'An Duilleog Aonair' agus 'Captaen Neamheaglach'

Bríd Ní Mhóráin
'An Duilleog Aonair' agus 'Captaen Neamheaglach'

markwickham.org

Dánta nua le Bríd Ní Mhóráin

An Duilleog Aonair

Tá sé in am:
adeir na úisís ina slaoda,
ar imeall an acra fhada,
ina gcnuasach craorac carntha.

Tá sé in am:
adeir an ghaoth,
ag sioscarnach go síodúil,
fé anáil an fhómhair.

Tá sé in am:
adeir na duilleoga feoite,
titid ina dtáinte reatha,
silid ina scuainí breaca.

Tá sé in am:
adeir na sléibhte,
a meallta ag dorchú,
léas ag lagú ina mámanna.

Tá sé in am:
adeirid as béal a chéile,
leis an nduilleog aonair,
breac is creathach ar ghéag.

Tá sé in am duit,
lig leat féin,
scaoil do ghreim,
imigh le haer an tsaoil.

Tá sé thar am
scarúint leis an gcraobh,
rinc leat go talamh,
déanfar díot áilleacht

is geobhair céad míle fáilte.

Captaen Neamheaglach

A Bhréanainn mharaí,
chughat a tugadh sinn ag lorg tearmainn,
id’ láthair bheannaithe mar a dtagann daoine ó thíortha na cruinne,
fós, go dtí do thobar, ar thóir deoch íce.

Ghabhais i dtír id’ naomhóg ag fánán aiceanta,
gar do mhóinteán, lán d’uisce portaigh is sáile,
áit nach bhfásann puinn ach duilleascar,
fiolagrán fíneálta an aeir íon, go rábach.

Bíonn cruas sclátaí na faille á thuargaint
gan aon stad ann, ag tuilte tréana na mara;
an faoileán láidir féin i gcontúirt a bhrúite
ag cuilithe na toinne ’ardaíonn, gan choinne.

A shárloingseoir, a thug aghaidh, go calma,
ar bhaol na bóchna, ar amhailteacha na haigne
stiúraigh is tabhair slán barc ár n-anama,
thar an fharraige cháite, go dtí d’Oileán Séin.

Seolfar an cnuasach I gCochall Mo Chroí (LeabhairCOMHAR) le Bríd Ní Mhóráin ag ócáid speisialta i gceannáras nua Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens ar a 7i.n., Déardaoin 16 Samhain.

Bríd Ní Mhóráin