Fógraíocht / Advertising

Paca eolais maidir le fógraíocht in Comhar ar fáil anseo: Fógraíocht 2025

Foilsítear móreagráin ag tréimhsí éagsúla gach bliain. Eagráin mhéadaithe a phléann le téama ar leith a bhíonn i gceist. Bíonn an-tóir ar fhógraí sna heagráin seo de bharr go mbíonn clórith níos mó i gceist leo agus gur minic go ndíoltar amach iad. Tuilleadh eolais faoi théamaí etc. ar iarratas.

Is iris mhíosúil í Comhar agus foilsítear 100% d’ábhar na hirise trí mheán na Gaeilge. Áirítear Comhar i measc na meán clóite Gaeilge incháilithe atá ar fáil do chomhlachtaí chun a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh ó thaobh fógraíocht sna meáin Ghaeilge de, mar atá luaite ar shuíomh an Choimisinéara Teanga.

Má tá fonn ort spás fógraíochta a chur in áirithe in Comhar, nó más spéis leat aon rud sa phaca eolais a phlé, cuir r-phost chuig fograi@comhar.ie

Nóta faoin teanga / Note about language:
Iris Ghaeilge í Comhar agus ní ghlacfar ach le fógraíocht trí mheán na Gaeilge. Téann sé i gcoinne pholasaí na hirise botúin litrithe nó Gaeilge nach bhfuil ar ardchaighdeán a fhoilsiú. Má fhaigheann Comhar ábhar nach bhfuil ar chaighdeán sásúil, iarrfar ar an bhfógróir an téacs a leasú sula nglacfar leis don chló.

Moltar do chomhlachtaí aistritheoirí atá creidiúnaithe ag Foras na Gaeilge a úsáid, le cinntiú gur ábhar ar ardchaighdeán Gaeilge atá á soláthar.

Má tá fógra Béarla agat gur mhaith leat a chur in oiriúint do Comhar, tá seirbhís aistriúcháin agus deartha ar fáil uainn ar iarratas.

Comhar is an Irish language magazine and only ad copy in Irish will be accepted. It is against our policy to knowingly publish misspellings or Irish text that is not of a high standard. If copy is received that is not fit for print, Comhar reserves the right to request that copy be amended by the advertiser before it is accepted for print.

In order to ensure translations are done to a high standard, we recommend companies refer to Foras na Gaeilge's list of accredited translators.

If you have a current English language advert you wish to adapt for publication in Comhar, we offer a translation and design service by request.