Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Eagarthóirí
Caoimhe Nic Lochlainn, Ríona Nic Congáil
Praghas
€20.00
  • ISBN: 978-0-9571593-6-5
  • Líon leathanach: 336
  • Bliain foilsithe: 2013
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tairiscint speisialta: Ceannaigh na 4 leabhar sa tsraith seo ar lascaine 50% anseo

Is é seo an dara cnuasach aistí i sraith a bhfuil sé mar aidhm aici léann litríocht agus chultúr na n-óg a phlé agus a fhorbairt.

I measc údair na n-aistí seo tá Róisín Adams, Claire Marie Dunne, Mairéad Mac Con Iomaire, Tadhg Mac Dhonnagáin, Colm Mac Séalaigh, Máire Mhic Mhathúna, Órla Ní Chuilleanáin, Deirdre Nic Mhathúna, Aisling Ní Dhonnchadha, Éilís Ní Dhuibhne agus Cáit Ní Shiúrtáin.

Seo an dara leabhar sa tsraith, tá na leabhair eile ar fáil ag na naisc seo:

Eagarthóirí

Ríona Nic Congáil

Ríona Nic Congáil

Tógadh Ríona Nic Congáil i nGaillimh. Scríobh sí leabhar do pháistí nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, An Túr Solais (Coiscéim, 2004). D’fhoilsigh sí dhá leabhar eile do pháistí ina dhiaidh sin: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) agus Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). Idir 2007 agus 2012, bhí sí i mbun ‘Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge’, a chuir gréasán tacaíochta ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Chuir sí dhá eagrán speisialta de Comhar in eagar: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010). Bhain sí Ph. D. amach sa Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009. I measc a cuid foilseachán tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (eag.) (Arlen House, 2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (eag.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (comheag.) (2013), agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (comheag.) (2015).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…