Stair LeabhairCOMHAR

Go dtí gur tugadh córas deascfhoilsitheoireachta isteach in oifig COMHAR is beag leabhar a foilsíodh. I 1982 agus an iris ag comóradh 40 bliain foilsíodh Scéalta as Comhar, rogha de na gearrscéalta a bhí ar Comhar ó bunaíodh an iris maraon le móreagrán comórtha Comhar 1942–82, ina raibh rogha de na hailt a foilsíodh san iris sa tréimhse chéanna. Caoilfhionn Nic Pháidín a chuir eagar ar an mhóreagrán agus Dónall Ó Móráin, Ceannasaí Gael Linn a scríobh an réamhrá. Thart faoi 1987 a tosaíodh ar ábhar na hirise a chur ar ríomhaire agus beartaíodh dul i mbun foilsiú leabhar chun leas níos mó a bhaint as. Caoilfhionn Nic Pháidín, ball de Bhord Stiúrtha COMHAR agus iareagarthóir na hirise, a bhí i mbun foilsiú na leabhar ag an tús. Cnuasach gearrscéalta Sceallóga leis an iriseoir Deaglán de Bréadún agus leabhar faoi shaothar Mháirtín Uí Chadhain An Dá Mháirtín le Diarmuid Ó Gráinne na chéad leabhair a foilsíodh faoin chóras nua. An t-aisteoir Mick Lally a sheol iad maraon le heagrán speisialta de Comhar faoi chúrsaí drámaíochta i mí Dheireadh Fómhair 1990.

Cuireadh cuid den saibhreas a bhí san iris ar fáil don phobal arís le foilsiú An Chaint sa Sráidbhaile, rogha de na hailt a scríobh an t-iriseoir Breandán Ó hEithir do Comhar. Foilsíodh é i 1991, bliain tar éis do Ó hEithir bás a fháil. Agus Comhar ag comóradh an caoga bliain i 1992 foilsíodh Innéacs Comhar 1942–92, curtha le chéile ag Máire de Grás. Lean Caoilfhionn Nic Pháidín le cabhair Sheáin Uí Chearnaigh i mbun foilsiú leabhar Comhar go dtí gur bhunaigh siad a gcomhlacht foilsitheoireachta féin, Cois Life, i 1995. Ar na leabhair eile a foilsíodh faoina stiúir bhí An Peann Coitianta cnuasach aistí a scríobh Liam Ó Muirthile don Irish Times agus dhá leabhar a bhain le stair Chonradh na Gaeilge, An Stad le Seán Ó Cearnaigh agus Máire de Buitléir, Bean Athbheochana le Mairéad Ní Chinnéide, a foilsíodh i 1993 mar chuid de chomóradh céad bliain Chonradh na Gaeilge.

Vivian Uíbh Eachach agus Liam Prút a ghlac cúram foilsiú na leabhar i 1996 agus baineadh leas arís as an saibhreas a bhí san iris chun Cion Fir agus Caithfear Éisteacht a fhoilsiú. Rogha na n-aistí léirmheastóireachta a scríobh Tomás Ó Floinn don iris faoin ainm cleite Flann Mac an tSaoir atá i Cion Fir. Tharla go bhfuair an t-údar bás maidin an lae a bhí an leabhar le seoladh. D’iarr a mhuintir ar COMHAR áfach dul ar aghaidh leis an seoladh agus ba í Aisling Nic Dhonnchadha a sheol. Cnuasach d’aistí a scríobh Máirtín Ó Cadhain ar Comhar atá i Caithfear Éisteacht agus foilsíodh iad i gcomhar le hIontaobhas Uí Chadhain.

Ag tús na mílaoise chuir feidhmeannach Bhord na Leabhar Gaeilge in iúl do Comhar go raibh bearna sa mhargadh maidir le hábhar a bheith ar fáil do dhaoine fásta ar theastaigh uathu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus ar a chomhairle siúd chuir Comhar tús le sraith d’Fhoghlaimeoirí Fásta. Cúig úrscéal déag atá foilsithe sa tsraith ó shin agus duaiseanna Oireachtais buaite ag cuid mhór acu. Fuarthas deontas ó Fhoras na Gaeilge chun cuid de na húrscéalta a thaifeadadh agus caiséad nó dlúthdhiosca a cheangal leo, rud a chuir go mór leis an díolaíocht. Ag an am sin freisin a thosaigh Comhar ar leabhair do pháistí a fhoilsiú. I rith an ama sin, ba í Máiréad Ní Chinnéide a thug stiúir chumasach don ghnó. Bhí ráchairt mhór ar an scéal véarsaíochta Seán agus a Chamán le Pádraig Ó Giollagáin agus Mike McCarthy, a sheol iar-uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Pádraig Mac Donncha. Cuireadh tús le sraith nua leabhar eolais, dar teideal Doras Feasa. Ba é An Ród Seo Romham, le Liam Mac Uistín (2007) an chéad leabhar sa tsraith.

Sa bhliain 2008 rinneadh atheagar ar Bhord Stiúrtha COMHAR agus an bhliain dar gcionn, faoi stiúir bheirt bhall den Bhord, Liam Mac Amhlaigh agus Ríona Nic Congáil, bunaíodh meitheal bheag chun dul i mbun na gcúraimí a bhain le foilsiú leabhar. I 2010 tháinig Rún an Bhonnáin, úrscéal le Proinsias Mac a’ Bhaird sa tsraith Guth Nua, Saol an Mhadra Bháin, scéal do pháistí le Ríona Nic Congáil sa tsraith An Saol Óg agus an dara leabhar sa tsraith Doras Feasa Uachtaráin na hÉireann le Eithne Nic Eoin, a bhí díreach in am do thoghchán na huachtaránachta an bhliain dar gcionn.

D'fhoilsigh an mheitheal trí leabhar eile i 2011 agus le foilsiú Annála le Gréagóir Ó Dúill cuireadh tús le sraith nua, Téad na Filíochta, a bhfuil mar aidhm léi dánta ó fhilí aitheanta, a bhaineann le téama ar leith, a fhoilsiú. Ó shin i leith tá forbairtí éagsúla déanta ar ghnó na leabhar. Tháinig deireadh le meitheal na leabhar i 2014 agus, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ceapadh duine le dul i mbun ghnó na leabhar ar bhonn níos fadtéarmaí; d’fheidhmigh Ursula Ní Choill sa chúram seo ar feadh tréimhse ó 2015-2016 agus chaith Caitríona Ó hAodhagáin seal sa ról chomh maith. Is í Jennifer Gorissen atá ag feidhmiú mar Fheidhmeannach Foilsitheoireachta le LeabhairCOMHAR le tamall anuas. Tá forbairtí éagsúla déanta maidir le foilsiú digiteach chomh maith; foilsíodh an chéad dá chlosleabhar, Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton agus Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a’ Bhaird, i 2016 agus tá sé beartaithe sraith ríomhleabhar a fhoilsiú amach anseo.