Maidir le COMHAR

Príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge is ea COMHAR, a fhoilsíonn iris mhíosúil liteartha na Gaeilge, Comhar; iris do léitheoirí iar-bhunscoile, COMHARÓg; iris acadúil phiarmheasta bhliantúil COMHARTaighde, a bhfuil inphrionta foilsitheoireachta leabhar, LeabhairCOMHAR, á rith aici, a thugann stiúir don bhunachar/cartlann dhigiteach náisiúnta phortráidí, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, a thugann comhordú agus maoirseacht don inphrionta nua acadúil Cló Léann na Gaeilge (CLÓ), agus tograí foilsitheoireachta eile idir lámha i saol na Gaeilge. Tá COMHAR buíoch de Fhoras na Gaeilge, de Chlár na Leabhar Gaeilge, den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus den Chomhairle Ealaíon as a dtacaíocht leanúnach sna tograí seo.

Ó bunaíodh í, bhí réim saoil fhada chlúiteach ag COMHAR, agus a hiris Comhar ar cheann de na teidil is so-aitheanta agus is mó cáil i saol na Gaeilge san iriseoireacht. Ba dhúshraith agus ba chrann taca í Comhar do shaothrú agus do bhláthú na nualitríochta Gaeilge i gcaitheamh an ama sin. Is san iris a foilsíodh saothar le beagnach gach scríbhneoir Gaeilge a thuill clú sa tréimhse sin. Maidir le cúrsaí reatha, níor leasc riamh le Comhar labhairt amach go calma agus go neamhspleách maidir leis na ceisteanna is mó a bhí i mbéal an phobail ag aon am ar leith.

Tuigeann Bord Stiúrtha COMHAR go bhfuilimid inár gcaomhnóirí ar thraidisiún luachmhar liteartha agus iriseoireachta, traidisiún an-sainiúil atá ina ábhar mórtais, traidisiún a thug, agus a thugann go fóill, spreagadh agus ionspioráid. Níl fúinn loiceadh ar an traidisiún sin. Tá fúinn, ach go háirithe, treisiú ar ábhar a fhoilsiú a fhéachann le torthaí taighde agus smaoinimh an aos tríú leibhéal a chur i láthair phobail níos fairsinge. Tuigeann an Bord, áfach, nach mór a bheith oscailte do agus tuisceanach ar, na hathruithe atá ar an saol agus ar stíleanna beatha in Éirinn agus ar fud an domhain, i bhfianaise forbairtí sa teicneolaíocht agus sa tsochaí.

Bunaíodh inphrionta foilsitheoireachta leabhar ag COMHAR chun cur leis na féidearthachtaí a bhí ag scríbhneoirí a gcuid ábhar a fhoilsiú trí Ghaeilge. Tar éis scaithimh, athbhunaíodh é faoin teideal LeabhairCOMHAR ag deireadh 2009. Ghlac COMHAR ról ceannródaíoch le foilsitheoireacht acadúil a thabhairt ar na bonnaibh, i gcomhairle le hOllscoileanna na tíre, trí Cló Léann na Gaeilge (CLÓ) a bhunú sa bhliain 2019. Ní mór do LeabhairCOMHAR, le beocht agus le samhlaíocht, freastal a dhéanamh ar réimse spéiseanna na heite níos óige i measc an spriocphobail léitheoireachta, ach go háirithe na deicheanna de mhílte céimithe óga a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal bainte amach acu le 20 bliain anuas.

Tá dúshlán roimh LeabhairCOMHAR & CLÓ agus roimh an fhoireann eagarthóireachta agus oibre meascán ábhair agus cur chuige san inphrionta a chleachtadh agus cothromaíocht chuí a aimsiú, a chuimseoidh idir ábhar a bhuanóidh traidisiún sainiúil LeabhairCOMHAR go nuige seo (litríocht, úrscéalta d’fhoghlaimeoirí fásta) agus ábhar a mheallfaidh líon fairsing léitheoirí le séanraí difriúla sa leabharfhoilsitheoireacht. Tá faoi LeabhairCOMHAR a bheith nuálach agus foilsiú a dhéanamh i bhfoirm sraitheanna a fhágfadh lón léitheoireachta ag pobal na Gaeilge nach bhfuil fáil air ó pheann ná ó phár na bhfoilsitheoirí Gaeilge eile.

Bhunaigh Meitheal Oibre Leabhar de chuid COMHAR, a bhí freagrach don Bhord Stiúrtha as cúram LeabhairCOMHAR ó 2009-2014, na sraitheanna leabhar seo a leanas:

  • An Léamh Liteartha – prós cruthaitheach ardchaighdeáin ón údar aitheanta
  • Foghlaimeoir Fásta – úrscéalta d’fhoghlaimeoirí fásta na teanga;
  • Doras Feasa – leabhair fhaisnéise ar thopaicí Éireannacha don ghnáthphobal;
  • Guth Nua – leabhair á scríobh ag scríbhneoirí úra na teanga, le béim ar an litríocht;
  • An Saol Óg – leabhair lándaite do pháistí;
  • Téad na Filíochta – leabhair d’fhilíocht théamúil ó údair aitheanta; agus
  • Saol & Saothar – beathaisnéisí acadúla; nó rogha scríbhninní ó údar acadúil.