Mise agus an Ghaeltacht

Mise agus an Ghaeltacht

An Ghaeltacht phearsanta

Tá tuiscint níos teibí ar an nGaeltacht mar ghréasán urlabhra tábhachtach leis an tuiscint thíreolaíoch, a deir Máirín Nic Eoin

Rugadh agus tógadh m’athair i mbaile beag ar bhun Chnoc Bréanainn i gCorca Dhuibhne agus, cé gur chaith sé formhór a shaoil i mBaile Átha Cliath, ba é an ceangal teaghlaigh sin le ceantar Gaeltachta a óige a mhúnlaigh mo chéad tuiscintí ar an nGaeltacht mar cheantar a raibh an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga phobail ann. D’éirigh liom blaiseadh beag a fháil den Ghaeltacht sin mar pháiste agus mé ar saoire teaghlaigh i gCorca Dhuibhne agus mar dhéagóir agus mé i mo scoláire (trí bliana as a chéile) ar choláiste samhraidh ar an gCeathrú Rua i gConamara. Ba le linn dom a bheith i mo mhac léinn ollscoile i mBaile Átha Cliath ag deireadh na 1970idí, áfach, a fuair mé tuiscint níos doimhne ar an nGaeltacht mar cheantar agus mar phobal. Bhíodh ar mhic léinn na Gaeilge canúint réigiúnach a roghnú do na seisiúin teanglainne agus roghnaigh mise agus formhór mo chairde canúint Chúige Chonnacht, rud a thug siar arís go Gaeltacht Chonamara mé.

Ba mhinic ar thóir na teanga san ardchathair freisin muid. Théimis chuig Club an Chonartha agus chuig tithe tábhairne a thaithíodh muintir na Gaeltachta; d’fhreastalaímis ar Oireachtais agus ar Éigsí agus thapaímis gach deis turasanna a thabhairt siar. Nuair a bhí orm tráchtas tíreolaíochta a scríobh sa tríú bliain ollscoile, roghnaigh mé gluaiseacht na gcomharchumann Gaeltachta mar ábhar staidéir. Thug an taighde sin éachtaint ar leith dom ar dhúshláin shocheacnamaíocha na gceantar Gaeltachta, cuid acu a bhí fós gan uisce reatha ná seirbhísí leictreachais ag deireadh na 1970idí. Nuair a thug mé faoi chéim mháistreachta sa Ghaeilge ina dhiaidh sin, ba ar phróslitríocht Chorca Dhuibhne agus Thír Chonaill a dhírigh mé, corpas liteartha a thug éachtaint bhreise dom ar ghéarchéim na réigiún Gaeltachta i mbéal an nua-aoisithe, ar an mbánú pobail agus ar an imirce éigeantach arb é a thoradh cainteoirí dúchais Gaeilge a bheith scaipthe go dtí na ceithre harda. Thug an dá phíosa taighde sin léargais eile dom freisin: léargais ar theacht aniar mhuintir na Gaeltachta, ar an mianach radacach a ghin gluaiseachtaí ar nós Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ar an bhféiniúlacht chultúrtha as ar tháinig Raidió na Gaeltachta, agus iliomad fiontar agus féile ealaíne agus chultúir ó shin. Thug siad léargas freisin dom ar an ról a bhí ag daoine ón taobh amuigh den Ghaeltacht i gcuid de na forbairtí ba rathúla sna ceantair sin: an t-inspreagadh a fuair scríbhneoirí agus scéalaithe Gaeltachta ó scoláirí ón iasacht, mar shampla, an cúnamh gairmiúil a bhí ar fáil sna 1970idí ó Ghaeilgeoirí ó cheantair eile a lonnaigh sa Ghaeltacht agus a ghlac páirt chruthaitheach sna gluaiseachtaí forásacha pobail a bhí ag teacht chun cinn ag an am.

Is fada anois mé ag aontú leis an mbreithiúnas a rinne an sochtheangeolaí Máirtín Ó Murchú sa bhliain 2000 nuair a dúirt sé nach raibh i bpobal urlabhra na Gaeltachta ‘ach an taobh is treise Gaeilge sa chointeanóid dhátheangach atá ar fáil ar fud na tíre’. Ní hionann é sin agus a rá nach bhfuil tábhacht leis an tuiscint thíreolaíoch ar an nGaeltacht. Go deimhin, ar feadh i bhfad i ndiaidh fhoilsiú thuarascáil agus léarscáileanna Choimisiún na Gaeltachta 1926 níor tugadh go leor aitheantais do na cúinsí fisiciúla agus socheacnamaíocha sna ceantair a bhí áirithe ag an gCoimisiún mar cheantair ‘fhíor-Ghaeltachta’. Tá an tuiscint thíreolaíoch fós luachmhar, de bhrí go dtugann sé aitheantas don tábhacht shochtheangeolaíoch a bhaineann le dlús pobail, le seachadadh idirghlúine agus le rialtacht agus ilghnéitheacht na ndeiseanna cumarsáide idir cainteoirí.

Is gá a aithint freisin, áfach, go bhfuil tuiscint níos teibí ar an nGaeltacht mar phobal nó mar ghréasán urlabhra chomh tábhachtach leis an tuiscint thíreolaíoch, go háirithe anois agus an tsoghluaisteacht agus an nascacht dhigiteach ina ndlúthchuid de thaithí shóisialta an-chuid daoine. Do Ghaeilgeoirí atá ina gcónaí i bhfad ó dhlúthphobal réigiúnach Gaeilge, is gá Gaeltacht phearsanta a chruthú trí líonraí teagmhála a fhorbairt agus trí leas a bhaint as an ngréasán institiúideach agus as na meáin chumarsáide agus na modhanna cumarsáide atá ar fáil sa teanga. Bhí an t-ádh liomsa sa mhéid is gur oibrigh mé ar feadh na mblianta in institiúid a raibh teagmháil laethúil agam le cainteoirí Gaeilge, lucht Gaeltachta ina measc. D’éirigh liom teagmháil a choinneáil le cuid mhaith de mo chairde ollscoile agus bhí go leor deiseanna agam páirt a ghlacadh i gcomhthionscnaimh le gníomhaithe Gaeilge agus Gaeltachta in institiúidí agus in eagraíochtaí éagsúla. Bhí mé páirteach i mbunú Chomharchumann Raidió Átha Cliath, as ar tháinig Raidió na Life, stáisiún a chuir le fuaimrian na Gaeilge sa teach s’againne agus a chuir deiseanna oiliúna agus oibre ar fáil do na céadta Gaeilgeoirí óga. Bhí mé in ann mo pháistí a chur chuig naíonra agus chuig scoileanna lán-Ghaeilge nach raibh rófhada ó bhaile. Rinne mé go leor cairde nua fan na slí agus ba mhór an cúnamh freisin na himeachtaí spraoi agus sóisialta, campa Gaeltachta san áireamh, a d’eagraíodh an grúpa tacaíochta teaghlaigh, Comhluadar.

Tá áit ar leith ag na ceantair Ghaeltachta i mo shaol agus i mo chroí, go háirithe de bharr mo cheangal teaghlaigh le Corca Dhuibhne agus mo ghaol cairdis le daoine ón nGaeltacht, daoine a casadh orm, den chuid is mó, anseo i mBaile Átha Cliath. Ar deireadh thiar, is ionann an Ghaeltacht dom anois agus na daoine a labhrann Gaeilge liom féin agus le mo chlann, na daoine a chuir fáilte roimh m’fhear céile nuair a bhí sé ina fhoghlaimeoir fásta agus na daoine atá ag saothrú leo ag cur seirbhísí tábhachtacha ar fáil do phobal na teanga agus ag éileamh na dtacaíochtaí stáit atá de dhíth leis an bpobal a neartú.

