Tairngreacht

Tairngreacht

Údar
Proinsias Mac a' Bhaird
Praghas
€12.00
  • Sraith: An Léamh Liteartha
  • ISBN: 978-1-9998029-6-7
  • Líon leathanach: 300
  • Bliain foilsithe: 2019
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

***Stoc nua ag teacht i lár 2024. Ag glacadh le réamhorduithe anois.***

Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais.

Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin. Ach an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, fíorófar an tairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin; tairngreacht a d’athródh an saol go deo.

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar an úrscéal seo.

Rinneadh cur síos ar Phroinsias Mac a’ Bhaird mar ‘Dan Brown na Gaeilge’ nuair a foilsíodh Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010) agus is cinnte go bhfuil an bheocht, an mhistéir agus an phlotaireacht bhríomhar chéanna, a choinneodh i do shuí mall san oíche thú, san úrscéal nua seo uaidh. Tá cónaí ar an údar i dTír Chonaill, lena chúram agus lena mhadadh Pluto, áit a n-oibríonn sé mar mháistir scoile.

About the book

***New stock coming mid-2024. Currently accepting pre-orders.***

Údar

Proinsias Mac a' Bhaird

Proinsias Mac a' Bhaird

Is as Árainn Mhór Thír Chonaill do Phroinsias. Bhain a chéad leabhar Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002) le béaloideas Árainn Mhór. Tá trí chnuasach filíochta scríofa aige, dhá úrscéal, An Tairiscint (Coiscéim, 2005) agus Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010), agus leabhair do dhaoine óga. Tá gearrscéalta, drámaí agus amhráin scríofa aige fosta. Is iomaí duais atá bainte aige as a chuid scríbhneoireachta. Léann sé go rialta ag féilte litríochta agus ealaíne agus scríobhann sé ó am go céile in irisí liteartha agus sna meáin eile. An fharraige, saol an oileáin, ceol, béaloideas agus an stair is mó a mhúsclaíonn a dhúil. 

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…