Eolas do scríbhneoirí

Má tá spéis agat ábhar a fhoilsiú in iris Comhar nó lámhscríbhinn a fhoilsiú i bhfoirm leabhair, féach tuilleadh eolais thíos:

Iris Comhar

  • Cúrsaí reatha, gne-ailt: Cuir r-phost mar aon le sampla oibre chuig eagarthoir.irise@comhar.ie
  • Gearrscéalta, filíocht, ábhar liteartha eile: Cuir r-phost mar aon leis an saothar ar spéis leat a fhoilsiú chuig eagarthoir.liteartha@comhar.ie
  • Léirmheasanna: Bíonn léirmheastóirí á lorg againn i gcónaí. Más spéis leat d’ainm a chlárú ar an bpainéal, cuir r-phost chuig eagarthoir.liteartha@comhar.ie leis an eolas seo a leanas:
    • Ainm
    • Cineál ábhair a bhfuil spéis agat ann/nach bhfuil spéis agat ann
    • Eolas maidir le haon taithí (praiticiúil nó oiliúint) atá agat ag scríobh léirmheasanna
    • 2-3 sampla de léirmheasanna atá scríofa agat cheana (más ann dóibh) agus eolas maidir le cár foilsíodh iad
  • Ba chóir go bhfaighfeá admháil go bhfuil do r-phost faighte. Mura bhfaigheann tú aon admháil, bí cinnte go bhfuil an seoladh r-phoist ceart in úsáid agat. Beidh an t-eagarthóir i dteagmháil leat má ghlactar le do shaothar a fhoilsiú san iris.
  • Déantar iarracht freagra a chur chuig gach duine, ach mar gheall ar an líon mór r-phost a seoltar chugainn, ní féidir iad go léir a fhreagairt i gcónaí.
  • Táille: Aontóidh an t-eagarthóir an táille leat má ghlactar le do shaothar a fhoilsiú san iris. Tábla samplach thíos.
  • Cóipcheart:
    • Íocann COMHAR táille leis an údar chun an saothar a fhoilsiú san iris Comhar (áirítear an leagan clóite, leagan bog ar comhar.ie agus in aon chartlann sheachtrach ina bhfuil Comhar ar fáil, e.g. JSTOR, EBSCOhost). Áirítear sa táille a íoctar leis an scríbhneoir, go bhfuil cead ag COMHAR úsáid a bhaint as an saothar ar mhaithe le poiblíocht agus margaíocht na hirise.
    • Fanann an cóipcheart féin leis an údar.
    • Más foilsitheoir tú a bhfuil spéis agat saothar a céadfhoilsíodh in Comhar a athfhoilsiú áit eile, is gá cead a lorg ón údar féin agus an tagairt chuí a lua leis an saothar (i.e. ‘Foinse: Comhar, eagrán x, imleabhar y’).
  • Glacann COMHAR le saothar ar an tuiscint go bhfuil sé deimhnithe ag an údar nach bhfuil cóipcheart á shárú aige/aici.

Tábla táillí

LeabhairCOMHAR

Fáiltíonn LeabhairCOMHAR roimh ábhar sna seánraí seo a leanas:

  • Prós (úrscéalta liteartha, úrscéalta comhaimseartha, splancfhicsean, ficsean eolaíochta, scéinséirí, gearrscéalta)
  • Pictiúrleabhar
  • Litríocht do pháistí
  • Litríocht do dhéagóirí
  • Úrscéalta do dhaoine fásta ag foghlaim na Gaeilge
  • Saothar stairiúil/faisnéise
  • chomh maith le hábhar eile nach bhfuil luaite anseo.

Más spéis leat ábhar a chur faoi bhráid LeabhairCOMHAR, ba chóir an Google Form seo a líonadh agus dréacht den leabhar a chur chuig leabhaircomhar@comhar.ie. Is gá go mbeadh foirm agus dréacht den leabhar faighte againn sula ndéanfar saothar a mheas.

Mura bhfaigheann tú admháil go bhfuil an fhoirm agus dréacht den leabhar faighte againn, bí cinnte go bhfuil do sheoladh r-phoist líonta isteach i gceart agat ar an bhfoirm/go bhfuil an leabhar curtha chuig an seoladh ceart. *Ní ghlactar le hiarratais sa phost.

Déantar saothar a mheas uair sa ráithe. Go minic is gá aiseolas a fháil ó léitheoir seachtrach, mar sin ní féidir freagra a chur ar fáil go dtí go bhfuil an chéim sin i gcrích.