.’ Ach in ionad céasadh agus uafás an bháis faoi mar atá ag Dali agus Ó Ríordáin, tá sa ghrianghraf seo den gcros sa tsneachta, siombail an aiséirí, siombail chruthanta den ardú meanman a dheonaítear don té a dhéanann an turas go barr Chnoc Bréanainn.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús