Seo Linn go Tóiceo

Seo Linn go Tóiceo

Údar
Iarla Mac Aodha Bhuí
Praghas
€3.00
  • ISBN: 0952630664
  • Bliain foilsithe: 2000
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

D'fhéadfadh sé go bhfuil Iarla Mac Aodha Bhuí ar an scríbhneoir is bisiúla do pháistí dá bhfuil ann i láthair na huaire. Seo chugainn an toradh is nua de pheann Mhic Aodha Bhuí, leabhar eachtraíochta do dhéagóirí. Is an-áis iad na gluaisnótaí ag bun na leathanach do léitheoirí.

Údar

Iarla Mac Aodha Bhuí

Iarla Mac Aodha Bhuí

Tógadh Iarla Mac Aodha Bhuí i gCorcaigh, i gContae Átha Cliath agus i nGaoth Dobhair. Foilsíodh ailt agus gearrscéalta dá chuid in An tUltach, Meascra Uladh, Feasta, agus Comhar. D’fhoilsigh Coiscéim a chéad úrscéal in 1982, agus tá leabhair eachtraíochta do dhaoine óga, léirmheastóireacht agus aistriúcháin foilsithe ag Coiscéim, Comhar, agus Cló Mhaigh Eo. D’fhoilsigh An Clóchomhar a thráchtas M.Phil Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis sa bhliain 1992. D’fhoilsigh COMHAR dhá leabhar eachtraíochta do dhéagóirí leis, Tréigean na Cúise (1999) agus Seo Linn go Tóiceo (2000). Tá cónaí air sa Spáinn le tamall de bhlianta.

---

Iarla Mac Aodha Bhuí was raised in Cork, Dublin and Gaoth Dobhair. His articles and short stories have been published in An tUltach, Meascra Uladh, Feasta, and Comhar. Coiscéim published his first novel in 1982, and he has since published adventure stories for young people, reviews and translations with Coiscéim, Comhar and Cló Mhaigh Eo. An Clóchomhar published his M.Phil thesis Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis in 1992. COMHAR published two of his adventure books for teenagers, Tréigean na Cúise (1999) and Seo Linn go Tóiceo (2000). He has lived in Spain for a number of years.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…