Gleann Tréig

Tadhg Mac Dhonnagáin

Tá tú féin agus triúr leaid eile a casadh ort cúpla lá ó shin fáiscthe le chéile i suíochán cúil Peugeot 504 atá ag déanamh ar thóin Ghleann Tréig, an bháisteach ag hapáil den bhóthar cúng romhaibh. An fear atá ag tiomáint, tá rásúr leictreach ina lámh chlé, a smig crochta i dtreo an scátháin aige, a shúile anonn is anall idir é agus an bealach casta romhaibh. Éamon Ó Cuív is ainm dó, tá gaol éigin aige le Dev agus dar le do Dhaid, tá seans maith go n-éireoidh leis i dtoghchán éigin a bheas ar siúl amach sa samhradh. Idir seo agus sin, tá Coláiste Gaeilge bunaithe i nDúiche Sheoigheach aige agus tá tú féin ar dhuine de na chéad scoláirí.

Ní thuigeann tú fós é, ach athróidh an tréimhse trí seachtainí seo do shaol. Gabhfaidh tú abhaile agus an chéad uair eile a bheidh amhránaí sean-nóis ar an teilifís, déarfaidh do Dhaid an rud a deir sé go hiondúil: ‘Turn off that graveyard howl’. Cuirfidh na focail sin olc ort ar bhealach nár chuir roimhe.

Tar éis na hArdteiste, tabharfaidh tú aghaidh ar Bhaile Átha Cliath le seal a chaitheamh sa gcoláiste, ag múineadh gaelscoile agus ag gaeilgeoireacht os comhair cheamaraí teilifíse RTÉ. Ag tús na mílaoise nua, aistreoidh tú féin, do chéile agus bhur gclann óg siar go Cois Fharraige. Na deiseanna a shantaigh tú le slí bheatha a dhéanamh i saol na n-ealaíon, aimseoidh tú sa nGaeltacht iad. Cuirfidh tú aithne ar chomhluadar geanúil a gcaithfidh tú oícheanta geimhridh agus samhraidh ag ceol leo, idir shean-nós agus nua-nós.

Tiocfaidh tuiscint chugat ar stádas casta na teanga i measc an phobail, an chaoi a bhfuil na déagóirí a oibríonn sa Centra áitiúil lánsásta Gaeilge a labhairt leat, ach Béarla atá acu eatarthu féin. ‘Shílfeá gur Gaeilgeoirí iad agus an chanúint a bhí orthu,’ arsa comharsa leat agus í ag cur síos ar ghasúir na háite ag léamh a gcuid paidreacha guí an phobail ag an gCéad Chomaoineach. I do theach féin, beidh an scéal chomh casta céanna. ‘Dún do chlab, a chuint,’ a déarfaidh do mhac ceithre bliana d’aois lena dheartháir mór, lá. Nuair a thriaileann tú d’iníon cúig bliana d’aois a chasadh ar theanga na háite, ar sise ‘Dad, I speak Béarla’.

Imeoidh na blianta ina gcuaifeach. Fágfaidh an chlann ina nduine agus ina nduine. Tiocfaidh paindéim agus tráthnóna amháin agus an saol ag teacht chuige féin, tabharfaidh tú do chéile ag tiomáint thart ar Dhúiche Sheoigheach. Aimseoidh sibh Gleann Tréig agus tiocfaidh sibh ar an scoil inar reáchtáladh an cúrsa samhraidh. Seasfaidh sibh ag breathnú thart nó go siúlfaidh bean aniar an bóthar. Labhróidh tú léi agus míneoidh tú di go raibh tú i do scoláire san áit seo i samhradh na bliana 1977. ‘Bhuel, má bhí,’ a deir sí, ‘bhí mise do do mhúineadh.’ Bhí, a deir tú leat féin, tusa agus go leor eile.

Fanboy na Fána Buí

Antain Mac Lochlainn

Déagóirí na gcoláistí samhraidh, faigheann siad amach go hóg nach mbíonn dath eile ar an spéir sa Ghaeltacht agus nach binnbhriathra na Gaeilge amháin a chothaíonn muintir na háite. Níor leag mise cos i gceantar Gaeltachta go raibh mé sna fichidí agus, i rith an ama sin, bhí miotas agus mistéir na Gaeltachta ag fás i m’intinn. An mbeadh glacadh liom ann? An éireodh liom an cód cultúrtha a léamh nó an mbeinn ag cur alltacht ar chaomhnóirí thobar an dúchais? (Ní scéal duine amháin mo scéalsa – tá aithne agam ar dhuine a chreid gur gréasán d’oifigí rialtais a bhí i gceantair Ghaeltachta na hÉireann.)

