Iris Comhar - Aibreán 2022

Iris Comhar - Aibreán 2022

Eagarthóirí
Seán Tadhg Ó Gairbhí, Tristan Rosenstock
Praghas
€4.00
  • Líon leathanach: 40
  • Bliain foilsithe: 2022
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Eagrán mhí Aibreáin 2022 den iris Comhar. Móreagrán ag céiliúradh 50 bliain de RnaG.

About the book

April 2022 edition of Comhar magazine. A special edition celebrating 50 years of RnaG.

Eagarthóirí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2013 agus ar Tuairisc.ie ó 2014. Bhain sé céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir le Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir air ó 2003 go 2009. D'fhoilsigh sé bailiúchán aistí, Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014) agus leabhar ar fhobairt TG4, Súil Eile (Cois Life, 2017).

Tuilleadh eolais

Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstock

Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir is ea Tristan Rosenstock. Bhain sé céim amach sa Nua & Luath-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide agus ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé céim MA i gCúrsaí Teilifíse & Scannán i gColáiste Chathair Bhaile Átha Cliath. Blianta caite aige mar chraoltóir teilifíse agus raidió. Bhuaigh clár ómóis do Seamus Heaney a chuir sé i láthair duais IFTA agus bhuaigh clár raidió faoi shaothar Gaeilge Bhreandán Uí Bheacháin a léirigh sé duais PPI. Léirigh sé ceirnín filíochta dar teideal Fuil ar an Rós a bhí mar chuid de chomóradh 1916. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. Tá sé ag obair anois mar Eagarthóir liteartha ar Comhar.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…