Scannánaíocht na Gaeilge

Scannánaíocht na Gaeilge

Eagarthóirí
Róisín Ní Ghairbhí, Marcas Mac Coinnigh
Praghas
€20.00
  • Sraith: Neamhfhicsean
  • Aoisghrúpa: Daoine Fásta
  • ISBN: 978-1-918127-00-3
  • Líon leathanach: 344
  • Bliain foilsithe: 2025
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tugann Scannánaíocht na Gaeilge léargas úrnua ar scéal na scannán Gaeilge.

Agus borradh suntasach faoi scannánaíocht na Gaeilge le blianta beaga anuas, is tráthúil rianú a dhéanamh ar éabhlóid réimse Léann na Scannánaíochta Gaeilge. Sa chnuasach seo tá réamhrá cuimsitheach agus cuntais ilghnéitheacha le lucht déanta scannán agus le scoláirí aitheanta. Pléitear Man of Aran, Mise Éire, An Cailín Ciúin agus Kneecap i measc scannán eile. Sa ghluais atá le fáil i ndeireadh an leabhair tá spléachadh ar théarmaíocht nua-aimseartha na scannánaíochta. Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, a scríobh an brollach, mar a bhfuil cur síos ar chomhthéacs na scannánaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Cuirfidh idir scoláirí, scannánóirí agus lucht féachana spéis i Scannánaíocht na Gaeilge. Beidh an leabhar ina acmhainn bhuan agus ina spreagadh ag gach duine a chuireann spéis sa réimse bisiúil seo de shaol agus de Léann na Gaeilge.

Léirmheas ó Mháirín Nic Eoin.
 

About the book

A brand-new insight into the story of Irish-language film.

In light of significant developments in Irish-language film in recent years, this timely publication traces the evolution of Irish-language Film Studies. Film-makers and noted scholars have contributed varied accounts to this anthology. Man of Aran, Mise Éire, An Cailín Ciúin and Kneecap are among the films discussed. With preface by Deirdre Ní Choistín, Director-General of TG4.

Tuilleadh eolais

Preasráiteas: Scannánaíocht na Gaeilge

Eagarthóirí

Róisín Ní Ghairbhí

Róisín Ní Ghairbhí

Tá Dr Róisín Ní Ghairbhí ina léachtóir sinsearach i Roinn na Gaeilge i nDámh na nDán i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá taighde ilghnéitheach ar ghnéithe de litríocht agus de chultúr na Gaeilge curtha ar fáil aici in ailt agus i leabhair éagsúla. Bhí sí mar láithreoir agus mar thaighdeoir leis an gclár Léirmheas Leabhar do TG4.


 

Tuilleadh eolais

Marcas Mac Coinnigh

Marcas Mac Coinnigh
 Léachtóir sinsearach é an Dr Marcas Mac Coinnigh i Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá spéis mhór aige sa phairéimeolaíocht, sa fhráseolaíocht, agus i Léann na Cuimhne. Tá ailt acadúla foilsithe aige i réimse leathan irisí léannta lena n-áirítear Folklore, International Journal of Lexicography, Journal of Ethnology and Folkloristics, Léann, Proverbium agus Zeitschrift für celtische Philologie. Is é Mnemonic Structure and Style in Irish Proverbs (2025) an leabhar is déanaí uaidh. 
Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…