Iris Comhar - Deireadh Fómhair 2022

Iris Comhar - Deireadh Fómhair 2022

Eagarthóirí
Seán Tadhg Ó Gairbhí, Tristan Rosenstock, Síobhra Aiken
Praghas
€4.00
  • Líon leathanach: 44
  • Bliain foilsithe: 2022
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Eagrán mhí Dheireadh Fómhair 2022 den iris Comhar. Móreagrán in ómós do Mháire Mhac an tSaoi.

About the book

October 2022 edition of Comhar magazine. A special edition dedicated to Máire Mhac an tSaoi.

Eagarthóirí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2013 agus ar Tuairisc.ie ó 2014. Bhain sé céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir le Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir air ó 2003 go 2009. D'fhoilsigh sé bailiúchán aistí, Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014) agus leabhar ar fhobairt TG4, Súil Eile (Cois Life, 2017).

Tuilleadh eolais

Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstock

Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.

Tuilleadh eolais

Síobhra Aiken

 Tá Síobhra ina léachtóir sinsearach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste 
Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…