An Scríbhneoir agus an Grianghrafadóir

An Scríbhneoir agus an Grianghrafadóir

Regina Uí Chollatáin

Agus an dara céim den togra Portráid na Scríbhneoirí Gaeilge le seoladh, cuireann an scríbhneoir Regina Uí Chollatáin agus an grianghrafadóir Lára Ní Mhaoláin síos ar an taithí a bhí acu beirt ag obair as lámha a chéile

REGINA UÍ CHOLLATÁIN: Braithim gur an-onóir é a bheith tofa dá leithéid de thogra a aithníonn luach na scríbhneoireachta agus na gcleachtaí pinn a bhíonn ag athrú de shíor. Tá sé tábhachtach go bhfuil rochtain ar scríbhneoireacht na Gaeilge agus go bhfuil na cleachtaí pinn á gcur in oiriúint do na huirlisí nua-theicneolaíochta. Bhain mé an-sult as an seisiún. Cé nach dtaitníonn grianghraif liom de ghnáth, shocraigh mé go mbeinn ar mo chompord in áit a bheith róchoinsiasach faoin cheamara. Chuidigh Lára go mór liom mar ba léir ón tús go raibh bua ar leith aici in aimsiú na suíomh ab fhearr.

LÁRA: Bhuail mé le Regina go neamhfhoirmiúil lá amháin in UCD chun aithne a chur ar a chéile agus an seisiún a phlé roimh ré, agus bhíodh muid i dteagmháil le chéile go minic ar an ríomhphost freisin. Bheartaigh muid go nglacfaí an phortráid in UCD, agus mar sin, chuaigh mé ann cúpla uair roimh an seisiún féin chun ionad cuí a aimsiú. Shiúil mé timpeall an champais agus tháinig mé ar ghairdín álainn a bhí ciúin agus grianmhar, agus cheap mé go mbeadh sé sin foirfe. Ghlac mé roinnt ghrianghraf sa ghairdín céanna roimh an seisiún le Regina chun an solas a thástáil agus mar sin. Nuair a bhuail muid le chéile lá na portráide, bhí tuairim an-mhaith agam roimh ré maidir le suíomh na portráide, agus ní raibh orm am a chur amú ar an lá ag iarraidh teacht ar áiteanna deasa.

Nuair a ghlacaim portráidí de dhaoine, is fearr liom an obair a dhéanamh amuigh faoin aer más féidir liom, agus solas nádúrtha a úsáid. Bhí an t-ádh orainn go raibh sé go breá tirim an lá sin! Maidir le gotha gnúise, bhí mé ag súil leis go mbeadh sé nádúrtha agus gealgháireach, agus d’éirigh liom neart samplaí a fháil ar an lá nuair a bhí Regina an-nádúrtha, í ag gáire agus muid ag caint le chéile tríd an seisiún go léir. Bhí sé an-éasca a bheith ag obair léi. Ní mór don ghrianghrafadóir gach iarracht a dhéanamh spiorad agus pearsantacht an duine a léiriú. Déanaim mo dhícheall béim a leagan ar shúile an duine, mar tugann na súile léiriú dúinn ar phearsantacht an duine. Bhí Regina an-chairdiúil agus réchúiseach ar an lá, agus tá súil agam gur éirigh liom na tréithe pearsanta sin a thabhairt slán sa phortráid.

An grianghrafadóir, Lára Ní Mhaoláin

REGINA: Bhí an comhrá a roinn muid thar chaife chomh tábhachtach le tógáil an ghrianghraif. Bhí muinín iomlán agam as Lára agus ní dóigh liom gur ghlac ceachtar againn leis mar thogra grianghrafadóireachta amháin. Thuig muid gur suaitheantais iad na grianghraif de mheon agus do dhaonnú na scríbhneoireachta, más féidir é a shamhlú i dtéarmaí mar sin? Ní hionann é agus grianghraf an duine ina ról sa phobal nó sa teaghlach, gnáthshuíomh an ghrianghraif dhaonna ar bhealach. Is ionann an grianghraf seo do phortráidí agus cuid de scéal na scríbhneoireachta ach é á insint gan focail. Is togra an-tábhachtach é seo ar a lán leibhéal.

Tá feidhm ar leith le próiseas agus cur chuige iomlán an togra a nascann íomhá an duine le gníomh na scríbhneoireachta. Tagann ceisteanna chun solais ansin faoi íomhá na scríbhneoireachta féin i saol nua-aoiseach ina bhfuil ábhar físe chun tosaigh. Sa tslí sin cruthaítear nasc idir íomhá na scríbhneoireachta féin agus íomhá an duine agus sa lá atá inniu ann níl an oiread béime ar an phróiseas agus a bhíodh in aimsir na lámhscríbhinní, cuir i gcás. Is gné shuntasach go leor í an nasc idir íomhá an scríbhneora féin agus cruthaitheacht nó samhlaíocht an duine i bhfóram na scríbhneoireachta. Tagann an cheist faoi úinéireacht na scríbhneoireachta chun cuimhne nuair a scaoileann an t-údar lena bhfuil scríofa aige agus an t-ábhar á sheoladh aige go pobal léitheoireachta níos leithne.

LÁRA: Sílim féin go bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leis an togra seo. Creidim san obair atá ar siúl ag Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, agus is iontach an rud é go mbeidh taifead ar fáil de scríbhneoirí Gaeilge atá beo agus gníomhach i láthair na huaire. Beidh tuiscint ag an bpobal go bhfuil an Ghaeilge beo agus in úsáid ag pobal mór scríbhneoirí, agus nach bhfuil aon rud seanfhaiseanta ag baint lenár dteanga. Anuas air sin, is maith an rud é aitheantas a thabhairt do na scríbhneoirí atá ag obair trí mheán na Gaeilge. Sa lá atá inniu ann, tá muid go léir an-tógtha le híomhánna agus grianghraif, go háirithe an dream óg. Tá sé i bhfad níos éasca inniu grianghraif a ghlacadh ná mar a bhíodh fadó, go háirithe toisc go bhfuil ceamaraí ar na gutháin phóca, agus tá an saol an-fhísiúil inniu. Mar sin, is dócha go bhfuil tábhacht níos mó ag baint le híomhá údair ná mar a bhíodh fadó.

REGINA: Cuireann togra mar seo an spotsolas ar ais ar an duine féin nó ar an scríobhaí féin más féidir an focal sin a úsáid i gcomhthéacs mar seo… Ag leibhéal an-bhunúsach cuidíonn sé le taifead na scríbhneoireachta agus le hobair na scríbhneoirí féin. Tá an stíl simplí agus is coincheap é a chuideoidh le scríbhneoirí, le léitheoirí agus leis an ghnáthphobal mar tá rochtain ag gach duine ar na híomhánna agus ar na sleachta scríbhneoireachta go héasca. Cuireann an grianghraf leis an choincheap nó an tuiscint gur leis an údar féin an scríbhneoireacht agus go bhfeidhmíonn an grianghraf mar dhroichead idir an t-údar agus an pobal léitheoireachta. Tá pearsanú áirithe á dhéanamh ar a bhfuil á scríobh sa chomhthéacs seo. Tagann an feachtas d’ainmneacha ar chairteacha i ré na hathbheochana chun cuimhne go mór mar cuireadh an-bhéim ar thábhacht ainm an duine mar ghné dá shaol a raibh féiniúlacht ar leith ag baint leis. Tá cosúlacht áirithe idir seo agus tábhacht an ghrianghraif sa lá atá inniu ann mar íomhá bheo an scríbhneora a mhair dh ó ghlúin go glúin agus a dhéanann cinnte de go mbeidh leanúnachas oidhreachtúil ann i gcónaí. Maireann an scríbhneoireacht i gcónaí agus cuireann togra mar seo leis an leanúnachas daonna atá mar chúlra na scríbhneoireachta chomh maith. Is rud nádúrtha é úsáid an ghrianghraif sa lá atá inniu ann d’insint an scéil: smaoinímis ar Snapchat agus a leithéid ina bhfuil íomhá an duine ar comhchéim le scríobh na bhfocal. Caomhnaíonn togra mar seo luach an fhocail chlóite mar aon le luach an duine sa scéal atá idir lámha — agus is scéal saoil é do chuid mhaith scríbhneoirí ar ú é a cheiliúradh.

LÁRA: Mar ghrianghrafadóir, sílim gur fhás mé de bharr Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Tugadh deis dom mo chuid scileanna grianghrafadóireachta a fheabhsú agus tuiscint níos iomláine a fháil ar an gcineál grianghrafadóireachta seo — ar phortráid a ghlacadh. Anuas air sin, thug sé deis dom bualadh le grianghrafadóirí eile an phainéil agus le beirt scríbhneoirí (go dtí seo!) a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht na Gaeilge — Regina Uí Chollatáin, a scríobhann go hacadúil, agus Orna Ní Choileáin, a scríobhann scéalta do dhaoine fásta agus do pháistí. Mar a luaigh mé cheana, creidim i bh fiúntas Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, agus táim an-sásta as an deis seo a bheith páirteach ann.

REGINA: Luaigh mé le Lára nach raibh mé ag iarraidh gléasadh suas don lá mar ba phortráid scríbhneora é nach ionann é agus portráid phearsanta díom féin. Cé go bhfuil féiniúlacht phearsanta ann braitheann an íomhá ar aimsiú an scríbhneora féin. Mhothaigh mé gurbh éigean dom scaoileadh le cuid díom féin ar an lá ionas go dtiocfadh an scríbhneoir amach san íomhá a bhí á cruthú ag Lára — rud a thuig sise níos fearr ná mise! Sílim gur éirigh léi, agus táim an-sásta leis an bportráid — más féidir a bheith sásta le grianghraf díot féin riamh! Ach ba mhór agam luach na portráide ag leibhéal eile ar fad mar tuigim an tábhacht a bhaineann leis seo i gcomhthéacs níos leithne agus i gcruthú na scríbhneoireachta féin. Ar an ábhar sin is mór an t-ábhar sásaimh é domsa go bhfuil ‘mé’ ann!

Seolfar an dara céim de thogra Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge i gCeannáras nua Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens ar an 16 Samhain