Breithlá na Gaeltachta
Cothrom na míosa seo 100 bliain ó shin a leagadh síos na teorainneacha oifigiúla a thug dúinn coincheap na Gaeltachta, mar is eol dúinn inniu í. As an gcoincheap sin a d’eascair pobal scaipthe scáinte teanga ársa a mhaireann i gcónaí, fiú más ar éigean é.
San eagrán speisialta seo de Comhar, deintear ceiliúradh ar mhisneach, ar mhórtas agus ar chumas an phobail sin, pobal a bhí leochaileach ón tús.
Cuirtear tús le heagrán na míosa seo le haiste ríshuimiúil ó John Walsh, an saineolaí is mó ar Choimisiún na Gaeltachta 1926, faoin dream beag daoine a bhunaigh an Ghaeltacht 100 bliain ó shin. Tá léargas le fáil sa chur síos aige ar na fir sin – agus fir ab ea iad go léir – ar conas a cuireadh síol na coimhlinte idir an teangeolaíocht agus an pholaitíocht a d’fhág a lorg ar dhán na Gaeltachta ó shin i leith.
Tá toradh na coimhlinte sin fós le feiscint sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Tá sé le feiscint sna teorainneacha Gaeltachta féin, nár tháinig puinn d'athrú orthu le 100 bliain mar go bhfuair an realpolitik an ceann is fearr i gcónaí ar an bhfianaise theangeolaíochta. Tá an choimhlint chéanna le feiscint chomh maith ar pholasaí teanga a fáisceadh as an aigne choilínithe ghuagach a bhíonn seal dána uaillmhianach agus seal doilíosach uiríseal.
Le 100 bliain anuas, tá an stát ag cúlú agus ag cúlú óna dhualgas i leith na teanga agus na Gaeltachta agus an t-ualach a bhaineann leis an nGaeilge a thabhairt slán á leagadh ar an bpobal ar fhág castaí na staire iad dá mbuíochas ina gcaomhnóirí teanga laistigh de na teorainneacha oifigiúla.
Sa bhliain 2026, tá seachfhoinsiú á dhéanamh ag an stát ar pheaca an tsinsir fad is atá tráchtálú á dhéanamh ar an gcúpla focal.
Tá adhradh á dhéanamh ar fhoghlaimeoir an chúpla focal, a bhfuil an Ghaeilge mar chaitheamh aimsire aige, fad is atá cúpla pingin fánach na pleanála teanga á chaitheamh chuig an gcainteoir dúchais mar chúiteamh ar a chuid seirbhíse, agus ná fágadh sé an solas ar siúl ar a shlí amach.
In áit an fhírinne a aithint nach maireann aon mhionteanga gan í a bheith á labhairt áit éigin mar theanga phobail, táthar ag súil, de réir dealraimh, go mairfidh ‘móimint na Gaeilge’ atá anois linn, níos faide ná móimint.
Ní mhairfidh.
De réir na bhfigiúirí daonáirimh, tá líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht laghdaithe 12.6% ó 2011. 20,261 duine a thug le fios in 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
An gá fanacht go dtí nach mbeidh fágtha againn ach níos lú ná 20,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht chun go ngéillfear go bhfuil géarchéim teanga againn?
Gan amhras, ní ar an stát amháin atá an chúis maidir le meath leanúnach na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Tá fórsaí stairiúla ann atá níos cumhachtaí ná patuaire, faillí, aineolas agus dóchas gan údar an stáit, brú síoraí an Bhéarla, mórtheanga dhomhanda agus teanga an iarmháistir, inameasc.
Ní hin le rá go raibh an stát díomhaoin ar fad sa Ghaeltacht le 100 bliain anuas. BunaíodhRoinn na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta,Údarás na Gaeltachta, Teilifís na Gaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga, mar shampla.
Gníomh fónta ab ea polasaí oideachais na Gaeltachta chomh maith. Léiriú an polasaí, dá theoranta ó thaobh acmhainní de é, go n-éireoidh leis an mbeart caomhnaithe teanga atá sásta eisceacht a dhéanamh do phobal labhartha na teanga sin agus gníomh, fiú leathradacach, a dhéanamh dá réir.
Ach mura n-aithníonn na húdaráis stáit, na húdaráis teanga san áireamh, go bhfuil géarchéim ann ní bheidh aon ghá le Coimisiún Gaeltachta faoi cheann caoga bliain eile, gan trácht ar 100 bliain eile.
An t-údar dóchais is mó atá againn ná gobhfuil an lámh in uachtar go fóill ag an aigneGhaeltachta, mar a thugann Darach Ó Scolaíuirthi ar na leathanaigh seo, ar an aigne
choilínithe.
Thug an iris seo ardán riamh don aigne Ghaeltachta agus táimid an-bhuíoch don mheitheal scríbhneoirí a thugann ardán arís di san eagrán speisialta seo.
Tuigeann siad go léir go mbíonn cló nua á chur ar an aigne Ghaeltachta gan stad agus tuigeann siad go bhfuil níos mó i gceist leis an nGaeltacht ná línte ar léarscáil a tarraingíodh 100 bliain ó shin nuair a bhíothas ag tosnú ar laincisí an choncais a scaoileadh.
Ach, thar aon ní eile, tuigeann siad má ghlantar an Ghaeltacht den mhapa ar fad go nglanfar an Ghaeilge léi.
Seasaimis leo agus an pobal dár díobh iad, is cuma cad as dóibh.