Na bearnaí á líonadh de réir a chéile
Fóilsíodh dhá úrscéal aiteacha do léitheoirí óga le déanaí le beirt údar atá ina máistrí ar sheánra an úrscéil chomhaimseartha, a deir Seán Mac Risteáird
Thart ar dhá bhliain ó shin, scríobh mé léirmheas ar leagan aistrithe Eoin McEvoy ar Heartstopper 1 (Futa Fata), leabhar ar chum Alice Oseman an bunleagan Béarla de mar shraith d’úrscéalta grafacha ó 2016 i leith. Ó shin, tháinig Heartstopper 2 ar an saol agus scéal Nick agus Charlie fós á inseacht go sciliúil ag an aistritheoir liteartha thuasluaite. Fós féin, sa léirmheas céanna, luaigh mé an géarghá a bhí ann scéalta eile LADT+ a chumadh agus a fhoilsiú agus go raibh (agus go bhfuil) bearnaí práinneacha nach beag fós le líonadh i réimse na litríochta sa Ghaeilge. Bíodh is go bhfuil aitheantas ag dul don ghrúpa LADT+ AerachAiteachGaelach, agus ag scríbhneoirí aonair eile, as na taibhealaíona aiteacha agus an litríocht aiteach sa Ghaeilge a chur chun cinn, tá beocht le brath san fhosheánra seo le déanaí.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús