Gaibhniú an Ghúim
Is cinnte go bhfuil cúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge i riocht níos fearr anois ná mar a bhí i 1926 ach tá bearnaí fós le líonadh, a deir Muiris Ó Raghallaigh
Le linn aimsir na Chéad Dála leagadh cúram athbheochan na teanga ar an Roinn Oideachais agus chuireadar rompu an córas oideachais a Ghaelú. Bhí an teanga féin agus an fhoilsitheoireacht Ghaeilge trí chéile i ndroch-chaoi i 1926. Ní raibh téacsleabhair ar fáil do na scoileanna, ní raibh ach dornán údar ag scríobh sa teanga agus is beag den mhéid a bhí á scríobh ab fhéidir a áireamh mar nualitríocht. Bhí réimsí agus ábhair nach rabhthas á saothrú sa teanga in aon chor agus dá bharr sin ní raibh an friotal ná an téarmaíocht ag cainteoirí Gaeilge chun dul i ngleic le coincheapa nua-aimseartha. Maidir le cúrsaí foilsitheoireachta, ní raibh an scéal puinn níos fearr. D’éirigh go maith le Clódhanna Teoranta go leor leabhar a fhoilsiú i dtús an chéid, ach fiú roimh aimsir an Éirí Amach i 1916 bhí an tobar áirithe sin tráite.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús