Cé a cheannódh ‘Mere Trashy Books’?
Máirtín CoilféirNíor mhiste breathnú níos grinne ar chuid de na leabhair a d’aistrigh An Gúm go Gaeilge, a deir Máirtín Coilféir, mar bhí stiúrthóirí Hollywood ag breathnú orthu freisin
Féirín thar fhéirínibh don aos ealaíne agus do lucht critice araon ba ea ceathrú cháiliúil Mhathghamhain Uí Hifearnáin, file, i dtosach an tseachtú haois déag:
Ceist! Cia do cheinneóchadh dán?
A chiall is ceirteólas suadh:
an ngéabhadh, nó an áil le haon,
dán saor do-bhéaradh go buan?
Ag caoineadh chruachás na litríochta a bhí sé an uair úd, tráth nárbh fhada uaidh cliseadh an tseanchórais phátrúnachta a choinnigh filíocht na scol ar bun. Cá bhfuil na daoine a thabharfaidh luach saothair don fhile, don údar? Cá bhfuil an pobal a thuigeann tábhacht na ceapadóireachta? Cá bhfuil an t-airgead?
Ó shin i leith is iomaí deis a bhí ag lucht litríochta na Gaeilge macalla a bhaint as línte sin an Hifearnánaigh. Maoiniú le ciorrú? Foilseachán i mbaol? Ardteist le simpliú? Cé a cheannódh dán?
Agus céad bliain ó shin agus an Gúm i dtosach a ghreise, bhí an cheist chéanna le freagairt ag baicle beag státseirbhíseach a mhúnlódh litríocht na Gaeilge go ceann i bhfad. Seán Mac Lellan, Seoirse Mac Niocaill agus an scata saineolaithe belles-lettres a cheap siad mar chomhairleoirí, b’éigean dóibh a n-aghaidh as an nua ar fhadhb sheanda sin an mhargaidh.
Faoi 1926 bhí práinn leis an bhfoilsitheoireacht. Bhí géarghá le leabhair a sholáthar, go háirithe do dhaltaí scoile na tíre a bhí anois ag plé le scríbhneoireacht na Gaeilge thar a bhfacthas riamh. Bhí bonn daingean le cur faoi chultúr na tíre freisin – theastaigh litríocht a bhí fréamhaithe sa traidisiún, gan amhras, ach theastaigh freisin litríocht a bhí in ann chuig imeachtaí an tsaoil mhóir. Agus, mar atá léirithe go binn ag Gearóid Ó Tuathaigh (2018), bhí an méid sin ar fad le baint amach ar bheagán airgid. Bhí gach duine sa rialtas, ní hamháin muintir an Ghúim, ag faire na bpinginí mar ní raibh dóthain sa sparán lena mhalairt a dhéanamh.
Cuir san áireamh nach furasta riamh, is cuma cén uair nó cén áit é, teacht ar lear mór scríbhneoirí oilte, agus tá againn cuid mhór de na cúinsí praiticiúla a stiúwir obair an Ghúim céad bliain ó shin. Toradh de na torthaí a bhí ar na cúinsí sin, mar is eol dúinn, ná an freastal a rinne siad ar léitheoirí óga (cuid den Roinn Oideachais a bhí iontu, tar éis an tsaoil).
Toradh eile ná riar mór leabhar a fhoilsiú nár léir ag an am, agus go deimhin nach léir ó shin, cén t-éileamh a bheadh orthu nó cia do cheinneóchadh iad, cé is moite, b’fhéidir, de na scoileanna féin. Agus i lár an aonaigh bhí an scéim aistriúcháin ann – na céadta leabhar a tiontaíodh ó theangacha eile, de cheal rófhlúirse scríbhneoireacht bhunaidh, ar mhaithe le litríocht na Gaeilge a shaibhriú. Agus oidhreacht an Ghúim á meas, go háirithe sa gcéad tríocha bliain, bíonn scáil sin na scoileanna agus scáil sin an aistriúcháin ag teacht idir muid agus feabhas na hoibre.
Ba é an tuairim choitianta ar feadh i bhfad ná nár éirigh leis an nGúm – nó nár éirigh sách maith leo – lón ceart léitheoireachta a sholáthar. Is é sin, má chuir siad go leor leabhar i gcló, níorbh ionann sin agus corpas a chothódh pobal léannta agus a spreagfadh scríbhneoirí le saothair ardliteartha a cheapadh. Tá daorbhreith Mháirtín Uí Chadhain ina deilín faoi seo: gur do mhná rialta agus do pháistí beaga ab fhearr a d’fheil na leabhair a chuir siad amach (1971: 147). Ag caint dó ar na haistriúcháin go háirithe, ‘third, or fourth rate books’ a bhí ina mbunáite, ‘mere trashy books’ (ibid.), agus tá ríofa go healaíonta ag Gearóidín Uí Laighléis go raibh Seosamh Mac Grianna (agus go deimhin go leor eile) chomh géar céanna ina mbreithiúnas leis (2017). ‘[I]f officials who approved of some of the translations were in any other country,’ a mhaígh Micheál Ó Maoláin i 1939, ‘they would be sent to jail’.
Tá an ráiteas daingean sin sciobtha ó leabhar iontach Philip O’Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State 1922-1939, an leabhar a thugann an cuntas is iomláine ar na tuairimí a nochtadh go poiblí (is é sin, na tuairimí a cuireadh i gcló) ar obair an Ghúim i gcaitheamh na mblianta luatha sin. Caitheann O’Leary súil siar ar na haistriúcháin iomadúla a d’fhoilsigh siad suas go dtí an Dara Cogadh Domhanda, an chuid is mó acu tiontaithe ó bhunsaothair Bhéarla. Cé na scríbhneoirí ar chuir siad spéis ann?
Two things stand out here. In the first place … [some of] these are safe, schoolroom classics. […] In the second place, even what classics there were were far overshadowed by books and authors long forgotten, the sort of writers alluded to by Seamus Heaney in his poem on the language revival, ‘A Shooting Script’:
Then voices over, in different Irishes,
Discussing translation jobs and rates per line;
Like nineteenth century milestones in grass verges,
Occurrence of names like R.M. Ballantyne.
One can add to Heaney’s R.M. Ballantyne, names like F.W. Crofts, W.H. Davies, J.S. Fletcher, H. Rider Haggard, A.E.W. Mason, Helen Mathers, Eden Phillpotts, Captain Mayne Reid, and W. Clark Russell, all of whom An Gúm made available to readers in Irish (2004: 389).
Ar léamh an liosta sin dúinn is fiú pointe bunúsach a ardú a chuirfidh obair an Ghúim i gcomhthéacs éigin dúinn. Más aduain le go leor againn cuid de na húdair a d’aistrigh an Gúm, níl ann ach nach mbíonn i gcáil aon údair ach seal. Scríobh R.M. Ballantyne, mar shampla amháin, os cionn nócha leabhar lena bheo. Sna céadta míle a áirítear a chuid léitheoirí, ar a laghad. B’in an cineál piardóige a thug an Gúm isteach i litríocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh siad An tOileán Corghruanach i 1939. Nó mar shampla eile, nuair a thosaigh Niall Ó Domhnaill ar She le Rider Haggard a aistriú suim blianta roimhe sin, bhí sé ag plé le leabhar a bhfuil os cionn 100 milliún cóip de díolta ar fud an domhain. Bhí Ise ar na leabhair is mó éileamh a aistríodh go Gaeilge riamh roimhe sin cé nach gcloiseann muid mórán faoi anois. D’fhéadfadh muid na samplaí ón gcatalóg a iomadú siar amach agus an tátal céanna air: tá na saothair seo le cíoradh arís. Bhí an Gúm ag snámh i gcóras cultúrtha idirnáisiúnta agus chuaigh na leabhair a roghnaigh siad le haistriú i bhfeidhm ar líon ollmhór, fud fad Iarthar Domhain.