Thug mé faoi chéim Ghaeilge in Ollscoil Uladh Chúil Raithin. I gceantar Ghort a’ Choirce a chaitheadh muid saoire na Cásca, ag fanacht i dtithe daoine agus ag freastal ar ranganna, corruair. Bhí mise ró-ómósach, is dócha – ag brú comhrá ar dhaoine agus ag iarraidh ciútaí na canúna a thabhairt liom. Fanboy na Fána Buí. Le himeacht ama, thuig mé gur beart gan chiall ag fear as Contae Dhoire a ligean air féin gur de bhunadh Chloch Cheann Fhaolaidh é. Fós féin, measaim gur fearr an ró-ómós ná an beagmheas. Bhí Fíor-Ghaeil inár measc a dtiocfadh riastradh orthu dá ndéarfaí fridge nó bicycle. Agus más fíor go ndeachaigh cuid againn thar fóir leis an chanúnachas, is fíor fosta gur thuig muid an luach a bhaineann le caint na Gaeltachta. Chítear dom nach bhfuil an tuiscint sin chomh láidir i measc mic léinn inniu.

An bhliain áirithe seo, is go Connachta a seoladh muid, gur chaith muid an Cháisc fá Cheathrú Thaidhg, Contae Mhaigh Eo. Is ann a bhí comhrá agam leis an scéalaí breá úd, John Henry. Ghabh mé mo leithscéal leis nuair nach raibh ag éirí liom mé féin a chur in iúl dó. Dúirt sé liom gan mo cheann a bhuaireamh faoi. ‘Nach bhfuil do chuid Gaeilge féin agat?’ ar seisean.

Do chuid Gaeilge féin – sin an sprioc. Is dual do gach foghlaimeoir a chuid féin a dhéanamh den teanga, ach ar dhúshraith Ghaeltachta.

Dréimire dofheicthe

Eoghan Mac Giolla Bhríde

Bhí mímeadóireacht ina rud mór sna seachtóidí agus sna hochtóidí i saol na Gaeilge, a bhuíochas do Marcel Marceau, do Étienne Decroux agus do Shlógadh, an fhéile náisiúnta óige a bhí á reáchtáil ag Gael Linn san am. Bhíodh comórtas mór mímeadóireachta ag Slógadh gach bliain agus chuireadh mímeadóirí dóchasacha ar fud na tíre isteach air, iad go léir ag lámhadrú i mbocsaí dofheicthe agus cuma an iontais agus na truamhéala orthu.

Bhí siad sáinnithe i bpríosún éigin agus bagairt ag teacht ón taobh amuigh agus, corruair, ón taobh istigh. Bhíodh orthu úsáid a bhaint as gach seift a bhí acu le teacht slán, agus ba mhinic a bhrúfaí síos iad ag fórsaí do-bhraite … ach d’éireodh na mímeadóirí suas arís mar bhláthanna ag múscailt le teas na gréine i ndiaidh fhuacht an gheimhridh, rud a thabharfadh dóchas mór don lucht féachana.

Níor tháinig an borradh ar fhoirm ealaíne na mímeadóireachta a bhíothas ag tuar, agus is trua go raibh ar na mímeadóirí sin go léir iad féin a chur in iúl ar bhealaí úra nuair a tháinig deireadh leis an chomórtas. Ní hé gur imigh an fhoirm ealaíne sin go hiomlán, ach slogadh isteach i bhfoirmeacha eile í, ar nós an damhsa chomhaimseartha agus ag maireachtáil i mbocsaí.

D’fhóir sé go maith dúinne, muintir na Gaeltachta, a bheith ag glacadh páirt sna comórtais mhímeadóireachta sin, óir bhí cleachtadh faoi leith againn ar na gluaiseachtaí ba choitianta a bhí de dhíth: gluaiseachtaí ar nós ‘ag siúl in éadan na gaoithe’, ‘ag dreapadh suas dréimire dofheicthe’, ‘ag tochailt poill sa talamh’ agus ‘ag screadaíl ó bharr do chinn gan duine ar bith do chluinstin’.

