Solas ar na dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara

Solas ar na dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara

Eagarthóirí
Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Siún Ní Dhuinn
Praghas
€15.00
  • Sraith: Saol agus Saothar
  • ISBN: 978-0-9934946-3-5
  • Líon leathanach: 208
  • Bliain foilsithe: 2016
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Ba mhór an stangadh a baineadh as pobal na Gaeilge nuair a cailleadh Muiris Ó Meara go hóg i samhradh na bliana 2014. Bhí an-ghealladh faoi Mhuiris mar scoláire agus mar scríbhneoir cruthaitheach. Iarradh ar chairde agus ar léachtóirí Mhuiris aistí acadúla a sholáthair don chnuasach aistí seo. Cuimsíonn na haistí seo na réimsí spéise a bhí ag Muiris féin: an scannánaíocht, an chritic chultúrtha, an amhránaíocht, an fhilíocht agus an Cumann Lúthchleas Gael. Léiríonn na haistí seo éagsúlacht agus feabhas na smaointeoireachta i Léann na Gaeilge faoi láthair, gort ar chuir Muiris go mór leis agus é ina bheathaidh. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine sna hinstitiúidí éagsúla ar fhreastail sé orthu in Éirinn agus thar lear, agus tá a rian sin le sonrú ar an mbailiúchán aistí seo.

Eagarthóirí

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Léachtóir le Gaeilge í Ailbhe Ní Ghearbhuigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ciarraíoch ó dhúchas. Dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, Péacadh (2008) agus Tost agus Allagar (2016). Bronnadh Duais Adele Dalsimer sa Léann Éireannach ar a tráchtas dochtúireachta i 2014. Suim ar leith aici i dtréimhse na hAthbheochana, sna teagmhálacha idir an Eoraip agus an Ghaeilge, i litríocht an 20ú hAois agus sa litríocht chomhaimseartha.

Tuilleadh eolais

Siún Ní Dhuinn

Siún Ní Dhuinn

Léachtóir le Gaeilge í Siún Ní Dhuinn i Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad. Is as Dún Dealgan, Contae Lú ó dhúchas di. Eagarthóir An Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta (2011), colúnaí míosúil le Nós Mag agus a suíomh gréasáin dátheangach As an Nua bunaithe aici i mbliana. Tá sainspéis aici i scríbhinní Bhriain Uí Nualláin agus san iriseoireacht chomhaimseartha.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…