An Gúm 1926-2026
Seosamh Ó MurchúEagarfhocal le Seosamh Ó Murchú
Agus a bhfuil d’ócáidí comórtha curtha dínn le tamall de bhlianta anuas agus isteach is amach le 100 bliain de thréimhse an neamhspleáchais stáit caite, is tráthúil go ndéanfaí comóradh ar cheann de na gníomhartha ba mhó a dhaingnigh lárionad na Gaeilge sa stát nua, bunú an Ghúim i 1926. B’ionann an Gúm a bhunú agus áit na Gaeilge san fhís náisiúnta a athdhearbhú agus é á aithint leis go gcaithfeadh an stát féin bonn a chur faoi shaothrú na teanga agus an fhocail scríofa chun dul i ngleic leis an saol nua agus le dúshláin iomadúla na linne. Díograis an phobail i leith na teanga blianta Chogadh na Saoirse agus roimhe, agus ollsaothar lucht na hathbheochana, ba faoin stát nua a bheadh sé ligean dóibhsean teacht chun blátha.
Ainneoin iarsmaí pianmhara Chogadh na gCarad fós ris agus dhá rialtas ó dhá thaobh an chogaidh chéanna i gcumhacht laistigh de na chéad deich mbliana ó bunaíodh an Gúm, ní mór a aithint gur bheag difear a bhí eatarthu maidir lena ndearcadh ar thábhacht na hoibre a bhí idir lámha agus maidir leis an soláthar ba ghá a dhéanamh chun í a chur i gcrích.
Tá cíoradh déanta sna hailt san eagrán comórtha seo ar ghnéithe éagsúla dár thit amach i mblianta tosaigh d’obair an Ghúim go háirithe – an caidreamh casta conspóideach idir scríbhneoirí agus an foilsitheoir, scéim na n-aistriúchán, na leabhair do dhaoine óga, scéal an chló agus saothrú na litríochta agus na healaíne laistigh de mhóratmaisféar plúchtach bhlianta suaite úd na 1920idí agus 1930idí nuair a bhí ag cuingriú ar mheanma an phobail trí chéile.
Is fiú cuimhneamh ar réimsí agus raon na hoibre a glacadh ar láimh sna blianta tosaigh sin – téacsleabhair don bhunscoil agus don iar-bhunscoil, ábhar léitheoireachta ginearálta do dhaoine óga agus don phobal mór, drámaí, saothair ollscoile, aistriúcháin ón mBéarla agus ó theangacha eile na hEorpa, an fhoclóireacht, an chritic liteartha, an téarmaíocht, saothair cheoil agus ábhar na lámhscríbhinní. Na foilseacháin a gineadh sna réimsí sin ar fad, chuirtí á gclóbhualadh trí chóras amscaí fadálach Oifig an tSoláthair ach cuireadh ar fáil iad agus ba faoin aon sprioc amháin a rinneadh é – soláthar cuimsitheach ábhar Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na tíre. Ábhar suntasach ann féin an mhórbhaint a bhí ag scríbhneoirí Gaeltachta le hobair an Ghúim ón tosach, dá shuaite bheophianta í ar uairibh. Tá ilghnéitheacht, buaicphointí, agus roinnt lagphointí, cuid de na réimsí sin clúdaithe go maith ag scríbhneoirí an mhóreagráin seo chomh maith le míreanna ó údair éagsúla ag cur síos go gonta ar a rogha saothar féin as bolg mór an tsoláthair.
Dhá ghné d’obair an Ghúim nach bhfuil cíortha san eagrán seo is ea na foilseacháin oideachais, na téacsleabhair san iliomad ábhar a cuireadh i gcló in imeacht na mblianta agus an oidhreacht shaibhir d’fhoilseacháin cheoil, mórshaothair Bhreandáin Bhreathnaigh agus na bileoga ceoil le cumadóirí mór le rá go háirithe. Tuilleann an dá réimse sin aird na scoláirí leis, dar linn.
Na leabhair don aos óg ag dul siar chomh fada leis an tsraith ‘Laethanta Gréine’ sna 1920idí anuas go dtí Níl Éisc le Trust an lae inniu, idir bhunleabhair, aistriúcháin agus chomheagráin, is iad is mó, is dócha, a d’fhág a rian ar léitheoirí uile na tíre. Is beag leanbh a tógadh in Éirinn le leathchéad bliain anuas nach raibh Bran nó ceann éigin de leaganacha Mháiréad Ní Ghráda de na síscéalta móra ina lámha ag am éigin.
Bhí Gabriel Rosenstock ar dhuine de na fathaigh a shaothraigh sa ghort sin mar bhall foirne sa Ghúm. Eagarthóir, file, údar agus aistritheoir bisiúil beoga ba ea é a raibh scóip an pháiste agus gaois an tsaoi araon ag baint lena shaothar. Duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge na linne seo é a d’imigh uainn agus an t-eagrán seo á chur le chéile. Is boichtede saol na nGael a imeacht ach fanfaidh saibhreas buan a shaothar saoil linn i gcónaí. Ba leis guth na síthe, na daonnachta agus na heagna agus an saol ina chaor marfach mire mórthimpeall orainn. Suaimhneas síoraí go raibh aige.
Tá obair an Ghúim sa lá atá inniu ann chomh dúshlánach is a bhí riamh agus aghaidh á tabhairt aige, mar atá ag foilsitheoirí uile na Gaeilge, ar dhúshláin na ré nua; freastal ar phobal agus ar aos scoile atá faoi scáth agus faoi thionchar uileláithreach na meán sóisialta agus ainsciantacht na teicneolaíochta nua.
Tá léirithe ag na hailt le baill foirne an Ghúim san eagrán seo go bhfuil siad in ann chuig na dúshláin sin agus ullamh chun tabhairt fúthu leis an dúthracht sin nach bhfuil tráite le 100 bliain anuas. Go n-éirí sin leo.
Seosamh Ó Murchú