Pádraic Reaney agus guth na scuaibe

Pádraic Reaney agus guth na scuaibe

Tá Pádraic Reaney ag dathú na cruinne de réir a léargais féin ó 1973 i leith, a deir Gearóid Denvir

Ealaíontóir ón mbroinn é Pádraic Reaney de dhúchas Ráinneach na nOileán i nGaeltacht Chonamara, ach a rugadh agus a tógadh sa gCeathrú Rua. Saortha cloch, bád agus adhmaid iad na Ráinnigh, ach tá saor focal ina measc chomh maith, Mícheál, athair Phádraic a bhfuil riar úrscéalta scríofa aige. Fear ar bheagán focal é Pádraic féin, áfach, agus níl fhios agam nach n-aontódh sé le ráiteas cáiliúil Henri Matisse i 1942: ‘Vous voulez faire de la peinture? Alors, commencez par vous faire couper la langue, car vous ne devrez plus vous exprimer qu’avec vos pinceaux.’ Dúirt an Ráinneach in agallamh le Peadar Ó Flatharta in Macalla 1985:

Dá mbeinn in ann é a chur i bhfocla ní bheinn á rá mar seo, tríd an ealaín. Ach chomh maith leis sin tá an chontúirt ann lena chur i bhfocla go mbainfeá an mhaith as, ar nós má dhéanann tú an iomarca cainte faoi rud sula ndéanann tú é ní fiú é a dhéanamh, tá sé imithe.

Labhrann sé linn i nguth sin na scuaibe, arae tá bealaí eile seachas ‘creideamh an fhocail’ leis an domhan a iniúchadh agus iontas a dhéanamh de. Chuir Seán Ó Ríordáin go maith é, sílim: ‘Chífead dath géime na bó.’

Tá Pádraic Reaney ag dathú na cruinne de réir a léargais féin ó 1973 i leith nuair a thosaigh sé amach lena thaispeántas líníochtaí gualacha de sheanfhothracha Ros a’ Mhíl. Is beag a cheap an Ráinneach an uair sin go mbeadh turas fada gabhlánach saoil roimhe mar ealaíontóir agus go dtuillfeadh a shaothar i réimse leathan de na físealaíona clú agus cáil dó ar fud na cruinne. Tá taispeántais láithrithe aige ar fud Éireann agus Alban, agus as sin i bhfad ó bhaile: Sasana, An Iodáil, An Bhulgáir, An Rómáin, An tSeapáin, An Fhrainc, An Spáinn, An Ghearmáin, Ceanada, Meiriceá Thuaidh agus Theas, An Afraic Theas, An Astráil, An Nua-Shéalainn.

Ainneoin a chamchuairteanna ar fud an domhain mhóir, áfach, tá a shaothar ó thús neadaithe ina dhúiche Gaeltachta féin, ina thraidisiún agus ina theanga féin, agus i gcruinneshamhail an domhain sin a tháinig anuas chuige le hoidhreacht agus ar fhan sé dílis di le linn shaothar a shaoil uilig. Is geall le léarscáil shíceach agus chultúrtha a shaothar a shoilsíos in éineacht cuimhne cine agus iomramh anama agus aigne an duine aonair atá ag smúrthaíocht roimhe sa saol.

Tugann an tírdhreach agus an talamh féin inspioráid dó agus cothaíonn a shamhlaíocht agus a spiorad. Ní coincheap rómánsúil ná turas cumhach siar ar bhóithrín na smaointe atá i gceist anseo ach buneisint de scéal beo an duine ina áit, ina locus féin, cineál mapáil inmheánach réamh-thíreolaíoch. Aithnímid an tírdhreach fisiciúil: Ros a’ Mhíl, Árainn, Inis Airc, Acaill, Fínis, Cliara agus oileáin éagsúla a bhfuil tarraingt ar leith acu air le fada: ‘I’ve been pulled to islands since I did work in Malta in the late 1980s’. Ina dhiaidh sin féin, ní próiseas grianghrafach, ná cruthú simulacrum, é seo ach ealaín shamhailteach chruthaitheach a dhíríos ar chaidreamh meitifisiciúil an duine lena thimpeallacht. Mar a dúirt sé féin uair, ‘I don’t paint views. I paint what the land remembers.’

Dá réir sin, ní tigíní beaga deasa a mheabhródh an seansaol don fhámaire atá i bhfothracha Ros a’ Mhíl, ach scéal a fuineadh as friotal Uí Dhireáin faoi Inis Mór Árann, ‘Mórchuid cloch is gannchuid cré, Sin í teist an sceirdoileáin’. Tá na tithe loma sin suite i dtírdhreach dealbh sceirdiúil agus más fothracha féin iad, seasann siad go dúshlánach ag inseacht scéal lonnaithe an duine a mhair ansin ainneoin na n-ainneoin agus is geall le cloch chuimhneacháin ar bhuanaíocht an duine chuile fhothrach acu.

Ní bhíonn an fharraige i bhfad ón láthair riamh ach an oiread, í ag timpeallú scéalta na bpictiúr go minic mar bhrat ar bhráid an daonnaí ina finné síoraí ar scéal leanúnach an duine. Sin mar atá sna taispeántais éagsúla faoi na hoileáin: Árainn na Naomh, gona cillíní luathChríostaí, a tuambaí meigiliteacha, a seandúnta agus na ballaí loma cloch a mheall Colm Cille chuige ar a iomramh anama; Oileán Í a d’fháiltigh roimh Cholm Cille ina aistear imircigh; nó Fínis gona tránna fada fairsinge gainimh.

Gné lárnach eile de shaothar Phádraic an gaisneas a bhaineas sé ó thús as oidhreacht mhiotaseolaíoch, chultúrtha, liteartha agus stairiúil na Gaeilge agus na Gaeltachta, siar chomh fada lena chéad mhórthaispeántas faoin Táin ag Comhdháil Idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh i nGaillimh i 1979. Tráthúil go maith don ócáid sin, insíonn an tsraith seo scéal Chú Chulainn, Dheirdre, Mhacha agus laochra eile na Rúraíochta gan frapa, gan taca, gan tarraingt siar óna n-imeachtaí uafara, scéiniúla, fuilteacha agus iad ag tabhairt dhúshlán a gcinniúna. Míníonn sé an próiseas cruthaitheach in úsáid seo na miotaseolaíochta i nóta faoina dhealbh cré-umha, Diarmaid agus Gráinne, coimisiún a rinne sé do Chomhairle Chontae na Gaillimhe i mBaile Labhráis in 2007: ‘Chuaigh an suíomh seo i gcion orm ón gcéad lá a thug mé cuairt air…. D’fhéadfainn Diarmaid agus Gráinne a shamhlú go héasca i bhfolach i measc na gcrann agus iad ag teitheadh ó Fhionn.’

Is é a fhearacht chéanna é sa tsraith Colm Cille, atá bunaithe ar thaighde domhain ar bheatha an naoimh sa litríocht agus sa mbéaloideas, agus sa taispeántas ar an nGorta Mór áit a bhfuil an bás ar sliobarna ar fud na mball agus daoine, nó i ndáiríre scáileanna daoine nó cruthanna feoite leathdhaoine, ag máinneáil agus ag imeacht rompu gan ceann cúrsa ach an reilig. Sa gcomhthéacs seo, ní miste a mheabhrú freisin gur díol suntais ar leith na suiteáin phoiblí dá chuid atá lonnaithe i láithreacha suntasacha cultúrtha agus stairiúla de chuid an phobail mar a bheidís ag meabhrú a gcultúir agus a dtraidisiún agus a gcuimhne cine féin dá phobal: Gairdín Cuimhneacháin Liam Uí Flaithearta, Inis Mór; taipéis faoin Táin in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe; agus leic chré-umha ag comóradh Chath na Ceathrún Rua.