Má tá cuma na háibhéile air sin níor mhiste Mac Lellan, Mac Niocaill agus a gcomrádaithe a shamhlú le Hollywood tamall. Is in 1895 a chuir Auguste agus Louis Lumière a gcéad scannán poiblí ar siúl i bPáras. Faoin tráth a bunaíodh an Gúm, bhí tionscal na scannánaíochta ag cur a chuid fréamhacha síos in ithir LA; bhí comhlachtaí beaga aisteoirí ag taifeadadh go rábach ar fud na hEorpa; agus bhí borradh mór faoin bpictiúrlann go fiú in Éirinn (Condon 2008). Más aisteach le rá é, tá nualitríocht na Gaeilge agus an scannánaíocht ar comhaois lena chéile, mórán mór, agus léiríonn stair na scannánaíochta nach raibh an Gúm as alt le cultúr na linne. Sciar suntasach de na húrscéalta a d’aistrigh siad go Gaeilge – suas lena leath – rinneadh scannáin díobh freisin.
Seo chugainn na húdair a ligeadh i ndearmad arís. Is iad na chéad aistriúcháin a d’fhoilsigh an Gúm i 1929 ná Sa Villa Rosé le A.E.W. Mason agus Colomba le Prosper Mérimée. An bhliain i ndiaidh don leagan Gaeilge a theacht amach, rinneadh leagan dátheangach (Béarla-Fraincis) de leabhar Mason a taispeánadh sa bhFrainc agus sa mBreatain araon.
Maidir le Colomba, scéal díoltais atá suite ar an gCorsaic, bhí dhá scannán ciúin déanta de sin cheana faoi 1920 agus rinneadh dhá leagan eile de i bhFraincis i 1933 agus i 1948 faoi seach. Go deimhin is iomaí iarracht a rinneadh úrscéal sin Mérimée a chur ar an scáileán ó shin agus tá tóir i gcónaí air: rinneadh leagan opera, i bhFraincis arís, de in 2014. Ardlitríocht ón nGúm go deimhin.
Is liosta le háireamh na samplaí eile a d’fhéadfadh muid a thabhairt anseo, leabhair le R.L. Stevenson, Edmund About, Wilkie Collins, Frank L. Packard, gan ach cuid an bheagáin a lua. Ach an oiread le cáil na scríbhneoirí féin, ní buan do chuimhne chách ar na scannáin seo sa gcaoi is go gceilfí orainn, b’fhéidir, píosa tábhachtach den stair chultúrtha a bhaineann le tógáil na litríochta céad bliain ó shin. Ach bhí an Gúm i lár an chuilithe an tráth sin, é ina chuid dhílis de dhomhan mór na litríochta, na teicneolaíochta, na healaíne a bhí ar fad ag fás is ag forbairt as éadan. A fhad is a bhaineann sé leis na haistriúcháin a d’fhág siad le hoidhreacht againn, tá scéal a bhformhóir le ríomh i gceart fós.
Leabharliosta
Condon, Denis. Early Irish Cinema 1895-1921. Dublin: Four Courts Press.
Ó Tuathaigh, Gearóid. (2018) ‘An Gúm: Comhthéacs a Bhunaithe’. In: An Scéim: An Gúm 1916-2016. Máirtín Coilféir a chuir in eagar. Baile Átha Cliath: An Gúm, 1-18.
Uí Laighléis, Gearóidín. (2017) Galláin an Ghúim: Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
O’Leary, Philip. 2004. Gaelic Prose in the Irish Free State. Dublin: UCD Press.
Ó Cadhain, Máirtín. (1971) ‘Irish Prose in the Twentieth Century’. In: Literature in Celtic Countries. Caerywn Williams a chuir in eagar. Cardiff: University of Wales Press, 139-51.