Leanaí Séanta

Leanaí Séanta

Údar
Celia de Fréine
Praghas
€13.00
  • ISBN: 978-1-7392551-8-3
  • Líon leathanach: 144
  • Bliain foilsithe: 2023
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Dáta foilsithe: 27 Samhain

Drámaí faoi ghnéithe de shaol na mban in Éirinn le trí scór bliain anuas atá sa dornán seo ina gcuimsítear Slán, dráma fada agus dhá ghearrdhráma Rogha Róisín agus Cathú. Castar mná orainn sna drámaí seo atá ag streachailt leo ainneoin na ndúshlán a leagtar os a gcomhair amach. Cé gur fhíor-imeachtaí a ghríosaigh de Fréine chun pinn, d’fhigh sí scéalta inchreidte astu agus chruthaigh carachtair dhodhearmadta leis na scéalta sin a bheochan. Tá na carachtair sin lonnaithe i ndomhan doshéanta inaitheanta i ngach uile dhráma sa dornán suntasach seo.

About the book

Publication date: 27 November

This collection comprises of plays about aspects of women’s lives in Ireland over the last 60 years – Slán, a long play and two shorter plays Rogha Róisín and Cathú. In each of these plays, we encounter women who don’t give up despite the challenges they are faced with. Although real events inspired de Fréine to put pen to paper, she wove believable stories out of these events and created unforgettable characters in order to give life to the stories.The characters in each of the plays in this remarkable collection live in an undeniably recognisable world.

Údar

Celia de Fréine

Celia de Fréine

Scríobhann Celia de Fréine in iliomad seánraí i nGaeilge agus i mBéarla. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht (2004). Deich gcnuasach atá i gcló aici go dtí seo. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite ag a cuid drámaí mar aon le duaiseanna dá scripteanna scannán agus teilifíse sa tír seo agus i Meiriceá. Bhuaigh Ceannródaí, a beathaisnéis de Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, Duais Leabhar Taighde na Bliana de chuid ACIS (2019) agus ainmníodh í ar an ngearrliosta do Dhuais Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2018) agus do Ghradam Uí Shuilleabháin (2019). Ainmníodh Cur i gCéill, an chéad choirscéinséir óna peann, ar ghearrliosta Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2020). Ainmníodh An Dara Rogha, a húrscéal tuairimeach don aos óg, ar ghearrliosta Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2022). In 2022 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a rogha dánta mar aon le dánta nua sa saothar Aoi ag Bord na Teanga.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…