Saol an Mhadra Bháin

Saol an Mhadra Bháin

Údar
Ríona Nic Congáil
Maisitheoir
Críona Nangle
Praghas
€12.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • ISBN: 978-0-9557217-6-2
  • Bliain foilsithe: 2011
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Cloiseann Ciara go bhfuil saol an mhadra bháin thart. Ach cén chaoi ar tharla sé sin? Bhí sí ag imirt leis an madra bán le déanaí agus bhí an chuma air go raibh sé breá sláintiúil. Is léir nach mian leis na daoine fásta gach rud a insint do Chiara faoi bhás an mhadra bháin. Beartaíonn Ciara a fháil amach céard atá ar siúl acu agus céard go díreach a rinne siad lena cara beag bán…

About the book

Ciara hears that the white dog has departed this world. But how did it happen? When she played with him only recently he had looked fine and healthy. It seems the adults are reluctant to tell Ciara the whole story surrounding the death of the white dog. Ciara resolves to get to the bottom of their behaviour and find out exactly what they did to her furry little friend…

Údar

Ríona Nic Congáil

Ríona Nic Congáil

Tógadh Ríona Nic Congáil i nGaillimh. Scríobh sí leabhar do pháistí nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, An Túr Solais (Coiscéim, 2004). D’fhoilsigh sí dhá leabhar eile do pháistí ina dhiaidh sin: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) agus Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). Idir 2007 agus 2012, bhí sí i mbun ‘Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge’, a chuir gréasán tacaíochta ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Chuir sí dhá eagrán speisialta de Comhar in eagar: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010). Bhain sí Ph. D. amach sa Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009. I measc a cuid foilseachán tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (eag.) (Arlen House, 2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (eag.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (comheag.) (2013), agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (comheag.) (2015).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…