Comhráití Gaeltachta
Gormfhlaith Ní Thuairisg
Comhrá 1
Ag oifig dochtúra i gConamara le gasúr ceithre bliana
Máthair: Heileo, thit sé seo…
Dochtúir: Hi, what happened here?
Máthair: He’s hurt his wrist
Dochtúir: Oh you poor little man - can you tell me what happened?
Máthair: Inis don dochtúir céard a tharla.
Buachaill: Thit mé den slide agus bhuail mé mo rosta faoin talamh
Máthair: He fell off the slide and hit his wrist off the ground
Dochtúir: That’s too bad- and where is it sore?
Máthair: ‘Speáin di an áit ar ghortaigh tú é
Dochtúir: Can you move it?
Máthair: Ar féidir leat é a chorraí?
Dochtúir: I don’t think it’s broken - but I’ll send you in for an x-ray just in case…
Máthair (ina hintinn): Agus is dócha go bhfuair tusa lánmharcanna sa nGaeilge san Ardteist le go mbeadh tú in ann do chéim leighis a dhéanamh, ach mar sin féin, ní féidir leat oiread agus focal Gaeilge a tharraingt as do phluic don ghasúirín…
Máthair (os ard): Thanks very much - can you give me a letter for A&E?
Comhrá 2
Ar an mbealach ar ais go Conamara sa gcarr ó chluiche iomána faoi-15 ar pháirc taobh thoir de Ghaillimh
Máthair: Mo chuimhne, céard a tharla idir thú fhéin agus uimhir a seacht s’acusan ag tús an dara leath?Buachaill: Tá’s agat fhéin, the usual.
Máthair: Cén ‘usual’?
Buachaill: Á, bhí sé ag moutháil faoi Ghaeilge.
Máthair: Céard a bhí sé a rá?
Buachaill: An sean-shit céanna – ‘Stupid f*!king Connemara boggers, why can’t ye talk English like everyone else?’ Tarlaíonn sé i gcónaí.
Máthair: Ná bí ag eascainí. Níor cheart dhuit aon aird a thabhairt air - tú fhéin a bheas thíos leis.
Buachaill: Tá’s agam, ach d’éireodh tú tinn dhó.
Máthair: An chéad uair eile, coinnigh guaim ort fhéin, nó cárta buí a bheas agat dhá bharr.
Comhrá 3
Triúr leaids óga sa teach ósta
Ógánach 1: ‘Phádraig, caith amach trí phionta Guinness againn!
Ógánach 2: Are ye going up to the Comórtas Peile?
Ógánach 3: No fuckin’ way, I can’t afford it!
Ógánach 1: Fág seo suas, Paul is driving and we can sleep in the car…
Ógánach 3: Nil baol ormsa codladh in aon fuckin’ carr
Ógánach 2: It’ll be a bit of craic - the Leitir Móir girls are playing on Saturday
Ógánach 3: It was shite last year.
Ógánach 1: Nach fearr é ná fanacht sa mbaile?
Comhrá 4
Bean óg agus a máthair
Bean Óg: An bhfaca tú mo sheaicéad? Tá deifir orm - tá mé ag fáil lift faoi cheann chúig nóiméad….
Máthair: Cá’il tú a’ dul anois?
Bean Óg: Toraigh
Máthair: Toraigh? Cén uair a shocraigh sibh é sin?
Bean Óg: Dúirt mé leat an lá cheana - tá crowd againn ag dul suas - beidh sé mighty,
beidh na Sonaís ag casadh, beidh na Begleys ann, tá mé a cheapadh go bhfuil dream chontae na Mí ar a mbealach suas freisin - agus bíonn muintir Thoraí chomh sound i
gcónaí linn.
Máthair: Shíl mé go dhúirt tú nach raibh pingin agat - Féile na Gealaí and that’s it, a dúirt tú…
Bean Óg: Bhuel, níl baol orm fanacht sa mbaile agus chuile dhuine eile thuas…