Tá sraith eile fós i saothar an Ráinnigh faoi scríbhneoirí Éireannacha – Máirtín Ó Cadhain, Pádraic Ó Conaire, Antaine Raiftearaí, W.B. Yeats – ina dtugann sé leis eisint agus cruinneshamhail bhunúsach a saothair ar bhealach a nascas an focal agus an íomhá go dlúth lena chéile. Mar shampla, tá scéin, fearg agus fraoch friochanta coimhthíoch Uí Chonaire le feiceáil i roinnt pictiúr agus dealbh a léiríos cruinne gan bhrí, gan freagraí ar na ceisteanna móra faoi chinniúint an duine a dhúisíos Ó Conaire ina shaothar. Ar an gcuma chéanna, sa tsraith Crazy Jane, atá bunaithe ar dhánta cáiliúla Yeats, feicimid an daonnaí ag fálróid tríd an gcoill ar nós duine ar easpa céille a bheadh ag smúrthaíocht roimhe sa gcruinne chéanna sin gan bhrí.

Láthair thairseachúil ina chuid pictiúr ó thús aimsire atá sa gcladach, an tairseach sin idir farraige is talamh tirim, idir an saol iarbhír nithiúil agus réimse an fho-chomhfheasa agus an spioraid, idir an sean atá fós linn sa gcuimhne cine agus an nua atá beo beathach os comhair ár ndá shúil. Go deimhin, tá spásanna sna pictiúir ina shaothar ó thús geall leis, san íochtar go hiondúil, nach bhfuil fhios againn baileach céard atá iontu. Spásanna gan tréithe feiceálacha soiléire iad, ach fós féin tá corraíl bheo eicínt iontu. I gcásanna áirithe bíonn cuma dhoiléir leathfheiceálach éisc le sonrú sna spásanna sin, agus ní miste a mheabhrú gur siombail i dtraidisiún na Gaeilge an bradán, bradán na beatha, den bheatha inmheánach, d’anam nó de spiorad an duine.

Sílim go léiríonn an méid seo go bhfuil dáimh agus gaol ag an neach beo i saothar an Ráinnigh leis an rud ar thug Seán Ó Ríordáin ‘an domhan fo-intinneach’ air ach go bhfuil sé beo san am céanna sa saol iarbhír os cionn talúna, mar a thug an Cadhnach air in Cré na Cile. Ní hamháin sin, ach soilsíonn an t-ealaíontóir na spásanna dorcha fodhomhanda sin, cuireann sé dath ar bhalbh-bháine Uí Ríordáin, tógann foirgneamh an tsaothair fadsaoil os a gcionn mar ghallán cloiche ina sheasamh go storrúil, ar nós Chú Chulainn, ag tabhairt dúshlán an dorchadais agus an bháis. Ainneoin ceisteanna (gan freagraí), ainneoin spásanna dorcha, ainneoin aistir gan ceann scríbe nó thar a bheith aistreánach (mar a fheictear i saothair mar An Gorta, Colm Cille, Crazy Jane), agus fearacht na n-éanacha a bhfuil an oiread sin geana ag an Ráinneach orthu ina dturas ó thuaidh agus ó dheas, ag leanacht an dúchais, na hinstinne agus na tuisceana oidhreachtúla ó ghlúin go glúin, tagann an duine slán ar deireadh, más le dua féin é. Mheabhródh an méid seo ráiteas cáiliúil Samuel Beckett ina úrscéal The Unnamable, ‘You must go on. I can’t go on. I’ll go on’.