Agus bhí muid iontach maith ag cur muid féin in iúl trí ghothaí gnúise do dhaoine nár thuig an cruachás a raibh muid ann. Bhí muid inár suí go sásta leis an ealaín seo a chleachtadh, agus tá go fóill. Molaim an comórtas sin a thabhairt ar ais, ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.

Athrú foirne

Bridget Bhreathnach

Oíche bhreá i lár an tsamhraidh agus é fós chomh geal leis an lá, bhí mé i mo shuí ag an bhfuinneog i mo sheomra codlata. Thart ar sé bliana d’aois a bhí mé agus bhí muid díreach tar éis bogadh ‘abhaile’ go Ros Muc as Meiriceá.

Bhí teach s’againne ceangailte le siopa mo mhuintire, agus shuínn sa bhfuinneog sa tráthnóna ag éisteacht leis na daoine ag teacht is ag imeacht.

An oíche bhreá sin, chuala mé m’athair amuigh ar an tsráid agus é ag caint le fear eile. Thuig mé chuile shórt go dtí gur tháinig siad go dtí an deireadh agus dúirt an fear, ‘íí-a-wa!’ agus d’fhreagair m’athair é, ‘Íí-a-wa!’

‘Céard a chiallaíonn íí-a-wa?’ a d’fhiafraigh mé de m’athair níos déanaí. Níor thuig sé ar dtús mé agus ansin thosaigh sé ag rachtaíl gháire. ‘‘Oíche mhaith’ atá tú ag iarraidh a rá.’

Bhí an Ghaeilge cloiste agam cheana. Bhíodh mo mhuintir ag labhairt Gaeilge lena chéile agus mhúin siad corrfhocal domsa. Ach nuair a tháinig muid abhaile go Ros Muc bhí an Ghaeilge mórthimpeall orm.

Tá an chuid is mó de mo shaol caite agam sa nGaeltacht nó in aice léi ó shin. Ón Spidéal siar féadfaidh tú Gaeilge a labhairt le pébí duine a chasfar ort ar an tsráid agus chuile sheans go labhróidh siad Gaeilge ar ais leat.

Ní chloisfidh tú, ‘Ó, you’re a Gaeilgeoir!’ ná ní thosóidh siad ag insint duit faoin gcaoi ar tachtadh iad leis an nGaeilge ar scoil. Is deas a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt agus gan éinne aon suntas mór a dhéanamh di. Airíonn tú faoiseamh.

Le deireanas tá líne as an dán ‘An Chéad Dráma’ le Johnny Chóil Mhaidhc ar m’intinn agam go minic. Cuireann sé an saol i gcomparáid le dráma agus tá líne aige i dtreo an deiridh - ‘tiocfaidh an dráma ar aghaidh le foireann eile’.

Tá go leor de na daoine a d’aithin mise ag fás aníos imithe anois ar shlí na fírinne. Ní hí an Ghaeltacht chéanna í anois agus a bhí inti nuair a bhí mise i mo ghasúr. Is dóigh go raibh an t-athrú sin riamh ann idir na glúnta. Ní thuigeann tú é go dtí go dtagann tú féin go dtí an aois ina bhfeiceann tú an ‘fhoireann’ ag athrú.

Fós, ba bhreá liom é dá bhféadfainn dul ar ais, fiú lá amháin eile, tráthnóna samhraidh a chaitheamh ag suí sa bhfuinneog ag éisteacht leis na daoine ag caint agus iad ag imeacht tharam.

‘Sa mbaile’ i chuile Ghaeltacht

Cormac Ó hEadhra

Cén tábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht duitse?

Clann. Pobal. Ceangal. Cultúr. Féiniúlacht. Na focla sin ar fad. Má bhíonn orm ariamh cur síos a dhéanamh ar m’fhéiniúlacht bíonn tús áite ag m’aitheantas Gaeltachta i gcónaí - Gaeltacht-Conamara-Gaillimh. Sin é an t-ord. Tá mé ‘sa mbaile’ i chuile Ghaeltacht dháiríre. Tá muintearas idir lucht Gaeltachta, is cuma cé acu dúiche sa tír as a dtagann siad. Tuigeann muid a chéile. Sileann siollaí agus nathanna cainte na Gaeltachta go réidh asainn. Cothaíonn sé sin bá.

