Dhá sheachtain déag
Tic teaic an chloig bhig
An riastradh seo
Do mo chiapadh.
Ná bí ag cumadh nó ‘ceapadh
Cosa nó cíocha
Gónad nó bóna
Lámha mánla
Duine dána.
Is é mo mhian -
Dul faoi shrian
Láir shearraigh
Ar lá earraigh
Gin in ár mbroinnte
is piseog ár sinsear.
Mo chroí agus ae á gcur
Trí mo bhéal
Ag dhá sheachtain déag
Ag luí siar
Daba glóthaí
Ach ansin!
Iompú lí,
Nuair a chuala mé -
Do chroí.
Síle Ní Choincheannain
An riastradh seo
Do mo chiapadh.
Ná bí ag cumadh nó ‘ceapadh
Cosa nó cíocha
Gónad nó bóna
Lámha mánla
Duine dána.
Is é mo mhian -
Dul faoi shrian
Láir shearraigh
Ar lá earraigh
Gin in ár mbroinnte
is piseog ár sinsear.
Mo chroí agus ae á gcur
Trí mo bhéal
Ag dhá sheachtain déag
Ag luí siar
Daba glóthaí
Ach ansin!
Iompú lí,
Nuair a chuala mé -
Do chroí.