Téarmaí & Coinníollacha

Nuashonrú is déanaí: Meán Fómhair 2024

Trí úsáid a bhaint as an suíomh seo, tá tú ag glacadh leis na téarmaí & coinníollacha thíos. Mura bhfuil fonn ort glacadh leis na téarmaí & coinníollacha mar atá leagtha amach, tá sé de cheart agat éirí as an suíomh a úsáid nó teagmháil a dhéanamh le COMHAR le soiléiriú a fháil ar do cheist.

Orduithe ar líne

  • Tá sé ríthábhachtach agus ordú á dhéanamh ar an suíomh seo, go dtugtar:
    • Seoladh r-phoist bailí chun go bhfaighidh tú eolas maidir le d’ordú/rochtain ar ábhar do shíntiúsóirí/meabhrúcháin athnuachana do shíntiúsóirí etc.
    • Seoladh seachadta cruinn
  • Níl aon fhreagracht ar COMHAR má chailleann custaiméir amach ar chomhfhreagras nó orduithe mar gheall ar shonraí teagmhála míchruinne nó neamhiomlána a chuir an custaiméir ar fáil.

Síntiúis
Athnuachan

  • Ón 02.09.2024, socraítear athnuachan uathoibríoch ar gach síntiús a cheannaítear don iris Comhar ar an suíomh seo. Cuirtear an méid sin in iúl don cheannaitheoir ar an leathanach íocaíochta. Cuirtear meabhrúchán athnuachana (mar r-phost) chuig síntiúsóirí 30 lá sula ndéantar an t-idirbheart a phróiseáil.

Rochtain ar eagráin ar líne

  • Bronntar rochtain ar an ábhar ar líne go huathoibríoch nuair a cheannaítear/déantar athnuachan ar shíntiús. Má tá aon fhadhbanna agat leis an rochtain, déan teagmháil le oifig@comhar.ie ón seoladh r-phoist atá cláraithe agat leis an síntiús.

Seachadadh na hirise

  • Comhlacht seachtrach seachadta a chuireann na hirisí sa phost chuig síntiúsóirí gach mí.
  • Cuirfear an chéad eagrán den iris faoin síntiús reatha sa phost chuig síntiúsóirí taobh istigh de mhí ón dáta ar ceannaíodh an síntiús.

Síntiús do mhic léinn

  • Coimeádann COMHAR an ceart fianaise a lorg gur mic léinn chláraithe iad síntiúsóirí a bhfuil ‘síntiús do mhic léinn’ ceannaithe acu.
  • Mura bhfuil an síntiúsóir in ann fianaise shásúil (e.g. cárta aitheantas) a sholáthar taobh istigh den tréimhse atá sonraithe ag COMHAR, iarrfar ar an síntiúsóir an difear sa táille a íoc nó cuirfear an síntiús ar ceal.

Pacáistiú

  • Mála in-bhithmhillte ar féidir a chur sa mhúirín a úsáidtear mar chlúdach ar an iris. Tá COMHAR an-airdeallach ar ábhar athchúrsáilte, agus in-athchúrsáilte, a úsáid chomh fada agus is féidir i ngach réimse de ghnó na heagraíochta.

Cealú

  • Is féidir deireadh a chur le síntiús a athnuachan ag staid ar bith trí logáil isteach ar do chuntas ar comhar.ie. Má chuirtear deireadh leis an athnuachan i lár thréimhse an tsíntiúis, ní bheidh tionchar aige sin ar an síntiús reatha, i.e. leanfaidh an síntiúsóir ag fáil cóipeanna den iris go dtí an dáta éaga ach ní ghearrfar táille orthu don chéad bhliain eile.
  • Níl sé ceadaithe síntiús a chur ar ceal le linn thréimhse an tsíntiúis, ní dhéanfar aon aisíocaíocht leis an síntiúsóir.

Siopa ar líne

  • Déantar iarracht gnáthorduithe a chur sa phost taobh istigh de 3 lá oibre ón dáta ordaithe. D'fhéadfaí tréimhse níos faide a bheith i gceist d'orduithe móra.
  • Seoltaí in Éirinn: Mura bhfuil d’ordú faighte agat taobh istigh 14 lá ón dáta ordaithe, déan teagmháil le oifig@comhar.ie.
  • Seoltaí lasmuigh d’Éirinn: Is féidir moill a bheith le horduithe go seoltaí lasmuigh d’Éirinn, mar gheall ar chórais phostais lasmuigh den tír. Mura bhfuil d’ordú faighte agat taobh istigh de 28 lá ón dáta ordaithe, déan teagmháil le oifig@comhar.ie.


Próiseáil íocaíochtaí