Blianta siar bhí foireann as Gaillimh (nach n-ainmneofar) ag imirt in aghaidh chlub Chiarraí, ‘An Ghaeltacht’ i gcluiche ceannais na hÉireann. Mar Ghaillimheach, ní hé go raibh mé in aghaidh chlub na Gaillimhe. Ach bhí mé ag tacú leis an nGaeltacht freisin. Tá brón orm mhuintir na Cealtraí!

Sa gclann s’againne, bhí muid mórtasach, bródúil ó bhí muid an-óg go raibh Gaeilge na Gaeltachta againn. Sin an tógáil a fuair muid sa mbaile ónár dtuismitheoirí. Chreid mé go raibh rud eicínt iontach faoin ngaeltacht in Éirinn mar gheall air - ‘Tá Gaeilge bhreá agaibhse’ a deireadh mo mháthair linn go minic. Cúis bhróid - agus ní shin rud beag do lead óg atá ag iarraidh meabhair a bhaint as an saol. Ach níor bhuail luach dhúchas is oidhreacht na Gaeltachta mé i gceart go dtí go raibh gasúir againn féin agus mé ag labhairt na Gaeilge ‘ón gcliabhán’ leo. An slabhra sin atá ag dul siar na mílte bliain - ó thuismitheoir go páiste, ó ghlúin go glúin - an rud is iontaí ar fad.

Sháraigh an slabhra sin go leor, ó ionsaí go himirce, ó phéindlíthe go neamhaird agus tuilleadh idir eatarthu - nach mbeadh sé uafásach dá gcaillfí é de bharr easpa tacaíochta agus gnímh?

An aigne Ghaeltachta

Darach Ó Scolaí

‘Is clos dom gurb í an Ghaeilge an teanga mháthartha san oileán sin Montserrat ... Cia dubh bán iad, is gean liom cine Gael.’

Is le hAmhlaoibh Ó Súilleabháin na focla sin, dialannaí a tháinig aniar as Ciarraí ina pháiste gur chuir faoi i gCallainn i gContae Chill Chainnigh i dtús an 19ú haois.

Anoir a thug m’athair is mo mháthair muide. Mar a chonaic Amhlaoibh i gCallainn “an Chlampair” lena linn féin, chonaic mé féin go raibh an Ghaeltacht ag cúlú. “Faraor!” a deireadh Amhlaoibh breá.

Ach ní dhearna sé scéal chailleach an uafáis de. In Cin Lae Amhlaoibh, thug sé aird ar bhláthanna na léanta, ar éanlaith, ar áilleacht na tíre, agus chuir a chuid smaointe ar phár. Táimid (nó tá mise ar aon nós) á léamh fós.

Ní limistéir tíreolaíochta amháin í an Ghaeltacht, is dearcadh ar an saol agus ar an domhan í (ó Mhuiceanach go Monserrat!). Agus níl rud is mó a dhéanfadh dochar di ná agall chráite sin Amhlaoibh: ‘faraor!’ Ionainn féin atá cuid éigin de thodhchaí na Gaeltachta — cén fáth a mbeadh dúil ag aon duine sa nGaeltacht mura mbeadh ‘an tsúil eile’ sin againn?

Labhair an scríbhneoir Seán Mac Mathúna air sin lá agus é ag cur síos dom ar leabhar Thomáis Uí Chriomhthain, An tOileánach. As Trá Lí do Sheán agus chuir seisean aithne ar an nGaeltacht ar dtús i leabhar an Chriomhthanaigh — is ann a tuigeadh dó go raibh aigne Ghaeltachta ann. An tuiscint chéanna a fuair mé féin nuair a léigh mé Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne i rang na hArdteiste – leabhar eile a fhillim go minic uirthi.

Cothú don pheann is don anam

Áine Uí Fhoghlú

Is ‘fuineadh in aice na mine’ don scríbhneoir Gaeilge é a préamhacha a bheith go daingean in ithir na Gaeltachta, agus sin mar atá agamsa anois breis is trí fichid bliain ó chuir mo mhuintir fúthu sa Rinn.

Nuair a thángadar chuig an leithinis aoibhinn seo in oirdheisceart na tíre, bhí togha na Gaeilge le cloisint fós i measc an aoisghrúpa a bhí os cionn na leathchéad bliain agus bhíomar ar maos sa saibhreas a bhain léi. Ach má bhí, ní raibh sa cheantar ach dornán beag bídeach a bhí ag tógaint a bpáistí le Gaeilge agus bhí an bás á thuar don teanga laistigh de ghlúin nó dhó.

D’imigh an saibhreas áirithe sin, ach d’fhan an spiorad beo i measc na ndaoine. Ní bhfuair an teanga bás, ach a mhalairt. Anois, ainneoin bacanna pleannála, tá pobal beo bríomhar Gaeltachta anseo agus méadú as cuimse tagtha ar an líon teaghlach a bhfuil an Ghaeilge go líofa ag a bpáistí sa mbaile.

Mar fhile agus scríbhneoir do dhéagóirí óga, bíonn áthas orm glacadh le cuirí ó na scoileanna áitiúla ceardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanamh le daltaí an cheantair. Ainneoin tionchar ollmhór na meán ar an nglúin óg sin, tá spiorad áirithe na Gaeltachta le haithint iontu i gcónaí. Tugann na cuairteanna sin an deis dom aithne a chur ar an dream óg, glúin i ndiaidh glúine. Is pribhléid dom an méid a d’fhoghlaimíos féin óna sinsir a roinnt leo.

Bhaineas sárthaitneamh as dhá thogra a raibh páirt agam iontu le gairid. Ceann acu, forbairt ar léiriú a raibh rince comhaimseartha nuachumtha mar phríomhchuspóir aige, faoi stiúir Fhearghus Ó Conchúir. An ceann eile, cónaitheacht scríbhneoireachta le daltaí Scoil Náisiúnta Bhaile Mhic Airt, mar ar scríobh na páistí dánta agus scéalta ar an stair áitiúil, bunaithe ar thogra Mósáic ag an gcraobh áitiúil de Bhantracht na Tuaithe. Na glúnta á nascadh go héasca.

Idir imeachtaí ceoil agus ghníomhaíochtaí eile pobail, gan trácht ar thírdhreach draíochtúil agus ceol na mara lenár gcluasa, tá cothú anseo don pheann is don anam. Táim fé chomaoin ag an gcruinne gur sa Rinn atá mo chónaí, mo phréamhacha fós á gcothú, agus an ceathrú glúin dár sliocht ag eascairt as créafóg shaibhir na Gaeltachta.

Ceantar beag dearmadta

Pól Ó Muirí

Mín an Chladaigh, 1982 – is é seo mo chéad chuairt ar an Ghaeltacht. Cúrsa Cásca atá ann, iarracht an fhoghlaimeora le snas de shórt inteacht a chur ar Ghaeilge chiotach roimh scrúdú an tsamhraidh. Ní raibh mé sa Ghaeltacht roimhe sin ach bailíonn mo thuismitheoirí an táille agus téim siar.

Is fada na múinteoirí Gaeilge ag caint ar an Ghaeltacht ach is de bhunadh Bhéal Feirste mise agus níl eolas ar bith agam ar an cheantar ná, le bheith macánta, ar an Ghaeilge. Deir daoine go bhfuil sí tábhachtach agus tá baicle tithe faoi chúpla céad slat de mo theach féin ina mbíonn daoine ag caint Gaeilge eatarthu féin.

Is i dTeach Geordie a Dó a chuirtear ar lóistín mé. Níl sa teach ach daltaí scoile. Níl múinteoirí ina gcónaí linn. Bhuel, sin aisteach. Cé atá le haire a thabhairt dúinn? Muid féin, is cosúil.

