Tréigean na Cúise

Tréigean na Cúise

Údar
Iarla Mac Aodha Bhuí
Praghas
€5.00
  • ISBN: 0952630699
  • Bliain foilsithe: 1999
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tá Liam bródúil as a phost mar phíolóta in aerfhórsa nua an Aontais. Ach titeann eachtraí amach agus castar daoine air a chothaíonn an t-amhras ann. Scliúchas ar shráideanna Bharcelona, rás mídhleathach carranna ar an rúidbhealach, comhrac san aer. B’fhéidir go bhfuil sé in am dó a dhílseacht a athrú…

"Tá an-ábhar scéil anseo — é beo, bríomhar, nua-aosach, lán leis an teicneolaíocht agus leis an eachtraíocht is geal le déagóirí."
— Gearóid Denvir

Údar

Iarla Mac Aodha Bhuí

Scríbhneoir agus aistritheoir is ea Iarla Mac Aodha Bhuí. Thosaigh sé ag scríobh altanna agus gearrscéalta i 1977 do "An tUltach". D'fhoilsigh Coiscéim trí leabhar leis, Eití Samhraidh (1993), úrscéal do dhéagóirí a d'aistrigh sé ón Fhraincis, Trasnú (1994), gearrscéalta, agus Ráífa (1994), úrscéal do dhéagóirí. D'fhoilsigh Comhar Teoranta Tréigean na Cúise, úrscéal do dhéagóirí, i 1999.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…