Léiríonn portráidí na bhfilí agus na scríbhneoirí seo gona n-iniúchadh ar na spásanna dorcha téama eile atá ag rith tríd an saothar, an duine mar shirtheoir agus é ag imeacht ag smúrthaíocht roimhe ar aistear an tsaoil sa dorchadas, nó ar sa laghad sa meathdhorchadas, ag cuartú, i bhfocail Mhichíl Uí Chonghaile, anamchara mór le Pádraic, ‘an mála freagraí a goideadh’. Mura bhfuil toise reiligiúnda leis an oilithreacht saoil seo, tá gné láidir spioradálta tharchéimnitheach ag roinnt léi, díreach mar atá i sraith eile phictiúrtha agus dealbhadóireachta i saothar Phádraic ó thús, mar atá, an Pierced Figure, An Phearsa Thollta, ceann de na móitífeanna is coscraí, is cumhachtaí agus is leanúnaí ina chuid oibre. Cruth lom daonna a tharraingítear sa tsraith seo le línte géara bunúsacha, fiú príomhúla, an phearsa tollta mar a bheadh ag sleá, agus béaloscailte mar a bheadh sí ag screadaíl, téama a mheabhródh pictiúr cáiliúil Edward Munch, The Scream (1893), ar admhaigh Pádraic san agallamh in Macalla 1985 go raibh tionchar mór aige air, nó cuid de mhná Phicasso agus iad ag caoineadh go hard le beophianadh, ar siombailí iad de choimhthíos agus d’aonaránachas an duine sa mbrachán saoil anordúil ina maireann sé. Cé go bhfuil Reaney ag tarraingt anseo ar íomhá bhunúsach de chuid na Críostaíochta, ní hé Críost á chéasadh ar an gcrois atá i gceist, ach an uile dhuine gan ainm atá cráite, céasta, tollta ag an gcoinníoll daonna ó thús an tsaoil.

Murab ionann is íomhá cháiliúil an Stabat Mater agus Muire ag bun na croise ag caoineadh a mic, bíonn daonnaithe tollta Reaney leo féin go minic, agus muide, lucht an bhreathnaithe, atá i láthair mar fhinnéithe. Ach dá chéasta agus dá aonaraí dá bhfuil an phearsa thollta, is ann di i gcónaí i gcaitheamh an tsaothair ag tabhairt fianaise ar fhulaingt an duine. Iompraíonn an phearsa thollta cuimhne an duine agus créacht oscailte an choinníll dhaonna, ach fiú má tá an phearsa tollta brúite féin, is ann i gcónaí di ainneoin chuile ainneoin, agus déanann saothar Reaney ceiliúradh ar a dtagann slán le linn aistear cráite sin an duine sa saol seo.

Is iomaí claochlú a thagas ar an duine agus ar a thimpeallacht i gcaitheamh an aistir seo mar a fheictear i gceann de mhórthaispeántas an Ráinnigh, Metamorphosis (2000), a mheabhraíos scéal cáiliúil Franz Kafka a ndúirt an Ráinneach faoi san agallamh in Macalla 1985: ‘Ó ní dhearna mé dearmad ariamh ar an scéal sin. Bhí sé níos mó ná bheith ina scéal dom – bhí sé ina phictiúr dom.’ Ní hamháin go léiríonn an tsraith seo sárchumas teicniúil Reaney mionphictiúr cruinn cáiréiseach den nádúr a chruthú – idir éanacha, ainmhithe agus fheithidí – ach, ina theannta sin, tugann sé chun suntais an nóiméad cruthaitheach claochlaitheach tarchéimnitheach sin ina ndéantar féileacán den chnuimh, agus dá réir sin ina dtugtar deis do spiorad an duine imeacht ar eiteog fearacht an fhéileacáin nuabheirthe, nó fearacht na n-éanacha sin a feictear go minic os cionn an naoimh sa tsraith Colm Cille. I ndeireadh na feide, dathaíonn an Ráinneach an spás sin idir an sean agus an nua, idir ciúnas dorcha ‘le silence éternel des espaces infinis’ Phascal agus cantain chruthaitheach shoilseach éinín bhig na lirice Sean-Ghaeilge a lig fead de bharr a ghoib ghlanbhuí, idir pian na créachta agus áilleacht na beatha beo, idir an bás agus an bheatha, agus fearacht na n-éanacha agus an fhéileacáin, imíonn sé de léim chruthaitheach roimhe i ‘ndomhan fo-intinneach’ Uí Ríordáin mar fhianaise ar a bheith beo dúinn.

*Tá an aiste seo bunaithe ar aitheasc a thug an t-údar ag oscailt an taispeántais ‘Pádraic Reaney: Obair Saoil’ in An Gailearaí, Gaoth Dobhair, ar an 11 Iúil seo caite. Tiocfaidh tú ar shaothar Phádraic ag www.reaneyart.com