Leabhair na Bliana

Máirín Nic Eoin
Leabhair na Bliana

Na leabhair a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí in 2017…

Is seoidleabhar é Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession: 20th-century poetry in Irish (Cló Iar-Chonnacht/Bloodaxe Books), díolaim filíochta ó thogha agus rogha na bhfilí Gaeilge ó aimsir na hAthbheochana i leith, mar aon le leaganacha snoite Béarla ó scoth na n-aistritheoirí. Is maith liom an leagan amach, suas le dosaen dán nó níos mó ó na filí is iomráití agus ceann nó péire nó trí cinn ó fhilí cumasacha eile, rud a thugann léargas do léitheoirí ar chanóin na filíochta Gaeilge agus ar an mórilghnéitheacht ábhair agus stíle atá le fáil inti. D’fhéadfadh roinnt filí eile a bheith i gceist ina leithéid de chnuasach, ach is dóigh liom gurb é an rud is tábhachtaí faoin leabhar seo ná go n-osclaíonn rogha an eagarthóra Louis de Paor doras na filíochta Gaeilge do léitheoirí nach roghnódh leabhar filíochta mar ábhar léitheoireachta de ghnáth. Ag an am céanna, tugtar léargas sách cuimsitheach ar nuafhilíocht na Gaeilge ann don léitheoir filíochta nach léann ábhar i nGaeilge de ghnáth. Cuidíonn an réamhrá, na nótaí beathaisnéise faoi na filí, agus nótaí na n-aistritheoirí faoina modh oibre leis an bpléisiúr a bhainfidh léitheoirí as na dánta féin. Agus an leabhar seo faoi do lámh agat, tuigtear duit gur pobal dátheangach é aos dána na tíre seo, agus gur bua de chuid na cruthaitheachta liteartha in Éirinn i gcónaí an cros-síolrú liteartha agus an t-aistear trasteangach.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Máirín Nic Eoin

Is Ollamh Emeritus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach/DCU í Máirín Nic Eoin.