Iris Comhar - DF 2023 (móreagrán)
- Eagarthóirí
- Tristan Rosenstock, Seán Tadhg Ó Gairbhí
- Maisitheoir
- Mark Wickham
- Praghas
- €4.00
- Sraith: Comhar (iris)
- Líon leathanach: 40
- Bliain foilsithe: 2023
-
Scaip an leabhar seo
Eagrán mhí Dheireadh Fómhair 2023 den iris Comhar.
Na Scríbhneoirí Úra: Ábhar (dánta, gearrscéalta agus eile) ó scríbhneoirí nach bhfuil leabhar foilsithe acu cheana atá faoi chaibidil san eagrán seo.
October 2023 edition of Comhar magazine.
Special edition celebrating new writers: This is a special bumper edition containing poems, short stories and other material from writers who have not previously had their work published in book form.
Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.
Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2013 agus ar Tuairisc.ie ó 2014. Bhain sé céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir le Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir air ó 2003 go 2009. D'fhoilsigh sé bailiúchán aistí, Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014) agus leabhar ar fhobairt TG4, Súil Eile (Cois Life, 2017).