Cúirt an Mheán Oíche

Cúirt an Mheán Oíche

Údar
Celia de Fréine
Eagarthóir
Fidelma Ní Ghallchobhair
Praghas
€12.00
  • Sraith: Doras Feasa
  • ISBN: 9780993494673
  • Líon leathanach: 136
  • Bliain foilsithe: 2017
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Rinne Celia de Fréine cóiriú drámata agus aistriúchán Béarla ar dhán Merriman in 1982 agus léirigh an Dublin Shakespeare Society é in 1982 agus arís in 2007. Ar iarratas ó Aisteoirí Bulfin in 2014, d’fhill sí ar bhuntéacs Merriman agus leag sí amach é de réir a cóirithe féin ó 1982. Chuir sí uimhreacha na línte isteach mar áis don léitheoir, agus rinne cóirithe beaga anseo is ansiúd.

Rinne Fidelma Ní Ghallchobhair eagarthóireacht éadrom ar an script agus é mar aidhm aici go mbeadh aisteoirí an lae inniu in ann an oiread agus ab fhéidir de a thuiscint uathu féin. Le maolú ar an dúshlán a bhaineann le go leor de na focail agus nathanna i dtéacs fileata Merriman, chuir sí gluais ar chúl na scripte mar áis don chompántas dá léiriú in 2015. Bhain na haisteoirí an-earraíocht as an ngluais agus an dráma á chleachtadh. Ar an ábhar sin, mheas de Fréine agus Ní Ghallchobhair go mb’fhiú an script seo a fhoilsiú sa chaoi go mbeadh deis ag cumainn eile tabhairt faoin dráma éachtach seo.

“Thriailfeadh leagan drámata de Chúirt An Mheán Oíche údar maith agus i gcaitheamh na mblianta tá iarrachtaí déanta i mBéarla agus i nGaeilge ar a leithéid a chur ar an stáitse agus ar an teilifís… Nuair a chuir Celia de Fréine leagan drámata i mBéarla den dán ar fáil cheap sí seift chun an deacracht seo a shárú… Tá an leagan amach seo curtha ar bhuntéacs Gaeilge Mherriman anois ag Celia agus is é atá sa bhfoilseachán seo. Fairis sin, tá nótaí mínithe tuisceanacha curtha leis anseo ag Fidelma Ní Ghallchobhair a chabhróidh go háirithe le haisteoirí agus léiritheoirí nach mbeadh taithíoch ar dhul i ngleic le téacs fileata Gaeilge ón ochtú haois déag. Tá comaoin nach beag curtha ag Celia de Fréine agus ag Fidelma Ní Ghallchobhair ar chultúr liteartha na Gaeilge san aois seo agus buanú breise déanta ar an éacht fileata a dhein Brian Merriman dhá chéad is daichead nach mór ó shin.”

- Liam P. Ó Murchú, An Brollach

Údar

Celia de Fréine

Celia de Fréine

Is scríbhneoir ilghnéitheach í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an iliomad duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta, scripteanna agus drámaí a bhíonn á stáitsiú go rialta. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo, arb iad cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can’t (Scotus Press, 2014) na cinn is deireanaí uaithi. In 2017 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a leagan drámata de Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman. Is duine de chomhbhunaitheoirí Umbrella Theatre Company í, an compántas a léirigh Luíse, dráma bunaithe ar shaol Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh in 2016/2017. Is é Ceannródaí an chéad saothar próis óna peann.

Tuilleadh eolais

Eagarthóir

Fidelma Ní Ghallchobhair

Céimí de chuid OÉG is ea Fidelma Ní Ghallchobhair. Oileadh í mar eagarthóir in An Gúm agus, ina dhiaidh sin, chuaigh sí le hobair na téarmeolaíochta in oifig an Choiste Téarmaíochta, áit a ndearna sí obair ar théarmaí drámaíochta mar chuid de bhailiúchán nua téarmaíochta i réimse na n-ealaíon (féach Téarmaí Ealaíon in www.tearma.ie).

Mar eagarthóir gairmiúil, déanann sí obair eagarthóireachta d’fhoilsitheoirí éagsúla na laethanta seo. Tá go leor taithí aici i réimse na drámaíochta chomh maith ó na 1970idí anonn – mar aisteoir, mar léiritheoir, mar chóiritheoir scripte, mar eagarthóir scripte, agus mar scríbhneoir i gcomhthéacs Drámaíocht san Oideachas.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…