Comóradh cuí ar ‘Cara Éagmaise’

Ríona Nic Congáil
Comóradh cuí ar ‘Cara Éagmaise’

Comhartha tábhachtach ómóis ar dhuine ildánach, fíorchumasach é an leabhar seo.

Is cúis bhróin agus áthais é go bhfuil Solas ar na dumhchannaí: Aistí i gCuimhne ar Mhuiris Ó Meara i gcló. B’fhearr go mór dá mbeadh Muiris, a d’éag go hanabaí sa bhliain 2014, fós inár measc. Ach is comhartha tábhachtach ómóis do Mhuiris é an cnuasach aistí seo, atá curtha in eagar go cúramach ag a dhlúthchairde, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Siún Ní Dhuinn.

Mar a thugann na heagarthóirí le fios i mbrollach an leabhair, ba dhuine ildánach, fíorchumasach é Muiris, a raibh féith an ghrinn go smior ann. Ba mhór an spéis a bhí aige i gcúrsaí teanga, go háirithe an Ghaeilge agus an Fhraincis, ábhair a ndearna sé staidéar orthu don bhunchéim sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, beagán le cois deich mbliana ó shin. Is ann a chuir mé féin aithne ar Mhuiris, ba muid an t-aon bheirt sa bhliainghrúpa a bhí ag gabháil do na hábhair sin. Nuair a chuir mé Cumann na Scríbhneoirí Úra ar bun, ghlac Muiris páirt sna himeachtaí agus chuaigh sé i mbun pinn go fonnmhar. Foilsíodh ailt agus aistí leis in Beo, Comhar, Feasta, Southword, Blaiseadh Pinn (2008), agus ar bhlag na Scríbhneoirí Úra.

Ba léir ó scríbhinní Mhuiris go raibh bua ar leith aige chun tuairimí smaointeoirí móra na linne seo a mhíniú i mbeagán focal, agus gur theastaigh uaidh léitheoirí na Gaeilge a chur ar an eolas faoi theoiricí na hiasachta, bíodh teoiricí critice nó teoiricí polaitiúla i gceist. D’fhéadfadh Heidegger, Žižek, Kant agus Comte-Sponville a bheith luaite in aon alt amháin aige, ach bheadh tagairt do Thomás Ó Criomhthain sa chéad alt eile. Ní haon iontas gur thug sé aghaidh ar Ollscoil Notre Dame ar feadh scaithimh: bhí dúspéis aige i gcúrsaí domhanda, ach bhí sé amhrasach freisin faoi thionchar ‘nua-liobrálaithe an tsaoil seo’ ar chúrsaí domhanda, mar a scríobh sé in Comhar sa bhliain 2010, i bhfad sula raibh an téarma ‘nua-liobrálaithe’ in úsáid go forleathan. Braithim, agus mé ag léamh siar ar a chuid alt, go raibh Muiris chun tosaigh ar an gcuid is mó dínn maidir lena chuid léitheoireachta agus smaointeoireachta, agus go mbeadh go leor le rá aige faoi staid an domhain sa bhliain 2017. Cuir i gcás an sliocht seo a leanas a d’fhoilsigh sé faoin teideal ‘Ar Eagla na hEagla’ ar bhlag na Scríbhneoirí Úra sa bhliain 2011:

Tá feiniméan nua tagtha chun solais in iarthar na hEorpa le 25 bliain anuas dar leis an bhfealsamh Luc Ferry. ‘Prolaiféarú na nEaglaí’ a thugann Ferry ar an bhfeiniméan sin. Taibhsítear do Ferry go bhfuil eagla orainn roimh gach rud, nach mór, ar na saolta seo. Creideann sé go gcuireann cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí éiceolaíochta, gnéas, tobac, éin (fliú éanúil), otracht, clónáil, féinmharú, Wikileaks- cuireann na nithe seo uile eagla orainn, dar leis. Ní hamháin sin ach braitheann sé go bhfuil prolaiféarú ainrianta ag teacht ar líon na ‘nEaglaí’ seo bliain i ndiaidh bliana. (Muiris Ó Meara, ‘Ar Eagla na hEagla’, 25 Feabhra 2011, scribhneoirioga.blogspot.com)

Luann Ní Ghearbhuigh agus Ní Dhuinn deisbhéalaíocht Mhuiris i mbrollach Solas ar na dumhchannaí, agus déanann siad cur síos ar an gcaidreamh a bhí ag Muiris le cuid de na húdair a chuir aistí ar fáil don chnuasach seo, idir iarléachtóirí dá chuid, agus a chomhscoláirí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Notre Dame, agus OÉ Gaillimh, áit a raibh sé i mbun taighde dochtúireachta. Feidhmíonn an t-aon aiste dhéag sa chnuasach seo mar mhacallaí ar na hábhair fhairsinge a raibh suim ag Muiris iontu. Ina measc tá aiste ar chúrsaí creidimh is polaitíochta in Ultaibh san ochtú haois déag le Seosamh Watson; staidéar ar ‘Bhanfhile’ Sheáin Uí Ríordáin le Muireann Ní Bheaglaoich; agus cur síos ar éabhlóid léann an bhéaloidis in Éirinn agus in Albain le Séamus Mac Floinn.

Bhí sé i gceist ag Muiris cnuasach aistí a fhoilsiú ar an scannánaíocht Ghaeilge, ábhar ar chuir sé ardspéis ann ó bhí sé ina mhac léinn bunchéime. Cé nár éirigh leis a leithéid a dhéanamh, tugtar tús áite don scannánaíocht Ghaeilge sa chnuasach seo mar díríonn an chéad dá aiste ar an ábhar céanna. Pléann Jeannine Woods an cultúr béil agus an scannánaíocht, mar atá, na naisc idir an dá fhoirm, agus an tionchar atá ag an gcultúr béil ar roinnt scannán Éireannach. Déanann Eilís Ní Dhúill anailís ar an scannán cáiliúil Man of Aran (1934) mar cháipéis chultúrtha. Mar a thugann sí féin le fios tar éis di dul i ngleic le tuairimí criticeoirí éagsúla ‘is éard atá i Man of Aran insint fhileata ar thuiscint an Fhlathartaigh ar nádúr an duine’.

Ba mhór an dúil a bhí ag Muiris san imeartas focal aonteangach agus trasteangach, agus thapaigh sé gach deis teangacha, seanfhocail agus focail a athmhúnlú. Fiú amháin nuair a bhí ábhar tromchúiseach faoi chaibidil aige, d’éirigh leis greann éigin a bhaint as. Is cuí mar sin go bhfuil aiste curtha ar fáil ag Marcas Mac Coinnigh a thugann cuntas cuimsitheach ar struchtúr na seanfhocal Gaeilge, agus go bhfuil alt ar leith aige a dhíríonn ar imeartas focal.

Cuireann aiste Lillis Uí Laoire ar ‘Amhrán Mhaínse’ clabhsúr leis an gcnuasach seo. Tá gné luachmhar phearsanta ag baint le haiste Uí Laoire óir d’eascair an aiste as an bplé a bhí ag an údar agus Muiris sa bhliain 2012 agus tá comhfhreagras Mhuiris mar chuid lárnach den aiste. Meabhraíonn comhfhreagras Mhuiris dúinn an tsuim a bhí aige i gcúrsaí léinn agus a ghrinnchumas anailíse.

Tá cairde agus lucht aitheantais Mhuiris buíoch d’eagarthóirí agus d’údair na n-aistí in Solas ar na dumhchannaí. Ní hamháin go dtaispeánann an cnuasach seo an meas a bhí ag daoine ar Mhuiris agus go dtugann sé léargas ar a phearsantacht agus ar a réimse spéise, ach tá lón intinne sna haistí do ghnáthléitheoirí na Gaeilge freisin. Chum Ailbhe Ní Ghearbhuigh dán corraitheach dar teideal ‘Cara Éagmaise’ mar chríoch leis an gcnuasach aistí. Is cinnte go bhfuil údair na n-aistí agus cairde Mhuiris ar fad ar aon intinn léi:

‘Bheadh agat féirín lá aonaigh ’gus margaidh/ ach do bheith ar ais linn i mbun allagair’.

Solas ar na dumhchannaí: Aistí i gCuimhne ar Mhuiris Ó Meara, in eagar ag AilbheGhearbhuigh agus Siún Ní Dhuinn, foilsithe ag LeabhairCOMHAR.

Ríona Nic Congáil

Eagarthóir, scríbhneoir agus údar í Ríona Nic Congáil.