Cloch in Áit an Charnáin Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis Pádraig Ó Tiarnaigh Éabhlóid 2025
Léirmheas le Cathal Goan
Sliocht ón scéal Míorúilt na mBuilíní agus na nIasc é an mana atá ag an Chumann le Béaloideas Éireann ó bunaíodh é beagnach céad bliain ó shin siar in 1927 – ‘Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.’ (Soiscéal Eoin VI, 12). Ón am sin i leith, d’fhéadfaí a mhaíomh go raibh meon céanna an tsoiscéalachais le brath i gcur chuige an duine ba mhó a d’fhág a lorg ar shaothrú an bhéaloidis idir bhailiú, fhoilsiú agus scagadh agus a bhí ar bhunaitheoirí an Chumainn chéanna, mar a bhí an tOllamh Séamas Ó Duilearga. Dála Íosa Críost ag tabhairt ar iascairí na Gaililí a gcuid eangacha a fhágáil ina ndiaidh chun anam an duine dhaonna a shlánú, tháinig an Duileargach chuig cé Theilinn gur chuir sé forrán ar an iascaire óg Seán Ó hEochaidh agus chuir ina luí air an tábhacht ollmhór agus an phráinn a bhí ag baint le slánú na hoidhreachta dúchasaí sula gcaillfí í. Ach an oiread leis an seanmóir ar an sliabh, agus mar atá scríofa ag an Ollamh Séamas Ó Catháin, thug an Duileargach ‘seimineár ar an sliabh’ don Eochach ar mhullach Shliabh Liag agus thairg sé post dó mar bhailitheoir béaloidis leis an Choimisiún nua-bhunaithe a raibh sé féin ina stiúrthóir air. Bhí Seán Ó hEochaidh le fanacht i mbun na oibre sin ar feadh beagnach caoga bliain agus é ar an duine b’fhaide a d’fhan i mbun seirbhíse agus ba mhó a thiomsaigh ábhar béaloidis don Choimisiún Béaloideasa agus don Roinn Ollscoile in COBÁC a tháinig mar chomharba ar an Choimisiún.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús