Samhradh an Chéasta

Samhradh an Chéasta

Údar
Catherine Foley
Praghas
€10.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 9780955721731
  • Bliain foilsithe: 2010
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tá contúirt i ndán do Neasa ach tá sí mar uain ag dul chuig an tseamlais, soineanta, goilliúnach, dallta ag an dainséar. Tá mangaire druga ag plé léi, tá uaigneas ag bagairt uirthi agus tá piollairí dainséaracha á dtógaint aici agus í ag iarraidh cruth idéalach an mhainicín a bhaint amach. Tá uair na cinniúna ag druidim léi — an dtiocfaidh sí as seo?

Scéal comhaimseartha nua is ea é seo a thugann léargas ar domhan inmheánach an déagóra.

About the book

The internal world of a troubled teenager is put under the microscope in this dark novella of love, drugs and torment. One of LeabhairCOMHAR’s Foghlaimeoir Fásta (adult learner) titles aimed specifically at adults wishing to improve their fluency in Irish.

Údar

Catherine Foley

Catherine Foley

Is scríbhneoir cruthaitheach, craoltóir, scríbhneoir teilifíse agus iriseoir í Catherine. Chaith sí fiche bliain ag obair mar thuairisceoir le The Irish Times.

Bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas d’ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2016 dá bailiúchán colún raidió agus nuachtán, Cuisle an Chósta. Tá trí nóibhille Gaeilge scríofa aici sa seánra seo cheana. Bhuaigh An Cailín Rua (2004) an chéad duais ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2003 agus bhuaigh Sorcha sa Ghailearaí an dara duais sa chomórtas sin i 2002. Tá an dá leabhar foilsithe ag COMHAR. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR an tríú nóibhille, Samhradh an Chéasta, i 2010.

Scríobh sí an script agus chuir sí an tsraith teilifíse, Pobal ag Guí, i láthair ar TG4 i 2013, inar dhein sí anailís ar thraidisiúin na paidreoireachta in Éirinn.

Is léachtóir páirtaimseartha san iriseoireacht le Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí í.

Tá scriptscríbhneoireacht agus láithreoireacht déanta aici, in éineacht len í a bheith páirteach mar chomhléiritheoir lena deirfiúr RoseAnn ar bhreis agus dosaen clár faisnéise do TG4 — ina measc siúd tá clár faoin scríbhneoir Molly Keane, faoin iriseoir Donal Foley, amhránaí Tom Clancy, an fuirseoir Val Doonican agus an teanór Frank Patterson.

Foilseoidh Coiscéim a céad bailiúchán filíochta i 2019, dár teideal Ag Marú Maicréal.

Bhuaigh a cuimhní cinn, a d’fhoilsigh Mercier Press Beyond the Breakwater: Memories of Home i 2018, an Waterford News & Star Green Room Award for Best Book of 2018

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…