Nuair a Stadann an Ceol

Nuair a Stadann an Ceol

Údar
Marie Whelton
Praghas
€10.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 978-0-9571593-5-8
  • Bliain foilsithe: 2013
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tar éis di dul ar ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair, tá Róisín ar ais i mbun staidéir, sa choláiste oideachais don bhunmhúinteoireacht an uair seo. Tá cairde nua aici agus tá go leor ceoil á sheinm, ach tá deacrachtaí móra pearsanta aici freisin.

About the book

After some time spent working, Róisín is back at college again, this time to become a Primary School teacher. She has new friends and is playing plenty of music but has her share of personal difficulties too. This is a story about the gifts and challenges of family, friendship and music.

Údar

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. Tá leabhair agus ailt foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla d’eitic agus d’aeistéitic litríocht na Gaeilge agus litríocht Ghaeilge na n-óg. Ina theannta sin, tá áiseanna deartha aici d’fhoghlaimeoirí fásta teanga agus do bhunmhúinteoirí a fhaigheann a gcáilíochtaí oideachais thar lear. Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, cónaitheacht scríbhneora uirthi sa bhliain 2014 in Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Nuair a Stadann an Ceol (LeabhairCOMHAR, 2013 agus 2015) - a ghnóthaigh duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais - agus Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). Ba chomhúdar í ar Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009) agus ar Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006). Is ball í de choiste comhairleach maidir le haistriúchán An Leabhar Aifrinn Rómhánach (eagrán altóra nua) a fhoilseoidh Veritas níos déanaí sa bhliain 2017.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…