Nílim ag iarraidh dul ar scoil

Nílim ag iarraidh dul ar scoil

Údar
Áine Ní Ghlinn
Maisitheoir
Carol Betera
Praghas
€13.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • ISBN: 978-0-9571593-9-6
  • Bliain foilsithe: 2013
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Pian sa bholg. Tinneas cinn. Slaghdán. Leithscéal ar bith le fanacht sa leaba agus gan dul ar scoil… Nach mar sin a bhraitheann gach duine againn ó am go chéile? Leabhar pictiúr daite do pháistí óga scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus maisithe ag Carol Betera.

Údar

Áine Ní Ghlinn

Áine Ní Ghlinn

Tá 30 leabhar scríofa ag an scríbhneoir, léachtóir agus craoltóir Áine Ní Ghlinn go dtí seo. Ina measc seo tá scéalta, filíocht agus drámaí do léitheoirí óga chomh maith le húrscéalta agus filíocht do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Faoi láthair roinneann sí a cuid ama idir léachtóireacht in DCU, ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta agus a cuid scríbhneoireachta féin. Tá go leor gradam buaite aici dá saothar.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Carol Betera

Dearthóir í Carol Betera. Tá mórán leabhar do pháistí maisithe aici, d’údair ar nós Eilís Ní Dhuibhne, Eilís Dillon, Carolyn Swift, Mary Beckett, Michael Comyns, Siobhán Parkinson, Gabriel Rosenstock, Maria Boden, agus Eithne Ní Ghallchobhair.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…