Tá siopa ann agus tá cead againn milseáin a cheannach ann. Airgead tirim amháin atá i gceist an t-am sin. Puntaí. Iarraim Mars Bar: ‘Ba mhaith liom Mars Bar, le do thoil.’

‘Cá mhéad?’ a fhiafraíonn an tseanbhean ar chúl an chuntair.

‘Beirt,’ a deirim. Tuigeann sí agus gheibhim dhá Mhars Bar.

Tá a gcuid Gaeilge aisteach sa cheantar seo. Tá fuaimeanna na teanga difriúil le Gaeilge ár gcuid múinteoirí. Táááááááááááá, a deir siad. Táááááááááá. Shíl mé nach raibh ach ‘á’ amháin in ‘Tá’ ach táááááááááá níos acu i Mín an Chladaigh ná mar atáááááááááá i mBéal Feirste.

Tá an coláiste sin ina ballóg anois, an t-am deireanach a raibh mé sa cheantar. Ceantar beag dearmadta atá ann anois. Is ar Mhachaire Rabhartaigh, faoi chúpla míle de Mhín an Chladaigh, a théann na scoláirí samhraidh sa lá atá inniu ann.

Chuaigh mé abhaile i ndiaidh seachtaine ach phill mé ar an Ghaeltacht an bhliain ina dhiaidh sin agus gach aon bhliain ar feadh beagnach 14 bliain gan stad ná staonadh.

Tááááááááááá mé ag foghlaim ó shin.

Gaoltachtaí

Alan Titley

Ar nós duine ar bith eile a tógadh i gcathair nó i mbaile mór, b’fhada uaim agus uainn an Ghaeltacht. Mar sin féin, nuair a bhíos níos óige ná mar atáim anois agus mé fós sa bhunscoil, théimis go rialta go Guagán Barra ar laetha saoire. Is ann a chuala Gaelainn á labhairt ar dtúis, agus ina dhiaidh sin i mBéal Átha an Ghaorthaidh nuair ba ghá uachtar reoite a cheannach. Nílim cinnte ach an oiread cathain ar airíos Gaelainn eile á labhairt in oirthear Chorcaí i mBaile Mhac Óda, múinteoir scoile, cara lem athair ag caint le fear i gcúinne an tí tábhairne. Cheapas ar feadh tamaill gur Gaelainn ar fad a bhí á labhairt in oirthear Chorcaí, ach is léir go raibh breall orm.

Do chuas dtí an nGaeltacht ar an bhFeothanaigh in iarthar Chiarraí nuair a bhíos ar an meánscoil. Ina dhiaidh sin, nuair a bhí mé im ábhar múinteora chaith mé tamall leob i gConamara ar chúrsa drámaíochta. Lena linn sin, chaidh mi fhín is caraid agam a Alba agus dh’fuirich sinn greis coladheug a’s na Hearadh, cé nach raibh a fhios againn go raibh Gaidhlig na hAlban ann roimhe sin.

Bhí cara faoi leith agam sna Rosaibh, agus théinn ann ina theannta fosta timpeall an ama chéanna. B’ionadh liom nach raibh eolas ar bith agam faoi dtaobh den Ghaelig, agus thiocfadh nach bhfuil fós.

Ach bhí cur amach éigin agam ar na canúintí go léir agus mé im dhéagóir nó mé sna fichidí luatha. D’fhág sin nár dheoranta liom aon chanúint ar bith, agus cé go gceapaim go bhfuil bunsraith de Ghaeilge Chorcaí thoir, thiar agus chathrach agam ó m’óige amach, tá sin maolaithe go mór mar nach foláir a bheith agus mé ag caint le daoine ná fuil an t-ádh céanna leo.

Leanas caidreamh cairdis agus gairmiúil le gach Gaeltacht ó shin idir thamallacha fada agus gairid. Ach níor ghéilleas riamh gur cheart gur Gaolainn Chiarraí a bheadh ag gach Corcaíoch. Rud éigin san fhuil. Is fíor gur chóir go gcoimeádfaimis greim ar gach urla bheag dár gcanúint féinig, ach is í Gaeilge na hÉireann is tábhachtaí ar fad agus a bheith soiléir solabhartha.