Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal

Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal

Údar
Richie Conroy
Maisitheoir
Don Conroy
Praghas
€12.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: Déagóirí agus léitheoirí níos sine!
  • ISBN: 978-1-9196013-0-4
  • Líon leathanach: 280
  • Bliain foilsithe: 2021
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tá Emily Porter sona sásta. Tá sí féin agus Cian ag dul amach ‘go hoifigiúil’, tá sí san idirbhliain anois (níl aon staidéar le déanamh ar feadh bliana), agus tá múinteoir nua ar scoil atá spreagúil, cineálta agus an-dathúil!

Ach, ní fada go dtosaíonn rudaí ag dul in olcas don déagóir bocht. Tá fadhbanna le réiteach aici – fadhbanna lena cara Olivia, fadhbanna sa bhaile agus fadhbanna lena buachaill. Chomh maith leis sin, tá rún mór le scaoileadh ag Mam agus Daid a athróidh saol Emily ó bhun go barr.

Mórphearsana de chuid na litríochta ab ea iad Emily Brontë agus Emily Dickinson agus tá gliondar ar Emily Porter go bhfuil a dialann siúd ag cur le traidisiún liteartha na nEmilys.

Seo an dara leabhar sa tsraith, tá an chéad leabhar 'Dialann Emily Porter: An Jailtacht' ar fáil anseo.

*Bhuaigh an saothar seo duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020.

About the book

Emily Porter is happy out. Herself and Cian are officially going out, she’s in transition year now (no homework for a year), and there’s a new teacher at school who is inspiring, kind and a total lash!

But it’s not long before things start to unravel for the poor teenager. She has problems galore. Problems with her best friend Olivia, problems at home and problems with her boyfriend. If that wasn’t bad enough, her Mam and Dad have a big secret to share that will turn Emily’s life upside down.

Emily Brontë and Emily Dickinson are literary icons and Emily Porter is delighted that her diary is adding to the literary tradition of the Emilys.

This is the second book in the series, the first book 'Dialann Emily Porter: An Jailtacht' is available here.

*This book won a prize at the Oireachtas Literary Competitions 2020.

Údar

Richie Conroy

Richie Conroy

Is scriptscríbhneoir é Richie Conroy a oibríonn ar go leor cláracha teilifíse agus scannáin don aos óg. Tá gearrscéalta a scríobh sé foilsithe sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Is é Dialann Emily Porter: An Jailtacht a chéad úrscéal.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Don Conroy

Seanchara le Socky agus Zig & Zag ar The Den (cur ceist ar do thuismitheoirí!), is údar agus maisitheoir é Don Conroy agus tá neart leabhar maisithe aige do dhaoine óga. Is aisteoir é Don freisin - Moone Boy (SKY), Roy (CBBC) agus ‘Fran: Assistant Manager' (TV3). Thaithin sé go mór leis bheith ag comhoibriú lena mhac Richie ar an leabhar seo.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…